Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-aibrean-2024

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Aibreán 2024

| Ben O Faolain | ,

David Murphy – Cuimhne Ghlinn: Explorations in Irish Music for Pedal Steel Guitar (Rollercoaster)

Cuimhne Ghlinn: Explorations in Irish Music for Pedal Steel Guitar by David Murphy

Ní gléas é an giotár cruach troitheánach a shamhlaímid le ceol traidisiúnta na hÉireann de ghnáth, ach éist leis an leagan draíochtúil de ‘Aisling Gheal’ Sheáin Uí Riada a chuireann tús leis an albam début seo leis an gCorcaíoch David Murphy.

Níl rud ar bith nach maith liom faoin gceirnín seo.

Tugann ealaín chlúdaigh Craig Carry siar go tús na 80idí sinn, uair a bhí talamh úr á bhriseadh ag albaim mar Hidden Ground le Paddy Glackin agus Jolyan Jackson.

Níl Cuimhne Ghlinn chomh ceannródaíoch céanna, insint na fírinne, ach caithfidh meas a bheith agat ar an tuiscint a léiríonn Murphy ar theorainn an ghiotár cruach troitheánach mar phríomhuirlis.

Níl drogall air ligeant d’uirlisí eile dul chun tosaigh nuair atá gá ag an gceol leis, bíodh píobaí uillinn Anthony Ruby (‘Seán Ó Duibhir A’ Ghleanna’) nó dordveidhil Laura McFadden (‘Cuimhne Ghlinn’) i gceist.

Uige cheoil mhín shíodúil dúinne ar fad a bhíonn ag brionglóideach agus sinn fós inár ndúiseacht.

ZA! & Perrate – La Milonga (Lovemonk / El Volcan)

Jolifanto by ZA! + Perrate

Seo linn ó fhréamhacha flamenco dheisceart na Spáinne go réabhanna na Catalóine ar an taobh eile de Leithinis na hIbéire.

Amhránaí flamenco de shliocht giofógach é Perrate a bhfuil stíl thar a bheith croíúil amh aige. Díséad léirithe é ZA! a bhíonn ag gabháilt do stíleanna idir shnagcheol fiáin, ceol leictreonach eachtrúil agus fuaimeanna post-rock. Is beag iontas, mar sin, gur saothar craiceáilte é La Milonga.

Níl aon áibhéil i gceist le rá go bhfuil ‘Seguiria’ ar an bport teicneo-flamenco is fearr nár chum Underworld riamh. Tá tógáil fuinnimh damanta ag baint leis a chuirfeadh rianta mar ‘Rowla’ agus ‘Cowgirl’ i gcuimhne duit. Tugann ‘Tomaseando’ agus ‘Posible Solea’ i dtreo níos turgnamhaí arís sinn, agus tá ‘La Milonga’ agus ‘Tarareos’ rud beag níos dílse do bhunstíl thraidisiúnta.

Albam fíorspéisiúil – níl nóta leamh nó nóiméad leadránach anseo.

Low End Activist – Airdrop (Peak Oil)

Airdrop by Low End Activist

Ní raibh a fhios agam ar cheart dom gol nó gáire is léirmheas ar albam úr Nia Archives á léamh agam i gceann de nuachtáin an Bhéarla le déanaí.

I measc na raiméise a bhí scríofa ag an léirmheastóir bhí an tuairim nach raibh a leithéid de rud ann agus buille 4/4 ceangailte le buillí briste sna 90idí. Bhí. Go forleathan. Ag barr chairt na singlí fiú. Thugtaí hardcorejungle tekno rave air. Níorbh aon rud rúnda é – ar chualaís trácht riamh ar The Prodigy?!

Anois, táimse lán i bhfabhar na hathbheochana atá ar bun ag glúin nua léiritheoirí hardcore agus jungle nach raibh ar an saol fós sa bhliain 1993. Nílim ach ag lorg go mbímis ionraic faoi luach an cheoil (idir ard agus íseal) atá á chruthú acu ionas go bhfuil ardán tugtha dóibh siúd a bhfuil ceol le dealraimh á chumadh acu.

