Tá feachtas bailiúcháin tosaithe ag grúpa d’fhostaithe in institiúidí an Aontais Eorpaigh chun airgead a thiomsú chun teacht i gcabhair orthu siúd atá buailte ag an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza.
Tá lucht eagraithe an fheachtais, atá ag obair i ranna Gaeilge an AE, ag iarraidh breis is €100,000 a bhailiú d’Achainí Phráinneach Ghluaiseacht na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg chun bia, dídean, uisce agus cúnamh leighis a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar.
Deir na húdaráis sláinte in Gaza, atá á rialú ag Hamas, go bhfuil ar a laghad 29,000 duine maraithe sa stráice ó cuireadh tús le hionsaithe díoltais Iosrael. Maraíodh thart ar 1,200 duine in ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar tógadh thart ar 240 duine eile ina ngialla.
Deir lucht eagraithe an fheachtais SOS GAZA nach féidir “a bheith dall ar an ngéarchéim dhaonnúil uafásach i nGaza”.
“Ó bhí mí Dheireadh Fómhair ann, maraíodh na deicheanna de mhílte daoine i nGaza, idir fhir, mhná agus pháistí beaga; fágadh beagnach 20,000 páiste ina ndílleachtaí; gortaíodh na scórtha mílte daoine; síobadh agus scriosadh na mílte foirgneamh; díbríodh beagnach 1.9 milliún duine as a n-áit chónaithe agus tá a mbeo i gcontúirt laethúil, ó bhuamáil, ó easpa bia, uisce agus dídine, agus ó ghalair atá ag leathadh go tréan mar gheall ar na dálaí ainniseacha maireachtála agus an easpa cúnaimh leighis,” a deirtear.
“Is uafásach an slad agus an sléacht é ar shibhialtaigh gan chosaint. Ach ní féidir linn géilleadh don éadóchas. Tá sé ag dul do mhuintir Ghaza go gcuideoimis leo cibé bealach is féidir linn.”
Tá tacaíocht airgid á lorg agus é iarrtha freisin ar dhaoine sos comhraic buan a éileamh.