Níl Rialtas na Breataine sásta a rá cén uair a chuirfear ar ceal dlí a achtaíodh beagnach 300 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt.
Tá foráil sa reachtaíocht teanga agus cultúir don Tuaisceart a chuirfeadh ar ceal an t-acht a chuireann cosc ar an nGaeilge sna cúirteanna, Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737,
Tá breis is bliain caite ó chuaigh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) faoi lámh an Rí Séarlas III ach níl tús curtha le feidhm a thabhairt do na forálacha atá ann go fóill.
Agus é ag tacú le héileamh de chuid Chonradh na Gaeilge, chuir Stephen Farry, Feisire Parlaiminte de chuid an Pháirtí Alliance, ceist in Westminster ar Steve Baker, aire stáit in Oifig Thuaisceart Éireann, cén uair a chuirfí ar ceal an t-acht ó 1737.
Dúirt Baker go raibh na chéad chéimeanna eile maidir le feidhm a thabhairt don reachtaíocht “á meas go cúramach” ag an rialtas agus go dtabharfaí eolas breise don pharlaimint “in am trátha”.
Ritheadh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) in Westminster mar gur theip ar thionól Stormont an beart a dhéanamh.
Faoin acht, beidh beirt Choimisinéirí ann, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig cultúir agus féiniúlachta.
Tá cead ag Oifig Thuaisceart Éireann, de réir reachtaíocht thánaisteach a tugadh isteach an samhradh seo caite, ‘Oifig Féiniúlachta agus Léiriú Cultúir’ a bhunú agus ‘Coimisinéir don Ghaeilge’ agus ‘Coimisinéir do thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach’ a cheapadh.
Tugann an reachtaíocht nua stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair.
Idir an dá linn, cuireadh ar ceal i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo cinneadh go ndéanfaí an dara suirbhé ar dhaoine a chónaíonn ar shráid i mBéal Feirste faoin chomharthaíocht dhátheangach.
Vótáil tromlach na gcomhairleoirí a bhí i láthair ar son glacadh le toradh an chéad suirbhé agus comhartha a mbeidh Gaeilge air a chur in airde.
An mhí seo caite vótáil deichniúr comhairleoirí, ón DUP, Alliance agus an Comhaontas Glas, ar son an dara suirbhé i bPáirc Knock Eden i gceantar Rosetta.
Bhí vóta eile ann faoin scéal an tseachtain seo, áfach, agus d’athraigh comhairleoirí Alliance agus an Chomhaontais Ghlais a n-intinn.
41 comhairleoir a vótáil ar son rún Shinn Féin agus 16 comhairleoir – ón DUP, UUP agus TUV – a vótáil ina choinne.
In 2022, thug Comhairle Chathair Bhéal Feirste polasaí nua isteach a raibh mar aidhm aige é a dhéanamh níos fusa do dhaoine comhartha a raibh Gaeilge air a chur in airde.
De réir an pholasaí sin, d’fhéadfadh duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid sin leis an moladh, glactar leis.
Sa suirbhé i bPáirc Knock Eden vótáil 55 duine (28.5%) ar son an dara comhartha a chrochadh – comhartha a bheadh i nGaeilge –agus bhí 46 duine (24%) i gcoinne a leithéid. Níor fhreagair 42% an suirbhé agus 6% a dúirt nach raibh aon tuairim acu faoin moladh, bealach amháin nó eile.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh “thar a bheith tábhachtach” na gcomhairleoirí cloí le toradh an tsuirbhé.
“Molann muid na páirtithe uilig a thacaigh leis an iarratas seo. Ní hamháin gur chomhlíon sé bunriachtanais an pholasaí, ach bhí tromlach na ndaoine a d’fhreagair ar a shon. Leagann seo síos nós tábhachtach ag dul chun tosaigh,” a dúradh i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge.