Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
brat-na-palaistine-le-crochadh-ag-teach-laighean-agus-aitheantas-stait-le-teacht-i-bhfeidhm

Brat na Palaistíne le crochadh ag Teach Laighean agus aitheantas stáit le teacht i bhfeidhm

| tuairisc | ,

D’fhógair an Taoiseach Simon Harris an tseachtain seo caite go bhfuil Éire leis an bPalaistín a aithint mar stát agus inniu a thabharfar feidhm don fhógra

Brat na Palaistíne le crochadh ag Teach Laighean agus aitheantas stáit le teacht i bhfeidhm

Beidh brat na Palaistíne ar foluain os cionn Theach Laighean inniu nuair a thabharfaidh Éire aitheantas go hoifigiúil don Phalaistín mar stát.

Dúirt ionadaí na Palaistíne, Dr Jilan Wahba Abdalmajid, go raibh sí ag súil go mór le bratach a stáit a fheiceáil ar foluain ag Tithe an Oireachtais.

“Lá dár saol é,” a dúirt sí.

D’fhógair an Taoiseach Simon Harris an tseachtain seo caite go bhfuil Éire leis an bPalaistín a aithint mar stát agus inniu a thabharfar feidhm don fhógra. Cloisfear i nDáil Éireann tráthnóna ráitis faoin scéala go mbeidh aitheantas ag an bPalaistín feasta mar stát.

Rinne Éire, an Spáinn agus an Iorua fógra faoi aitheantas a thabhairt don Phalaistín mar stát an tseachtain seo caite tar éis míonna fada comhairliúcháin ar fud na hEorpa agus sa Mheánoirthear.

Dúirt ionadaí na Palaistíne gur “léas dóchais” do mhuintir na Palaistíne a bhí san fhógra ag tráth a bhfuil go mór ar anchaoi.

Údar bróid di a bheith ina hionadaí in Éirinn do phobal na Palaistíne, a dúirt Jilan Wahba Abdalmajid,

Bhí scáil ar an áthas sin, áfach, a dúirt sí leis an Examiner tráth a bhfuil na mílte á marú in Gaza.

Faoin aitheantas stáit atá anois ag an bPalaistín beidh ambasáid feasta acu in Éirinn seachas misean mar atá faoi láthair. Ceapfar chomh maith ambasadóir ón bPalaistín chun na hÉireann agus beidh ambasáid seachas oifig ionadaí ag Éirinn in Ramallah.

Ní mó ná sásta atá Iosrael le cinneadh na hÉireann aitheantas a thabhairt do stát na Palaistíne.

Chuir Iosrael fios ar ambasadóirí na dtrí thír a rinne an fógra le féachaint ar fhíseán d’ionsaithe Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023. Bhí na meáin i láthair ag an ócáid, rud a cháin an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go láidir.

Dúirt Israel Katz, Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael, an tseachtain seo caite go gcuimhneofaí sna cuntais staire gur shocraigh Éire, an Spáinn agus an Iorua “réalt óir a thabhairt do dhúnmharfóirí agus éigneoirí Hamas”.

Aithníonn 142 tír as an 193 atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe stát na Palaistíne ach seachas an tSualainn, is beag de thíortha iarthar na hEorpa, an Ríocht Aontaithe ná na Stáit Aontaithe atá ina measc.

Níos mó