Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
run-na-hathbhliana-molta-don-aire-oideachais-–-an-liuntas-do-mhuinteoiri-i-scoileanna-lan-ghaeilge-a-thabhairt-ar-ais

Rún na hathbhliana molta don Aire Oideachais – an liúntas do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge a thabhairt ar ais

| Tuairisc.ie | ,

Deir an eagraíocht Gaeloideachas gur chóir ‘aitheantas oifigiúil’ a thabhairt do mhúinteoirí atá ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta as an ‘ualach breise’ oibre a bhíonn orthu

Rún na hathbhliana molta don Aire Oideachais – an liúntas do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge a thabhairt ar ais

Tá éileamh déanta ag eagraíocht oideachais ar an Aire Oideachais an liúntas a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge a thabhairt ar ais “mar rún na hathbhliana”.

Deir an eagraíocht Gaeloideachas gur chóir “aitheantas oifigiúil” a thabhairt do mhúinteoirí atá ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta as an “ualach breise” a bhíonn orthu. Deir an eagraíocht go gcabhródh an liúntas chomh maith le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta in earnáil an ghaeloideachais.

Deir Gaeloideachas gur chruthaigh an cinneadh deireadh a chur leis an liúntas “deighilt éagórach” idir múinteoirí a bhí i scoileanna roimh 2011 agus múinteoirí a thosaigh ag múineadh ina dhiaidh sin. Iadsan ag a bhfuil liúntas, a fuair é roimh 2011, cailleann siad é má bhogann siad go scoil eile, fiú más scoil lán-Ghaeilge atá inti.

Tugadh le fios ag deireadh na bliana seo caite nach raibh sé i gceist ag an Aire Oideachais an liúntas, ar cuireadh deireadh leis in 2011, a thabhairt ar ais mar gheall ar cheisteanna costais agus ceardchumainn.

Tá éileamh déanta cheana ag Cumann Múinteoirí Éireann go dtabharfaí ar ais na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge i bhfianaise an ghanntanais mhóir múinteoirí san earnáil sin.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, go raibh “géarghá” le gníomh ón Rialtas le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta san earnáil. Dúirt sí go mbeadh cur i bhfeidhm na bpolasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do scoileanna lán-Ghaeilge ag brath “ar mhúinteoirí atá oilte sa teanga” a bheith ar fáil.

Dúirt Micheál S. Mac Donnacha, Uachtarán Gaeloideachas, go mbíonn “ualach agus freagrachtaí breise” ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge agus gur chóir sin a aithint tríd an liúntas a thabhairt ar ais.

“Tá luach ag baint leis an obair bhreise atá á déanamh acu – ábhar comhaimseartha a chruthú trí Ghaeilge, comhfhreagras a scríobh go dátheangach, scileanna teanga a fhorbairt, agus uirlisí measúnaithe a chruthú trí Ghaeilge, mar shampla – agus ní mór don Rialtas aitheantas ceart a thabhairt don obair seo,” arsa Uachtarán Gaeloideachas.

€4.9 milliún a chosain na liúntais sin sa bhliain 2010 agus €3.8 milliún a bhí i gceist in 2018, laghdú €1.1 milliún.

€3,063 an liúntas a bhíodh á fháil sa bhreis ar a bpá ag gach múinteoir sa Ghaeltacht roimhe sin agus €1,583 breise a bhíodh ag múinteoirí i ngaelscoileanna. Bhíodh €1,842 mar liúntas ag múinteoirí ar na hoileáin.

De réir suirbhé nua a rinne an INTO, bíonn poist fhadtéarmacha gan líonadh i 50% de Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, i gcomparáid le 28% i scoileanna Béarla an stáit.

Níos mó