Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
stripe-ag-cur-cripteo-lena-roghanna-iocaiochta

Stripe ag cur cripteo lena roghanna íocaíochta

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá an mórchomhlacht seirbhísí airgeadais Éireannach Meiriceánach Stripe ag cur rogha criptea-airgeadra lena chóras íocaíochta.

Is iad an bheirt deartháireacha as Tiobraid Árann, John agus Patrick Collison, a bhunaigh Stripe in 2010 – nuair nach raibh siad ach ina 20idí luatha – agus anois tá sé ar na gnólachtaí is mó ar domhan i réimse na n-íocaíochtaí ar líne.

Is é Stripe atá á úsáid ag leithéidí Google, Amazon agus Apple lena n-íocaíochtaí ar líne a phróiseáil agus meastar gur fiú thart ar €47 mbilliún an comhlacht ar an iomlán.

Anois, ón samhradh seo ar aghaidh, beidh íocóirí digiteacha in ann criptea-airgeadra dar teideal USDC a úsáid ar chóras Stripe, chomh maith leis na gnáthmhodhanna a bhfuil muid cleachta leo go dtí seo ar nós VISA, Mastercard agus PayPal.

Cad is USDC ann áfach?

Murab ionann agus criptea-airgeadraí eile, Bitcoin cuir i gcás, a n-ardaíonn agus a n-íslíonn a bpraghas de réir an mhargaidh, is ‘bonn cobhsaí’ é USDC atá ceangailte go díreach le praghas an dollair.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil praghas seasta aige agus go bhfuil sé níos oiriúnaí dá réir sin le híocaíochtaí laethúla a dhéanamh i gcomparáid le boinn chripteo a mbíonn athruithe níos mó le feiceáil ina bpraghas.

Cé gur ceangailte leis an dollar atá USDC, is ar chóras an bhlocshlabhra seachas ar an chóras airgeadais thraidisiúnta atá sé bunaithe, rud a chiallaíonn go bhfuil buntáistí na teicneolaíochta sin ag baint leis: idirbhearta inrianaithe trédhearcacha, luas níos tapúla chun idirbhearta a dhéanamh, costas níos lú le hidirbhearta, agus gan aon ghá le banc nó le hidirghabhálaí eile chun airgead a sheoladh nó a fháil.

Is minic fosta a bhíonn rátaí úis níos fearr i gceist le boinn chobhsaí ar nós USDC ar an ábhar gur féidir leis na hardáin a chuireann ar fáil iad leas a bhaint as an bhrábús a dhéantar ar a seirbhísí cripteo eile.

Dar le cuid de na hanailísithe airgeadais gur fianaise eile é cinneadh seo Stripe ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na criptea-airgeadraí sa ghnáthshaol laethúil.

Is é Bitcoin – a bhfuil líon teoranta de ann agus ar féidir é a sheoladh chuig tiachóga pearsanta ar bhonn idir piaraí, gan aon idirghabhálaí sa lár – an criptea-airgeadra is mó clú.

Seoladh é 15 bliana ó shin agus is mar stóras luacha is mó a phléitear leis – tugtar ‘ór digiteach’ air ar an chúis sin. Cé go mbíonn suaiteacht i bpraghas Bitcoin ó bhliain go bliain agus go mbíonn sé faoi réir athruithe sa mhórmhargadh airgeadais, is in airde atá an treocht níos leithne ag dul ar an iomlán ó thaobh praghais agus úsáideoirí de.

Is forbairt is nuaí iad na boinn chobhsaí, ar nós USDC, a bhfuil a bpraghas ceangailte le hairgeadra traidisiúnta ach tá fás mór tar éis teacht ar a n-úsáid le cúpla bliain anuas chomh maith – i mí Eanáir na bliana seo trádáladh luach ollmhór $1 trilliún de bhoinn chobhsaí ar na malartáin dhomhanda.

Le rogha nua seo Stripe, meastar go dtiocfaidh méadú nach beag air sin sa tréimhse atá le teacht.

The post Stripe ag cur cripteo lena roghanna íocaíochta appeared first on NÓS.

Níos mó