Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
meabh-ni-thuathalain-o-tuairisc-i-measc-na-mbuaiteoiri-agus-gradaim-chumarsaide-an-oireachtais-bronnta

Méabh Ní Thuathaláin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais bronnta

| Tuairisc.ie | ,

Bhí údar ceiliúrtha ann do Tuairisc ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i gCill Airne anocht agus gradam tugtha léi ag Méabh Ní Thuathaláin. 

Roghnaíodh Ní Thuathaláin mar ‘Iriseoir na Bliana’ ag an ócáid bhronnta agus aitheantas tugtha don obair atá déanta aici le Tuairisc agus leis an gclár cúrsaí reatha 7Lá le bliain anuas. 

Ceithre cinn déag de ghradaim a bronnadh ag an searmanas a bhí ar siúl in Ionad an INEC. 

Cuireadh tús leis an oíche le píosa ómóis do Rónán Mac Aodha Bhuí, an sárchraltóir a bhásaigh le déanaí, agus tugadh chun cuimhne go minic é le linn na hócáide. ‘Dorn san aer!’, rosc catha Rónáin, an rud is mó a chualathas ón stáitse anocht, mar chomhartha ómóis don laoch ar lár. 

Bronnadh gradam speisialta ar an gclár Blas ar BBC Gaeilge atá 25 bliain ar an bhfód i mbliana agus is ar an iriseoir agus craoltóir as Béal Feirste, Eoghan Ó Néill, a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais. 

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais bronnta ar Eoghan Ó Néill

Thug Neansaí Ní Choisdealbha, a bhíonn le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, léi an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus bhí an lá le Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir na sraithe Beidh mé ar ais ar TG4, i rannóg na gcraoltóirí teilifíse. 

An tráchtaire spóirt aitheanta Brian Tyers a bhuaigh an gradam do ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’. 

An scannán Róise & Frank, a léirigh Macalla Teo, a bhuaigh an gradam do ‘Scannán na Bliana’ agus ba ar an gclár Séamus Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach, a léirigh Macha Media, a bronnadh an gradam do ‘Chlár Teilifíse na Bliana’. 

Lucht an chláir An Cúinne Dána ar Raidió na Gaeltachta, a bhíonn á chur i láthair ag Tristan Rosenstock, a thug an chreach leo as rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’. 

Bláth na hÓige, sraith a léirigh Aniar TV do TG4, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’. 

Bhuaigh Filí Chonamara, a chraoltar ar Raidió Pobail Chonamara, an duais sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail’. 

Is ag Splanc le Cuán Ó Flatharta ar Newstalk a bhí an bua sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála’. 

Ar Cholm Mac Giolla Easpuic, aisteoir ar Ros na Rún agus craoltóir le Raidió na Gaeltachta, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó. 

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023. 

Colúnaí na Bliana 

Aedín Ní Thiarnaigh – NÓS  

Clár Teilifíse na Bliana  

Séamus Mac Murchaidh: Díolta faoina Luach – Macha Media 

Scannán na Bliana 

Róise & Frank – Macalla Teo 

Sraith Raidió na Bliana

An Cúinne Dána – RTÉ Raidió na Gaeltachta 

Iriseoir na Bliana 

Méabh Ní Thuathaláin – Tuairisc & 7Lá ar TG4 

Pearsa Raidió na Bliana

Neansaí Ní Choisdealbha – RTÉ Raidió na Gaeltachta 

Pearsa Teilifíse na Bliana 

Sinéad Ní Uallacháin – Beidh mé ar ais 

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Pobail  

Filí Chonamara – Raidió Pobail Chonamara 

Clár Gaeilge na Bliana Ar Raidió Tráchtála  

Splanc le Cuán Ó Flatharta – Newstalk 

Sraith Teilifíse na Bliana 

Bláth na hÓige – Aniar TV 

Gradam Speisialta 

Blas – BBC Gaeilge 

Craoltóir Solabhartha na Bliana 

Brian Tyers – TG4

Réalta Óg na Bliana  

Colm Mac Giolla Easbuic – Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta  

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 

Eoghan Ó Néill

Níos mó