Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tiktok-ar-na-haiseanna-foghlama-airgeadais-is-mo-i-measc-daoine-oga

TikTok ar na háiseanna foghlama airgeadais is mó i measc daoine óga

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Seoladh tuarascáil ar nósanna airgid déagóirí chun críoch a chur le hócáidí Seachtain Airgid Domhanda in Éirinn an mhí seo caite. Is feachtas feasachta airgeadais í an tSeachtain Airgid Domhanda in Éirinn a chomhordaíonn an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) go bliantúil. Tá sé mar aidhm ag an Choimisiún oideachas ar airgeadas a sholáthar do pháistí agus do dhaoine óga. 

Ag labhairt di faoi thábhacht an fheasachta airgeadais i measc an aosa óig, dúirt Grainne Griffin, Stiúrthóir Cumarsáide an CCPC,

“Tá an CCPC thar a bheith sásta a bheith ag comhordú Seachtain Airgid Domhanda 2024. Ní raibh oideachas airgeadais riamh níos tábhachtaí do dhaoine óga. Tá siad ag tuilleamh airgid, ag caitheamh airgid agus ag sábháil airgid, ach ar an drochuair díríonn camscéimeanna agus faisnéis mhícheart ar líne ar dhaoine óga chomh maith. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an t-eolas agus na scileanna riachtanacha ag daoine óga chun cinntí maithe airgeadais a dhéanamh agus ar deireadh thiar gur féidir le daoine óga a bheith stuama agus seasmhach i dtaobh cúrsaí airgid.

“An tSeachtain Airgid Domhanda seo, tá na mílte daoine óga ar fud na hÉireann tar éis foghlaim faoi gach rud ó choigilteas agus cánacha go criptea-airgeadra agus camscéimeanna, trí phodchraoltaí, seimineáir ghréasáin, tráth na gceist, ceardlanna agus cuairteanna scoile ón aon eagraíocht déag rannpháirteacha.”

Rinneadh suirbhé ar 1,850 dalta meánscoile in Éirinn, idir 15 agus 17 mbliana d’aois go príomha, ar an tsiopadóireacht ar líne, airgead a shábháil, agus áiseanna úsáideacha chun foghlaim faoin airgead. Seoladh an tuarascáil ar an suirbhé seo, Dearcadh agus Iompraíocht Airgid Daoine Óga a bhfuil Cónaí orthu in Éirinn, i gColáiste Éamann Rís i gCathair Chorcaí mar imeacht deiridh Seachtain Airgid Domhanda in Éirinn.

I measc na dtórthaí, seo iad na príomhphointí a fuarthas amach sa tuarascáil:

  • Déanann 4 as 5 siopadóireacht ar líne
  • Creideann 96% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil sé tábhachtach airgead a phlé
  • Ní shábhálann 1 as 10 airgead riamh
  • Foghlaimíonn 1 as 3 dalta faoi airgeadas ó na meáin shóisialta. Is é TikTok an líonra sóisialta is mó i measc an aoisghrúpa seo.

 

Phléigh an tAire Airgeadais, Michael McGrath, an tábhacht a bhaineann le hoideachas airgeadais ag seoladh na tuarascála,

“Tá oideachas airgeadais ríthábhachtach do pháistí agus do dhaoine óga chun scileanna riachtanacha saoil a fhorbairt. Tá lúcháir orm an tuarascáil seo a sheoladh ó SBCA ar dhearcadh agus ar chúrsaí airgid daoine óga na hÉireann le linn Seachtain Airgid Domhanda. Tugann na torthaí seo léargas tábhachtach dúinn ar an gcaoi a ndéanann daoine óga a gcuid airgid a bhainistiú agus a chaitheamh agus dearcthaí ina leith.

“Tá an t-eolas seo an-tábhachtach maidir le hoideachas airgeadais a dhearadh chun cabhrú le daoine óga cinntí maithe a dhéanamh faoina gcuid airgid, rud a chabhróidh leo a gcuid spriocanna sa saol a bhaint amach. Is é an cineál taighde é freisin a bheidh mar bhonn eolais d’fhorbairt an chéad Straitéise Náisiúnta in Éirinn maidir le Litearthacht Airgeadais. Is cúis áthais dom an réimse leathan páirtithe leasmhara Éireannacha a fheiceáil ag glacadh páirt i Seachtain Airgid Domhanda 2024 trí chomhordú an CCPC agus guím gach rath ar na rannpháirtithe ina gcuid oibre.”

Léiríonn an taighde seo nach don saol sóisialta amháin iad na líonraí sóisialta feasta. Cé nach féidir brath ar gach rud a léitear nó a chluintear ar líne, is léir go bhfuil na líonraí sóisialta, TikTok go háirithe, ag cothú suime i ndaoine óga a bheith ag foghlaim lasmuigh den seomra ranga.

Is féidir tuilleadh eolais a léamh faoin tSeachtain Airgid Domhanda in Éirinn anseo.

The post TikTok ar na háiseanna foghlama airgeadais is mó i measc daoine óga appeared first on NÓS.

Níos mó