Seo duit Low End Activist, mar sin, léiritheoir nár shásaigh a chuid eisiúintí mo chluasa an oiread sin roimhe seo ach a bhfuil obair thar na bearta déanta aige ar Airdrop.

Tá an ceirnín seo ar nós dúphoill atá tar éis gach ceirnín dordcheoil a eisíodh idir 1990 agus 2005 a shlogadh siar, a stracadh as a chéile agus a chomhbhrú isteach i gcruth nua le fórsa millteannach. Tá teannas agus samhlaíocht iontach anseo – an tost idir na buillí chomh tábhachtach leis an gceol féin.

Seachain: díthógálaí doird i mbun gnímh.

Ceoltóirí Éagsúla – 300% Dynamite: Ska, Soul, Rocksteady, Funk & Dub in Jamaica (Soul Jazz)

Eisíodh 100% Dynamite, an chéad bhailiúchán sa tsraith seo, thiar in 1998 agus chuir 600% Dynamite deireadh leis in 2003. Cé go bhfuil cuid acu níos fearr ná a chéile, domsa is í seo an tsraith thiomsachán is sultmhaire de cheol Iamáiceach dá bhfuil ann.

Má bhain 100% Dynamite le ceol reigé, rocksteady agus ska Iamáice na 60idí agus na 70idí, tá rogha ábhairín níos leithne le clos ar 300% Dynamite.

Atheisithe agus athmháistrithe do ‘Lá na Siopaí Ceirníní 2024’, tugann 300% Dynamite sinn ó fhuaim calypso The Freddie Munnings Orchestra (‘Coconut Woman’) trí fhuaimeanna func (‘Jungle Lion’ le Lee ‘Scratch’ Perry) roots agus rocksteady na 70idí chomh fada le clasaicí deimhnithe de cheol dancehall na 80idí i bhfoirm an ‘Under Mi Sleng Teng’ cheannródaíoch de chuid Wayne Smith, ‘Bam Bam’ le Sister Nancy agus ‘Uptown Top Ranking’ le Althea & Donna.

Tá an ‘Blackboard Jungle’ spleodrach de chuid Toots & The Maytals, a bhí le clos ar bhunleagan 1999 300% Dynamite, fágtha ar lár an babhta seo ach is leor seoda mar ‘Stop The Fussing & Fighting’ le Culture, ‘Cool Breeze’ de chuid Big Youth agus ‘The Whip’ le The Ethiopians mar chúiteamh.

Fuaimeanna ollmhóra as oileán beag!

Don Carlos – Pass Me The Lazer Beam (17 North Parade/VP)

Cuireann albam atheisithe na míosa seo i gcuimhne dúinn go bhfuil a stíl gheabaireachta inaitheanta féin ag gach deejay reigé ar fiú trácht air. 

Bhíodh nós ag U Roy ‘wah!’ nó ‘yeh, ye know’ a scaoileadh uaidh ag deireadh líne, abair, agus tá amhráin Eek-A-Mouse poncaithe le glórtha béil mar ‘ing-ing’ agus ‘el-i-men, el-i-men’. 

Nuair a chloistear ‘wa-ó-a-ó’ mar eireaball gach véarsa tuigtear go bhfuil Don Carlos i láthair.

Cé go raibh an ‘wa-ó-a-ó’ úd cloiste agam sampláilte ar cheirníní jungle na 90idí, ní raibh tuairim agam cé a bhí freagrach as go dtí gur tháinig Pass Me The Lazer Beam i mo threo le déanaí mar chuid d’ofráil an lipéid VP le haghaidh Lá na Siopaí Ceirníní 2024 

Sampla iontach é d’fhuaim an luathcheoil dancehall. Léirithe ag Bunny ‘Striker’ Lee, seinnte ag an ngrúpa seisiúin is dícheallaí ar oileán Iamáice tráth dá raibh, The Aggrovators, agus máistrithe ag Scientist, is poirt réidh ramhra iad seo a phreabann go fíréanta as na callairí.

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Aibreán 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó