Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur gá leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht chraolacháin chun a chinntiú go gcuireann RTÉ maoiniú cuí ar fáil do chláir Ghaeilge.
Agus Airí na Gaeltachta i láthair ag cruinniú de Roghchoiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt an Teachta Ó Cuív gur theastaigh dualgas reachtúil níos láidre a chur ar RTÉ maidir le líon na gclár teilifíse agus raidió a chraoltar i nGaeilge.
Faoi láthair, tá dualgas faoin Acht Craolacháin ar an gcraoltóir náisiúnta “réimse cuimsitheach clár” a chur ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ach tá Ó Cuív ag iarraidh go neartófaí sin.
Dúirt Ó Cuív go raibh sé ag iarraidh ar an Aire Catherine Martin leasú a dhéanamh ar an Acht chun go mbeadh an Rialtas in ann dualgas a chur ar RTÉ sciar ar leith den mhaoiniú poiblí a fhaigheann siad a chaitheamh ar ábhar Gaeilge.
Thagair an Teachta Ó Cuív ina chuid cainte den imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga in 2018 a léirigh go raibh an dlí craolacháin á shárú ag RTÉ maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge. Bhí 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin ag an am.
Tá RTÉ tar éis cur le líon na gcláracha Gaeilge ó shin agus gheall Ard-Stiúrthóir RTÉ le gairid go gcoinneoidh sé ag cur leis, in ainneoin na gciorruithe atá beartaithe don chraoltóir.
Rinne an Teachta Ó Cuív a mholadh agus plé á dhéanamh ar an maoiniú a bhí le cur ar fáil ag an Rialtas do RTÉ agus do TG4 an bhliain seo chugainn.
Thug an tAire Catherine Martin briseadh síos ar céard air a gcaithfí an €4 milliún breise atá le cur ar fáil do TG4 faoi Bhuiséad 2024 ach ní raibh sí in ann na sonraí céanna a thabhairt maidir le maoiniú breise €16 milliún a ceadaíodh do RTÉ. Dúirt an tAire go raibh an t-airgead do RTÉ ceadaithe mar thoradh ar na moltaí a rinneadh i dtuarascáil de chuid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán anuraidh agus gur theastaigh an t-airgead breise chun go mbeadh RTÉ in ann “leanúint ar aghaidh mar ghnó”.
Dúirt an Teachta Ó Cuív go raibh “mearbhall” air go bhféadfaí “mionbhriseadh síos” a thabhairt ar an gcaiteachas a bhí beartaithe ag TG4 ach nach bhféadfaí an t-eolas céanna a thabhairt i dtaobh RTÉ.
“Shílfeá gur rún diamhair a bhí ann agus nach bhféadfaí aon rud a mhíniú dom faoi céard air atá airgead an phobail á chaitheamh,” a dúirt Ó Cuív. “Ceapaim féin go bhfuil freagracht ar an Rialtas a bheith in ann a rá linne céard air a chaitear airgead an phobail.”
Dúirt Ó Cuív go raibh dualgas reachtúil ar RTÉ maidir le craolachán trí Ghaeilge agus go raibh sé freagrach chomh maith as “ceann de na hinstitiúidí is tábhachtaí ó thaobh saol na Gaeilge agus na Gaeltachta de,” sin é Raidió na Gaeltachta.