Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
coimisineir-nua-le-ceapadh-ag-uachtaran-na-heireann-ag-trath-‘an-tabhachtach’-do-chearta-teanga

Coimisinéir nua le ceapadh ag Uachtarán na hÉireann ag tráth ‘an-tábhachtach’ do chearta teanga

| tuairisc | ,

Ceapfaidh Micheál D Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann, ina choimisinéir teanga tráthnóna Séamas Ó Concheanainn, as an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Beidh Séamas Ó Concheanainn ar an tríú Coimisinéir Teanga a bhí ag an Stát agus é á cheapadh ag tréimhse thábhachtach do chearta teanga, tréimhse ina mbeidh plean nua náisiúnta do sheirbhísí i nGaeilge á thabhairt isteach.

Chomh maith leis sin beidh sé ag tabhairt faoi ról a fágadh gan líonadh le breis is deich mí.

Ag labhairt dó le Tuairisc roimh a cheapachán tráthnóna, dúirt Séamas Ó Concheanainn go raibh cearta teanga phobal na Gaeilge “fite fuaite” le “bisiúlacht” na teanga agus lena hinmharthanacht mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Is é an rud is tábhachtaí sa tréimhse amach romhainn, a dúirt sé, ná a chinntiú go mbeadh na “croísheirbhísí” a mbíonn an pobal ag brath orthu gach lá ar fáil ar an gcaighdeán céanna i nGaeilge is atá siad le fáil i mBéarla.

Beidh cumhachtaí breise ag an gcoimisinéir teanga nua faoin reachtaíocht teanga is déanaí a tugadh isteach. Beidh an chumhacht aige, mar shampla, monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile a bhfuil baint acu le cúrsaí Gaeilge.

Roimhe seo, mar shampla, chaithfeadh an coimisinéir teanga gearán a fháil ón bpobal faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Craolacháin nó an tAcht Oideachais sula bhféadfadh sé an scéal a fhiosrú.

Tá an Coimisinéir nua ag tosú amach chomh maith tráth a bhfuil plean náisiúnta earcaíochta á ullmhú chun príomhsprioc uaillmhianach an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

De réir na reachtaíochta tá go dtí lár na bliana seo chugainn – an 19 Meitheamh 2024 – ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú. Beidh sé mar dhualgas ar an gcoimisinéir teanga nua tráchtaireacht a dhéanamh ar an bplean sin.

Beidh a bhfuil i ndán do chearta teanga faoin gcoimisinéir nua ag brath go mór chomh maith ar an gcóras nua atá geallta le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát.

Tá córas bunaithe ar chaighdeáin le tabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí imithe chomh mór sin in aimhréidh sa deireadh gur éirigh an Coimisinéir Teanga deireanach, Rónán Ó Domhnaill, as a bheith ag déanamh monatóireachta air.

Faoi chóras nua na gcaighdeán leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Níl aon sampla de na caighdeáin a bheidh i gceist foilsithe fós.

Is ag obair mar Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga atá Séamus Ó Concheanainn ó fhómhar 2020 agus chaith sé blianta fada roimhe sin i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna. Is é a bhí i gceannas freisin ar an tionscadal taighde náisiúnta Fios Físe do TG4 agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá obair déanta aige le comhlachtaí forbartha pobail (Comharchumann Shailearna Teo.), tograí teanga (Coiste Pleanála Teanga Chonamara Láir) agus tograí turasóireachta (Cósta Gaelach Chonamara) in imeacht na mblianta.

Moladh Ó Concheanainn do ról an Choimisinéara i ndiaidh don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas a rith.

D’fhógair an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag tús na bliana go raibh sé ag éirí as an bpost chun tabhairt faoi ról nua mar Choimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán. Is é Ó Concheanainn an tríú duine i ról an Choimisinéara.

Ba é Seán Ó Cuirreáin an chéad Choimisinéir Teanga, agus ceapadh eisean in 2004.

D’éirigh Seán Ó Cuirreáin as post an choimisinéara in 2014 mar agóid in aghaidh fhaillí an stáit i leith na Gaeilge.

Níos mó