Bhailigh os cionn 600 scoláire isteach in Áras Google i mBaile Átha Cliath Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite ag Tech Féile Kinia agus Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí. Ba í an Ghaeilge teanga na hAoine agus uirlisí agus iontais teicneolaíochta thaibhseacha á gcur os comhair na ndaltaí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Aoife Ní Dhonncha i ndomhan na réaltachta fíorúla ag Tech Féile Kinia
Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Co BhÁC ag seasamh ar a n-ainmneacha agus iad ag scrolláil sa Foundry ag áras Google
Aindriú De Paor (2FM) agus Micheál Ó Ciaraidh (TG4) ag cur fáilte roimh na céadta dalta chuig an Halla Mór
Daltaí ó choláistí Gaeilge is Gaeltachta ag Tech Féile
Marianne Checkley, Príomhfheidhmeannach Kinia, ag labhairt le lucht freastail na Tech Féile
Lorcán Ó Dorchartaigh ag féachaint ar Éabha McGreal, ar an bhfón ag ceardlann Lorg Media faoi conas físeán a dhéanamh leis an bhfón póca
Na podchraoltóirí ‘Seansálaithe’ ó chlé: Hugh Carr, Áine Mhaoir agus James Ó Flatharta ag ceardlann podchaoltóireachta ag Kinia Tech Féile
Beirt daltaí as Coláiste Cholmcille réidh le stéibh a chasadh ag an gceardlann cheoil
Triúr as Coláiste Ghlór na Mara ag an gceardlann ar an intleacht shaorga [AI]
Scoláirí as Coláiste Íde, An Daingean, Co Chiarraí ag baint taitneamh as an lá i gceannáras Google
Barra Ó hÉineacháin, fear an tí ag Comórtas Grand Prix Hidrigine Kinia (H2GP)
Sceitimíní agus teannas. Comórtas Grand Prix Hidrigine Kinia (H2GP) ag tosú le rás idir Coláiste Cholmcille, Cois Fharraige (marún) in aghaidh Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí
Píosa spraoi ag an gceardlann Léiriú Ceoil ag scoláirí Choláiste Cholmcille, Indreabhán, Conamara
Na podchraoltóirí ‘Seansálaithe’, Jamie Ó Flatharta, Áine Mhaoir agus Hugh Carra ag Tech Féile
Róbat ag smúrthaíl thart ag ceardlann Skriware
Ag dearadh le spéaclaí 3D
An domhan i 3D. Isabelle Ní Ghríofa ó Coláiste an Eachréidh, Co na Gaillimhe ag dearadh san aer. Tá a cuid ealaíne á léiriú beo ar an scaileán taobh thiar di
Daithí Ó Riordáin agus Jamie Ó Luanaigh, Coláiste Daibhéid, Corcaigh
Emer Ní Bhrádaigh agus Aoife Ní Dhonncha, Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Laura Pakenham, Setanta Ó Dochartaigh agus Conall Ó Máirtín, TG4
Na buaiteoirí sa Chomórtas Grand Prix Hidrigine Kinia (H2GP), Isa agus Ali Aledinov, Pobalscoil Chorca Duibhne agus a múinteoir, Pádraig Ó Dúbhaigh, ag fáil a nduais ar stáitse ó Aindriú de Paor 2FM, ar chlé, agus Micheál Ó Ciaraidh Cúla4 ar dheis
Aindriú De Paor (2FM) agus duais ‘Buaiteoir Iomlán don Ghrianghrafadóireacht & Dearadh Kinia’ á bhronnadh aige ar Kate Ní Raghallaigh, Sophie Ní Raghallaigh agus Rachel Ní Chonchubhair ó Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal. Sa phictiúr chomh maith tá Micheál Ó Ciaraidh Cúla4 ar dheis. Bhí an teideal “Flora” tugtha ar an iontráil – gúna de théama bláthach, agus é spreagtha ag bithéagsúlacht plandaí
Aindriú De Paor (2FM), ar chlé, ag bronnadh Duais Bhuaiteoir Iomlán do Léiriú Fuaime Kinia ar scoláirí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co na Gaillimhe le linn Tech Féile Kinia. Is iad na buaiteoirí Vakare Jasinskaite, Matthew Ó Donnabháin, Jeaic Ó Cualáin, agus Fionn Robertson. Sa phictiúr chomh maith tá Micheál Ó Ciaraidh Cúla4 ar dheis
Stiúrthóir na Gaeilge, Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, Aindriú De Paor (2FM) ag bronnadh gradam Oideachasóir na Bliana Kinia ar Shinéad Ní Fhionnagáin ó Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Co Bhaile Átha Cliath
Claire Conneely, Google, tar éis di duais ‘Bhuaiteoir Iomlán do Theicneolaíochtaí Nua/Beochana Kinia’ a bhronnadh ar scoláirí as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí. Ó chlé tá Aindriú de Paor 2FM, Seosamh Mac Toirealaigh (múinteoir), scoláirí – Theo Ó Coileáin, Jesse Mac Cárthaigh, Diarmuid Ó Ciardhubháin, Tom Ó Neachtain. Ar dheis tá láithreoir Cúla4, Micheál Ó Ciaraidh
Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, Roinn an Gaeltachta, ag bronnadh duais TechSpacer na Bliana ar Tony Doherty, Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Corcaigh
Claire Conneely, Google, tar éis di an chéad duais sa Ríomheolaíocht Kinia a bhronnadh ar scoláirí Ghaelcholáiste Mhic Suibhne, Corcaigh, Devon Doherty agus Leah O’Driscoll. Sa phictiúr chomh maith tá Aindriú de Paor 2FM, agus Micheál Ó Ciaraidh Cúla4
Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Conamara
Coláiste Éamainn Rís, Páirc an Fhionnuisce, Co BÁC.
Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co Chorcaí
Gaelcholáiste Phort Láirge
Coláiste Daibhéid, Corcaigh
Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Corcaigh
Gaelcholáiste Luimnigh
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co na Gaillimhe
Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí
Club Teic Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall
Coláiste An Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co na Gaillimhe