Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
caithfidh-an-rialtas-a-bheith-‘ionraic’-leis-an-bpobal-faoi-thoghchan-udaras-na-gaeltachta

Caithfidh an Rialtas a bheith ‘ionraic’ leis an bpobal faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta

| tuairisc | ,

Deir cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge gur gá don Rialtas ‘soiléiriú cruinn ceart’ a thabhairt faoina bhfuil i ndán don ghealltanas go dtabharfaí ar ais toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta

Caithfidh an Rialtas a bheith ‘ionraic’ leis an bpobal faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta

Deir Cathaoirleach an choiste Oireachtais a rinne scrúdú ar an mbille a tugadh isteach chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais gur cheart a insint do phobal na Gaeltachta mura bhfuil sé i gceist dul ar aghaidh leis an bplean.

“Tá sé in am do shoiléiriú cruinn ceart ón Rialtas agus go mbeadh siad ionraic le pobal na Gaeltachta agus leo siúd a bheadh mar iarrthóirí i dtoghchán má tá seans ann nach mbeidh na toghcháin ann,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge.

Níl an bille chun toghchán bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i measc an 24 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana agus deir Aire Stáit na Gaeltachta gur cinneadh do thriúr ceannairí an Rialtais a bheadh ann cé acu an mbeidh an toghchán ar siúl mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe.

Bhí sé féin ag súil go mbeadh an toghchán ar siúl “a luaithe” agus ab fhéidir sa samhradh ach ní fhéadfadh sé dáta a thabhairt, a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan.

Dúirt sé chomh maith go raibh fadhbanna leis an mbille a bhain le cothromaíocht tíreolaíochta agus inscne, “fadhbanna nach raibh aon réiteach” go fóill orthu.

Ba ghá an dréachtreachtaíocht nua a leasú agus cinn nua a ullmhú chun na ceisteanna sin a réiteach. Bheadh cinn nua an bhille ar fáil an mhí seo chugainn, ar sé.

Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur ar mhaithe le moill a chur leis an bpróiseas a bhí an chaint a rinne an tAire Stáit ar an gclár 7Lá ar TG4.

“Lorg sé comhairle ón gCoiste, thug muid an chomhairle sin dó breis is leathbhliain ó shin le 21 moladh ag déileáil leis na ceisteanna go léir a bhí aige. Níl aon ghá tosú ón tús arís mar a bhí á mholadh aige aréir.”

Is ar liosta na mbillí a bhfuil tosaíocht á tabhairt dá ndréachtú an t-earrach seo atá bille an Údaráis.

Murab ionann agus formhór mór na mbillí ar an liosta áirithe sin, tá réamhscrúdú reachtaíochta déanta cheana féin ar bhille an Údaráis. Chríochnaigh Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an obair sin mí Iúil seo caite.

Tá amhras ann faoina bhfuil i ndán do thoghchán an Údaráis ó fágadh ar lár bille leasaithe Údarás na Gaeltachta ar liosta na bpíosaí reachtaíochta a raibh tús áite á thabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú an fómhar seo caite.

Tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar dhuine acu siúd a bhfuil amhras orthu nach dtabharfar ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta an Meitheamh seo chugainn mar atá geallta.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc cheana nach bhfuil “croí” Fhine Gael sa chinneadh go reáchtálfaí arís na toghcháin ar cuireadh deireadh leo in 2012.

Mí Iúil seo caite a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go mbeadh toghchán do bhord an Údaráis á reáchtáil i mí an Mheithimh.

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin ina dhiaidh sin go raibh reáchtáil an toghcháin ag brath ar “an reachtaíocht chuí a bheith achtaithe”.

Cuireadh deireadh le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Bord 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Níos mó