Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
fainne-an-chladaigh-–-an-sonruchan-stadas-caidrimh-nua-no-an-bunsonruchan-stadas-caidrimh?

Fáinne an Chladaigh – an sonrúchán stádas caidrimh nua nó an bunsonrúchán stádas caidrimh?

| orla casserly | ,

Tagann agus imíonn suíomhanna mheáin shóisialta na linne go minic na laethanta seo. Bhí príomhról ag Facebook tráth mar mheán sóisialta nárbh fhéidir a shárú idir postálacha breithlaethanta, ócáidí carthanachta agus físeáin ghreannmhara. Cé gur tháinig deireadh leis an nós i bhfad roimh m’amsa, bhí cáil ar leith ar Facebook toisc nuashonrúchán stádais amháin dá chuid – an stádas caidrimh. Ní nós nua é seo, áfach. Is seanbhunaithe an cleachtadh é stádas caidrimh duine a chur in iúl go soiléir os comhair an tsaoil. Seo é an Fáinne Cladaigh.

Mar a dúirt mé, ní ball don ghlúin Facebook mé. Is mór an faoiseamh dom nach gá dom uasdátú a dhéanamh ar líne maidir leis na cora agus castaí a bhaineann le mo shaol grá mar bhean óg sa chathair. Níl orm an t-eolas sin a roinnt leis an domhan mór. An bhfuil? Bhuel, sin go díreach céard a bhí á dhéanamh agam agus m’fháinne cladaigh ar mo mhéar, mo stádas caidrimh féin ar taispeáint do mhadraí na sráide. Ní raibh orm postáil a chruthú dó.

Grianghraf: Comhartha tí ó Wild Goose Studio

Le fada an lá ó cheannaigh mo mháthair é i siopa beag seodóra, thuig mé mar shiombail don fhéiniúlacht é m’fháinne, siombail don ghrá tíre agus den chultúr chomh maith leis na príomhshiombailí den ghrá, dílseacht agus cairdeas. Tháinig athrú ar an dearcadh sin nuair a tháinig an t-am chun é a chasadh. Níos cumhachtaí fós, é a chaitheamh leis an gcroí i dtreo mo láimhe le feiceáil go soiléir poiblí.

Is le déanaí a rith an smaoineamh sin liom agus mé tar éis casadh ar sheanchara do mo chuid ag stad an bhus. Lean muid orainn suíochán a fháil in aice a chéile agus an ceann scríbe céanna os ár gcomhair. Bhí gach rud foirfe chun seal a chaitheamh ag fáil amach na scéalta is déanaí againn gan mórán brú agus cúléisteacht ó Bhéarlóirí. Dar ndóigh, bhí comhrá deas againn faoi chúrsaí an tsaoil gur thug an cara spléachadh ar mo sheodra. Níorbh fhada gur tháinig m’fháinne cladaigh faoina shúil ghrinn. Ní raibh ann ach cúpla lá ó casadh é agus bhí orm an nuacht a nochtadh dó.

I gcomparáid leis an scéal iontach agus an scig-gháire a bhí á dhéanamh, níorbh ionann na mothúcháin ghealgháireacha sceitimíneacha sin ar fad agus na mothúcháin a músclaíodh ionam nuair a thug mé spléachadh gasta ar a mhéarsa: casadh fáinne an chladaigh a bhí air leis an gcroí i dtreo a iongan. Mar a tharla sé, níor casadh é ach cúpla lá roimhe agus níorbh fhada go raibh seisiún tacaíochta faoi lán seoil againn ar an 46A. Bhí áthas orm nach bhfaca mé an nuacht sin trí chuntas Facebook agus go raibh an deis agam a bheith mar chrann taca dó.

Grianghraf: Suaitheantas Fháinne an Chladaigh ‘Bród’ ó Nine Arrow
Grianghraf: Barr giortach ó Executive Exist

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá stair shaibhir álainn ag Fáinne an Chladaigh le nasc láidir ar leith leis an sráidbhaile iascaireachta gar do chladach Chuan na Gaillimhe ag deireadh an seachtú haois déag. Tugtar aitheantas do Richard Joyce mar chruthaitheoir an chéad fháinne sa bhliain 1689 nuair a d’fhill sé ón sclábhaíocht ar an Mhuir Chairib go dtí a bhaile dúchais agus d’úsáid sé a chuid oiliúna mar ghabha óir chun an fáinne íocónach a dhéanamh go cleasach. Tá an traidisiún ó 1750 láidir i mbundhéantóirí Fháinne an Chladaigh in Thomas Dillons, Sráid na Céibhe, Cathair na Gaillimhe fós. Leis an bpaitinn ríoga a bronnadh orthu, tháinig clú ar na fáinní arís i lár an fichiú haois nuair a bronnadh Fáinne an Chladaigh, i measc seodra eile, ar an mBanphrionsa Grace sa bhliain 1962.

Maireann cáil Fháinne an Chladaigh go fóill. Is iomaí cara do mo chuid a bhfuil fáinne an chladaigh ar a méar acu. Nuair a aithním é ar mhéar duine éigin, músclaítear mothúcháin ar leith ionam. Is iad sin, is dócha, an grá, an cairdeas agus an dílseacht. Is bealach é tú féin a chur in iúl trí mhéan na n-ealaíon agus ní trí na meáin shóisialta.

Grianghraif: Cárta Vailintín ó Aoife Cawley Art

Tá stíl, ceird agus teachtaireacht Fháinne an Chladaigh á n-athbheochan faoi láthair i ngnéithe cruthaitheacha éagsúla in Éirinn agus níos faide i gcéin. Mura bhfuil fonn ort do stádas caidrimh a léiriú ar do mhéar go fóill, tá roinnt táirgí úrnua a chuimsíonn an grá, an cairdeas agus an dílseacht agus a léiríonn oidhreacht, cultúr agus luachanna na tíre trí chroí idir dhá lámh agus coróin ar a bharr. Ní iarrann Facebook, Instagram nó an suíomh gréasáin ort do stádas caidrimh a nuashonrú le seiceáil amach.

The post Fáinne an Chladaigh – an sonrúchán stádas caidrimh nua nó an bunsonrúchán stádas caidrimh? appeared first on NÓS.

Níos mó