Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-milte-palaistineach-eile-teite-o-thuaisceart-gaza

Na mílte Palaistíneach eile teite ó thuaisceart Gaza

| tuairisc | ,

Theith na mílte Palaistíneach eile ó thuaisceart Gaza nuair a d’oscail údaráis mhíleata Iosrael bealach teite go dtí deisceart an stráice don chúigiú lá as a chéile.

Dúirt údaráis Iosrael gur theith 50,000 Palaistíneach ó dheas agus go raibh “smacht caillte” ag Hamas ar an tuaisceart.

Dúirt Antonio Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, go léiríonn líon na marbh in Gaza go bhfuil rud éigin “an-mhícheart” faoi chur chuige míleata Iosrael.

 Bhí an bealach teite oscailte ar feadh cúig uair an chloig inné.

Tá ráite ag Iosrael le muintir thuaisceart Gaza aslonnú ó dheas ar mhaithe lena “sábháilteacht”.

Ach mhaígh na húdaráis in Gaza inné gur maraíodh breis is 100 duine eile in ionsaithe aeir ar dheisceart an stráice le lá anuas.

Tá “sosanna daonnúla” sa chogadh in Gaza á lorg ag tíortha an ghrúpa G7.

Ní hionann sos daonnúil agus an sos cogaidh atá á éileamh ag na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí agus tíortha eile ar fud an domhain.

Deir airí gnóthaí eachtracha an G7 go dtabharfadh sosanna sa troid deis d’áisíneachtaí níos mó cúnaimh a thabhairt isteach go dtí Gaza, agus go dtabharfadh a leithéid cosaint níos fearr do mhuintir Gaza. Thabharfadh sé deis chomh maith, a dúradh, do lucht idirbheartaíochta teacht ar réiteach maidir le saoradh na ngialla atá á gcoimeád in Gaza.

Dúirt Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, arís inné nach mbeadh aon sos cogaidh ann nó go scaoilfí saor na gialla. D’fhógair sé arís eile ar mhuintir Gaza bogadh ó dheas, mar nach raibh aon chuimhneamh ag Iosrael “stopadh”.

Dúirt Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) go dtabharfadh na sosanna troda deis le cuidiú fóirithinte a thabhairt isteach sna críocha atá faoi léigear.

Dúirt sé freisin go raibh sé tábhachtach nach ligfí don chogadh seo scaipeadh agus é a bheith ina achrann sa réigiún ar fad.

“Ní féidir ligean dó tarlú gur in olcas a chuirfeadh an Iaráin, Hezbollah agus grúpaí eile an choimhlint seo,” a dúirt Stoltenberg.

Dúirt Státrúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá Antony J. Blinken go gcaithfeadh gurbh iad Údarás na Palaistíne a bheadh i gceannas ar Gaza amach anseo. Bhí Blinken ag tagairt do chaint a rinne Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu faoi cad a tharlódh i ndiaidh an chogaidh.

Dúirt Netanyahu go nglacfadh Iosrael freagracht air féin as cúrsaí slándála in Gaza i ndiaidh an chogaidh.

Deir rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil siad i gcoinne “ath-fhorghabháil” Gaza.

Ach dúirt Michael Lynk iar-rapporteur chun na Palaistíne de chuid na Náisiún Aontaithe go raibh Gaza gafa i gcónaí ag Iosrael.

“An tástáil de réir an dlí idirnáisiúnta ná…an bhfuil ‘smacht le fírinne’ ag an lucht míleata ar an tír nó ar na críocha?” a dúirt Michael Lynk le Al Jazeera.

“Tá sé mar a d’fhágfadh na gardaí an príosún, ach go dtabharfadh siad na heochracha go léir leo. Tá smacht acu i gcónaí ar an méad bia a théann isteach sa phríosún gach lá, ar an méid leictreachais a théann isteach sa phríosún gach lá.

“Bíonn cead ag na daoine sa phríosún a bheith ag dul thart de réir mar is mian leo laistigh de bhallaí an phríosúin ach ní bhíonn sé de chead acu an áit a fhágáil – is ionann sin agus ‘smacht le fírinne’ a bheith agat ar an bpríosún.”

Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh beagnach 11,000 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas, os cionn 4,300 páiste ina measc.

Tá Gaza á bhuamáil gan stad ag Iosrael ó ionsaí thar teorainn Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar maraíodh 1,400 duine agus inar fuadaíodh os cionn 200 duine atá á gcoimeád ina ngialla in Gaza.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil 160 páiste á marú gach lá in Gaza.

Níos mó