Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cuntas-o-cheanada:-bionn-siulach-scealach

Cuntas ó Cheanada: bíonn siúlach scéalach

| aodhan o baoill | ,

“Bíonn siúlach scéalach,” a deirtear.

Sin é an mana a thug muid linn nuair a chinn muid teacht go Ceanada i dtús báire.

Tá athrú mór tagtha ar an domhan ó bhí glúin ár dtuismitheoirí ann. Nuair a bhí siad óg, gheobhadh siad post agus bheadh an post céanna acu ar feadh na mblianta. Phósfadh siad agus bheadh páistí acu ar aois i bhfad ní b’óige ná mar atá coitianta sa lá atá inniu ann.

B’amhlaidh an scéal le m’athair agus mo mháthair féin, chomh maith le tuismitheoirí Bhríde. D’oibrigh siad go crua agus thóg siad teach, clann agus beatha daofa féin.

Is mar gheall ar a gcuid oibre, is dócha, go bhfuil muidne ábalta a bheith ag taisteal agus ag spaisteoireacht ar fud an domhain. Is muidne toradh a saothair, go pointe. Ní hé sin le rá nach n-oibríonn muid go crua chomh maith ach tá mé cinnte go bhfuil deiseanna againn nach mbeadh againn gan iad.

Bhain muid an-sult as ár dtréimhse in Calgary go dtí seo. Tá muid mar pháirt de phobal beag na nGael anseo ach bhuail muid le daoine ó achan chearn den domhan fosta. Bhí sé riamh mar bhrionglóid agam, mar atá luaite agam cheana, ‘séasúr sciála’ a dhéanamh.

Rud éigin a fuair muid amach gan dabht, ná an aire a thugann Éireannaigh dá chéile thar lear. Déanann siad a ndícheall dá chéile agus ní fhágtar ar an leataobh thú in am ar bith. Anseo mar shampla, tá Jimmy i ndiaidh an oiread sin a dhéanamh dúinn. Chomh maith le seomra a thabhairt dúinn ina theach, thug sé ag sciáil muid, cuireadh in aithne muid do dhaoine nua, agus go leor eile. Bhí Taoisigh Calgary mar an gcéanna. Ón chéad lá a leaindeáil muid, chuir siad fáilte mhór romhainn idir thraenáil, chóitseáil agus oícheanta amuigh.

Tá deireadh ag teacht lenár dtréimhse anseo sa chathair. Chinn muid le déanaí go rachadh muid ar aghaidh go hOileán Vancouver don tsamhradh sula bpillean muid ar Éirinn ag tús mhí Lúnasa. Tá muid le himeacht ag deireadh mhí an Mhárta nuair a thiocfas mo mháthair is mo dheartháir amach. Gheobhaidh muid RV ar cíos agus déanfaidh muid turas bóthair go Vancouver (beidh go leor scéalta agam daoibh ón turas chéanna déarfainn!).

Is ar bhaile beag darb ainm Telegraph Cove atá ár dtriall. Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na háiteacha is fearr ar domhan le míol mór a fheiceáil agus níl cónaí ach ar timpeall 30 daoine ansin i rith na bliana.

Is doiligh an áit í a bhaint amach, suite ar oirthuaisceart an oileáin, ach tá cuma ghalánta uirthi. Is camas beag bídeach é leis an Aigéan Chiúin ar leac an dorais agus deiseanna le dul ag cadhcáil, ag snámh agus ag spaisteoireacht. Na cinéalacha rudaí a mbaineann muid sult astu.

Eachtra amach is amach a bheas ann, gan dabht!

Bhí mé ag caint le duine sa bhaile le déanaí agus bhí mé a rá leis go raibh cumha i ndiaidh mo bhaile orm, ach ag inse dó go raibh muid ag dul a chaitheamh an tsamhraidh san áit iontach seo. Dúirt sé liom, ag gáire leis, go mbeinn ar nós na ndaoine a bhíonn “ag caoineadh ar an bhus chun na Gaeltachta agus ansin ag caoineadh ar an bhus abhaile.”

Is dócha go bhfuil an ceart aige! Cé go bhfuil go leor ama fágtha againn anseo go fóill, níl aon agó go gcronóidh muid Calgary agus an pobal seo, agus go bhfuil cuimhní agus cairdeas déanta againn a mhairfidh go deo.

(I.S. Ní mór dom cúpla focal a scríobh in ómós do mo mháthair mhór, Margaret, a fuair bás le déanaí sa bhaile. Bean uasal bhrodúil chineálta a bhí inti. Bhí sí dhá bhliain is nócha d’aois, agus cé go raibh cibé Gaeilge a bhí aici caillte nuair a thosaigh mise ag foghlaim, is cuimhin liom go maith nuair a thaispeáin sí dom pictiúr di ag caitheamh a Fáinne Óir go bródúil. Bhíodh teach aici agus ag m’athair mór i Rann na Feirste nuair a bhí mé ag fás aníos, os comhair Tí Nora Frainc Chonaill. Ba ghnách linn na samhraí a chaitheamh ann, agus is beag a shíl mé nuair a bhí mé beag bídeach go mbeinn ar ais ag stopadh díreach os comhair an tí chéanna, i dteach Nora agus mé i mo dhéagóir agus i mo scoláire ag Coláiste Bhríde. Ba Ghael go smior í, duine a raibh creideamh agus Gaelachas láidir ina croí aici. Go raibh leaba i measc na Naomh aici, agus go raibh síocháin agus sólás aici anois le m’athair mór, Paddy.)

The post Cuntas ó Cheanada: bíonn siúlach scéalach appeared first on NÓS.

Níos mó