Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
sharaigh-clar-tg4-faoi-thragoid-an-chraoslaigh-an-reachtaiocht-chraolachain-–-coimisiun-na-mean

Sháraigh clár TG4 faoi thragóid an Chraoslaigh an reachtaíocht chraolacháin – Coimisiún na Meán

| tuairisc | , ,

Deir Coimisiún na Meán gur sháraigh clár de chuid TG4 faoi thragóid an Chraoslaigh an reachtaíocht chraolacháin toisc go raibh sé maslach nó go ndearna sé díobháil.

Chinn Coimisiún na Meán glacadh le cuid de ghearán faoin gclár conspóideach Iniúchadh TG4 – An Craoslach, clár a bhain le pléasc inar maraíodh deichniúr.

Chinn TG4 Iniúchadh TG4 – An Craoslach a chur amach ar an 8 Feabhra 2023 in ainneoin go ndearna gaolta daoine a maraíodh sa phléasc achainí ar an stáisiún gan an clár a chraoladh.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil an tráthnóna sin gur cheart do TG4 labhairt le muintir na marbh sula ndéanfaí cinneadh ar cheart an clár faisnéise nua a chraoladh.

Dúirt Coimisiún na Meán nár éirigh le lucht TG4 a chruthú go raibh siad cáiréiseach a ndóthain faoi chraoladh ábhair a d’fhéadfadh cur as do dhaoine, go háirithe mar nach raibh ach ceithre mhí caite ó tharla an tragóid agus nach raibh fiosrúchán an Gharda Síochána faoin eachtra críochnaithe.

Chinn Coimisiún na Meán nár thapaigh TG4 an deis aon chrá croí a bhainfeadh le craoladh an chláir a mhaolú trí theagmháil a dhéanamh le gaolta na marbh roimh ré.

Cinneadh gur sháraigh Iniúchadh TG4 – An Craoslach an cód caighdeán clár a leagann dualgas ar chraoltóirí gach a dhéanamh lena chinntiú nach gcuirtear ábhar díobhálach faoi bhráid an lucht an féachana.

Chinn rialálaí nua na meán go raibh bunús leis an gcinneadh clár a chraoladh faoi conas mar a chuaigh an phléasc i bhfeidhm ar mhuintir an Chraoslaigh.

Dhiúltaigh an Coimisiún chomh maith don chuid den ghearán inar maíodh go raibh sárú déanta ag an gclár ar an gcód caighdeán fad is a bhain sé le meas a léiriú ar phríobháideachas agus leas an phobail a chosaint.

Killian Flanagan a rinne an gearán faoin gclár thar ceann a dheirféar, Áine, ar maraíodh a páirtí Robert Garwe, agus a hiníon cúig bliana d’aois, Shauna,  sa phléasc sa stáisiún Applegreen sa bhaile beag i nDún na nGall ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Luaigh Flanagan go háirithe agallamh sa chlár ina ndúirt duine den lucht tarrthála gur chuala sé cailín beag ach nár éirigh léi teacht uirthi.

Dúirt Killian Flanagan gur tuigeadh dá dheirfiúr, Áine, go mb’fhéidir gur a hiníon Shauna a bhí i gceist agus gurb amhlaidh go raibh an tuiscint chéanna ag daoine eile a d’fhéach ar an gclár.

Sular craoladh an clár anuraidh, dúirt Killian Flanagan, ar an gclár Liveline ar RTÉ Raidió a hAon, go raibh iarrtha aige ar TG4 agus ar na Gardaí nach gcraolfaí an clár fad as bhí an phléasc fós á fiosrú.

Dúirt Killian Flanagan nár cuireadh muintir na marbh ar an eolas faoin gclár agus nár chodail a dheirfiúr néal ó fuair sí amach faoi in alt nuachta ar líne an tseachtain roimhe sin.

Dúirt sé go mbeadh an iomarca “tráma” ag baint le craoladh an chláir trí mhí tar éis na heachtra. Chaithfí níos mó tuisceana agus bá a léiriú do mhuintir na ndaoine a maraíodh, a dúirt sé.

Dúirt TG4 go ndearna siad machnamh domhain faoin scéal sular cinneadh an clár a chraoladh.

Dúirt an craoltóir gurb é a bhí sa chlár ná iarracht léargas a thabhairt ar an tslí ar tháinig muintir an bhaile bhig i nDún na nGall le chéile díreach i ndiaidh na pléisce ag garáiste Mhic Laifeartaigh chun a gcomharsana a tharrtháil.

Dúirt TG4 nach raibh aon rud sa chlár thabharfadh le fios gur tagairt do Shauna Flanagan a bhí san agallamh a luaigh a huncail ina ghearán.

Dúirt Coimisiún na Meán gur tháinig an cailín a raibh tagairt di san agallamh slán ón bpléasc agus nach raibh sé soiléir cén fáth nár dúradh an méid sin sa chlár féin, rud a sheachnódh aon mhíthuiscint faoi cé a bhí ann.

Mhaígh TG4 gur ar leas an phobail a bhí Iniúchadh TG4 – An Craoslach, agus nach raibh aon eolas faoin bpléasc féin sa chlár seachas a raibh i bpreasráitis an Gharda Síochána ag an am.

Dúirt TG4 go raibh eolas míchruinn nárbh aon chabhair é ar mheáin áirithe roimh chraoladh an chláir agus nár lorg na meáin sin cóip den chlár roimh ré chun léirmheas a dhéanamh air sula gcraolfaí é.

Mhaígh TG4 gurb é an tuairim a bheadh ag formhór na ndaoine a chonaic an clár iomlán ná go raibh cur chuige “íogair agus stuama” aige.

Níos mó