Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-tathair-fionnbarra-o-cuilleanain,-gael-go-smior-a-thuill-gean-is-meas-o-chach,-ar-shli-na-firinne

An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Gael go smior a thuill gean is meas ó chách, ar shlí na fírinne

| Tuairisc.ie | ,

Choimeád an tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin dialanna i nGaolainn agus é i mbun oibre san Afraic agus scríobh sé an leabhar An Bóthar Fada go Tamanrasset

An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Gael go smior a thuill gean is meas ó chách, ar shlí na fírinne

Tar éis bháis i gCorcaigh tá an tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Cumann Misin na hAfraice in aois a 83 bliain.

Gael go smior ab ea an tAthair Fionnbarra  a thuill gean is meas gach duine a raibh aithne acu air. Ba mhór ag an Athair Fionnbarra cultúr an uile phobal agus bhí ómós thar na bearta aige dóibh.

Fear pobail a bhí ann ar bhreá leis am a chaitheamh sna ceantair Ghaeltachta ó Chúil Aodha go Toraigh. Chaith sé seal mar shagart paróiste ar Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall sula ndeachaigh sé chun na hAfraice ar na misin. Chuir sé an-spéis sna cultúir áitiúla le linn dó a bheith thar lear. Bhí bua na dteangacha aige agus d’fhoghlaim sé agus labhair sé teangacha na bpobal lenar mhair sé. Níor dhein sé neamart ina theanga dhúchais féin.

Do choimeád sé dialanna i nGaolainn agus é i mbun oibre san Afraic agus scríobh sé an leabhar An Bóthar Fada go Tamanrasset a foilsíodh i 1990. Bhí an-éileamh ar a chomhluadar agus an-tóir ar a chuid scéalta taistil.

Éisteoir dílis de chuid Raidió na Gaeltachta ab ea an tAthair Fionnbarra agus b’iomaí alt ar scríobh sé dos na foilseacháin Ghaolainne thar na blianta. Dlúthchara agus comhairleoir cneasta fial a bhí ann dá neachtanna, nianna agus dá gclann siúd. Níor chloígh an saol riamh a chumas grinn.

Méala mór a bhás dá dheirfiúr Áine, dá neachtanna, dá nianna agus dá gclann siúd, dá ngaolta, cairde agus comharsana, do phobal Ard-Deoise Jos sa Nigéir, agus Ard-Deoise Shinyanga sa Tansáin, chomh maith leis na pobail i Ruanda agus sa Bhurúin agus a chomhghleacaithe i gCumann Misin na hAfraice. Gaeilgeoir dílis fial, fágann pobal Gaeilge na tíre slán leis chomh maith.

I measc laochra na nGael go raibh a anam dílis.

Léifear Aifreann na Sochraide i Séipéal Naomh Seosamh SMA, Wilton, Corcaigh ag 2.30in inniu, Dé Céadaoin, 29 Bealtaine, agus déanfar é a adhlacadh ina dhiaidh sin sa reilig in aice láimhe. Is féidir faire ar Aifreann na Sochraide ar an idirlíon ag an nasc seo.

Níos mó