Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Folúntas nua le fógairt a chairde, sonraí thíos. Agus fógraí ceangailte má chabhraíonn siad.

Dorn San Aer: Comóradh agus ceiliúradh ar an Ghael agus craoltóir aitheanta, Rónán Mac Aodha Bhuí

| Dáithí Anraí |

Cuireadh imeacht speisialta ar siúl ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste chun ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar chara mhór de chuid na nGael agus craoltóir aitheanta ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí, a fuair bás i mí Mheán an Fhómhair 2023.

Bheartaigh foireann Chonradh na Gaeilge múrphictiúr a shocrú le cuimhne agus oidhreacht Rónáin a choinneáil beo ar bhealach cumhachtach, i gceantar ina raibh tionchar ollmhór aige ar mhuintir na háite. Agus iad ag bailiú airgid chun an mhúrphictiúr a mhaoiniú, tháinig pobal na Gaeilge ó timpeall na tíre chun tosaigh le híoc as an togra as a bpócaí féin, rud a léiríonn an grá agus an meas a bhí ag daoine ar an fhear speisialta.

Seoladh an múrphictiúir galánta díreach taobh amuigh den ionad, agus “Dorn San Aer do na Gaeil” scríofa air. Ag tús an imeachta, bhailigh scaifte taobh amuigh le héisteacht le ceol ó chuid de sheanchairde Rónáin: Caoimhín Mac Giolla Catháin ón bhanna ceoil ‘Bréag’, Seán Mac Corraidh, Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail agus Gráinne Holland. Is é an dlúthchara de chuid Rónáin, Seán ‘John Boy’ Ó Muireagáin,  a bhí mar fhear an tí. Labhair iníon Rónáin, Fionnuala, ag seoladh an mhúrphictiúir chomh maith.

Is é a dúirt Seán ar an lá:

“Thógfadh sé do chroí go díreach le bheith anseo agus le feiceáil an scaifte seo uilig anseo mar gheall ar an ghrá atá acu, agus atá agaibhse, do Rónán Mac Aodha Bhuí, agus an grá a bheas againn dó go deo.”

Bhí craoladh beo speisialta ann de ‘Bladhaire’, clár Áine Ní Bhreisleáin ar RTÉ RnaG, sa Chultúrlann ina dhiaidh sin. Tugadh an deis do neart cairde le Rónán ón Sé Chontae labhairt le hÁine agus í ag craoladh beo óna 3 dtí 5i.n., chomh maith le bannaí ceoil a bhí fud fad na tíre leis. Thug Rónán ardán daofa agus bhí an grá agus an meas a bhí ag na daoine seo uilig air le mothú ar an lá.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le hÁine Ní Bhreisleáin, le Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh, agus le Caoimhín Mac Giolla Catháin ón bhanna ceoil ‘Bréag’.

Dorn san aer agus croí mór isteach do laoch ár linne, Rónán Mac Aodha Bhuí (1970 – 2023), fear a d’fhág oidhreacht agus tionchar cumhachtach orainn go léir. Ní dhéanfaidh muid dearmad air choíche.

Níos mó