Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
la-stairiuil-ar-chnoc-an-anfa-agus-michelle-o’neill-tofa-ina-cead-aire

Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire

| tuairisc | ,

Lá stairiúil a bhí sa lá inniu ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill, Leas-Cheannaire Shinn Féin, tofa ina Céad-Aire sa bhFeidhmeannas i dTuaisceart Éireann, an chéad náisiúnach riamh a bhí sa phost sin.

Ba í O’Neill a síleadh a bheadh ina Céad-Aire de bharr toradh an toghcháin Tionóil in 2022 a d’fhág Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tionól.

Níor tharla sin mar gur thit an tóin as socrú roinnt na cumhachta nuair a chinn an DUP baghcat a dhéanamh ar an bhFeidhmeannas mar agóid in aghaidh na socruithe trádála iarBheatimeachta, imeacht ar aontaigh an DUP leis.

Tá beagnach dhá bhliain den bhaghcat agus den fholús reachtaíochta sin ann ó shin.

Den chéad uair riamh, d’ainmnigh an DUP, an páirtí Aontachtach is mó, LeasChéad-Aire – Emma Little-Pengelly

Go moch maidin Dé Máirt seo caite a d’fhógair ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh deireadh á chur leis an tsáinn pholaitiúil agus go raibh glactha ag feidhmeannas a pháirtí, ar a bhfuil 130 comhalta, le margadh a chuirfeadh an Tionól ar a cosa arís.

Bhí an Chéad-Aireacht ag an DUP ó 2007 go dtí 2017 agus idir 2020 agus 2022.

D’ainneoin na teidil atá orthu, Céad-Aire agus LeasChéad-Aire, is ionann údarás an dá phost agus ní féidir le duine amháin díobh aon chinneadh a dhéanamh ar neamhchead don duine eile.

Faoi Chóras d’Hondt a roinntear na haireachtaí sa bhFeidhmeannas i Stormont, córas atá bunaithe ar an líon Comhaltaí den Tionól Reachtach atá ag na páirtithe.

Ceapadh Edwin Poots an DUP mar Cheann Comhairle ar an bhFeidhmeannas inniu.

Gordon Lyons an DUP a bheidh ina Aire Pobal, an aireacht ar a mbíonn cúram na Gaeilge.

Malairt córais a úsáidtear chun Aire Dlí agus Cirt nua a cheapadh, ceapachán ina mbíonn vóta trasphobail riachtanach dó. Ag ceannaire an pháirtí Alliance, Naomi Long, a bheidh an post sin arís. Beidh Robert Swann an UUP ina aire aláinte arís.

Ceapadh Conor Murphy, Sinn Féin, ina aire eacnamaíochta agus Caoimhe Archibald ón bpáirtí céanna a bheidh ina haire airgeadais.

Paul Givan ón DUP a ceapadh ina Aire Oideachais.

Andrew Muir ó Alliance a ceapadh ina aire talmhaíochta agus timpeallachta.

Ó reáchtáladh na toghcháin dheireanacha in 2022, ‘Céad-Aire do Chách’ a thugann a páirtí féin ar Michelle O’Neill agus bhí an cur síos céanna sa treis arís inniu.

Maíonn sí féin agus ceannaire a páirtí, Mary Lou McDonald, go raibh a ceapachán mar Chéad-Aire fíorshuntasach ó thaobh na polaitíochta de agus é á áitiú ag Sinn Féin go bhfuil Éire Aontaithe ar ‘leic na tairsí’ againn.

Tá an-dúshláin roimh O’Neill agus a foireann airí agus aghaidh le tabhairt acu ar an ngéarchéim i gcúrsaí buiséid agus seirbhísí poiblí atá ag titim as a chéile.

I Mainistir Fhear Maí i gcontae Chorcaí a rugadh Michelle Doris sa mbliain 1977 ach i gCluain Eo i gcontae Thír Eoghain a tógadh í i dteaghlach Poblachtach.

Chaith a hathair Brendan Doris seal i ngéibheann mar bhall den IRA agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Chomhairleoir de chuid Shinn Féin i nDún Geanainn.

In 2005 a chuir an Céad-Aire nua-cheaptha tús lena saol sa bpolaitíocht nuair a ghlac sí suíochán a hathar ar Chomhairle Buirge Dhún Geanainn agus ba ise an chéad bhean riamh a bhí ina méara ar an mbaile sin.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin a toghadh ar dtús í go dtí an Tionól i Stormont agus í i dteannta bheirt sheanfhondúirí an pháirtí, Martin McGuinness and Francie Molloy, agus iad ina n-ionadaithe ag Lár Uladh.

Nuair a ceapadh ina hAire Sláinte í in 2015 is ea is mó a tháinig sí i mbéal an phobail agus ise a chuir deireadh leis an gcosc a bhí ar fhir aeracha aon fhuil a dheonú lena mbeo.

Nuair a bhásaigh Martin McGuinness in 2017, ba í Michelle a ceapadh ina ceannaire ar Shinn Féin i Stormont agus an bhliain dár gcionn ceapadh í mar Leas-Uachtarán ar pháirtí Shinn Féin.

Sa mbliain 2020, Michelle O’Neill a toghadh mar LeasChéad-Aire ar Thionól Stormont.

B’iontach stairiúil an lá é in 2022 nuair a d’fhág toghchán na bliana sin gurbh é Sinn Féin faoina cúram an páirtí ba mhó i dTuaisceart Éireann, an chéad uair ar tharla sin sna sé chontae.

Níos mó