Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cad-is-siniu-maith-ann-i-ngort-an-rugbai?

Cad is síniú maith ann i ngort an rugbaí?

| jeff neville | ,

Cad is síniú maith ann? An leor don imreoir cabhrú le foireann cluichí a bhuachan? An dteastaíonn uathu an lucht tacaíochta a shásamh le pearsantacht tharraingteach? An gá dóibh glacadh le luachanna na foirne? In aimsir an spóirt ghairmiúil, feicimid imreoirí ag teacht agus ag imeacht ó fhoirne go bliantúil. Tá difríocht mhór déanta ag cuid acu, difríochtaí nach ndearna roinnt eile.

Tháinig John Langford go Cúige Mumhan in 1999 agus bhí sé ag streachailt le meon na foirne a thuiscint. D’athraigh sé dearcadh na foirne maidir lena dtraenáil agus a bheith ina imreoir proifisiúnta. Níl ann ach sampla amháin.

D’inis Donncha O’Callaghan scéal faoi Trevor Halstead ina dhírbheathaisnéis. Tháinig imreoir de chuid na hAfraice Theas, Halstead é féin, go Cúige Mumhan in 2005 nuair a bhí an Cúige ar an mbóthar chun an Corn Heineken a ardú ar deireadh.

Bhí O’Callaghan i seomra aclaíochta lá amháin agus d’iarr sé ar Halstead cabhrú leis má bhí sé ag streachailt. Chabhraigh Halstead, a d’imir i lár na páirce, leis an imreoir dara sraithe idirnáisiúnta. Ina dhiaidh sin, d’fhéach Halstead ar an meáchan a bhí á ardú ag O’Callaghan agus dúirt leis gan ceist a chur air le meáchan chomh héadrom sin a ardú go deo arís.

Chabhraigh an bheirt imreoirí seo leis an meon a athrú i bhfoireann an Chúige ag an am. Ní hé an rud a tharlaíonn ar an teilifís ar an Satharn a théann i bhfeidhm ar fhoireann. Tá na céadta rudaí beaga a tharlaíonn go laethúil a chabhraíonn chun luach an imreora a chinneadh.

Seans nach n-oirfeadh stíl imeartha na foirne do thréithe an imreora. Mar shampla, ní bheadh stíl ionsaithe na Mumhan i láthair na huaire oiriúnach do Uimh. 12 a ritheann díreach. Ciallaíonn sé sin nach bhfeicfeadh an lucht leanúna é sin ach ar lá an chluiche agus go mbunóidís luach an imreora sin ar a chumas imeartha. Go pointe, tá sé sin ceart. Tá an t-imreoir ann chun cabhrú leis an bhfoireann cluichí a bhuachan.

Ach cad faoi thionchar an imreora ar thimpeallacht agus ar chultúr na foirne? Cad mar gheall ar an gcabhair is féidir a thabhairt d’imreoirí níos óige atá ag teacht tríd? Cad faoina léargais ar oiliúint agus ar ullmhú cluichí? Cad mar gheall ar an sampla a léiríonn siad ina n-ullmhúchán agus aclaíocht féin?

Ní shínítear drochimreoirí. Cén fáth a síneofaí iad? Ach, uaireanta, tarlaíonn rudaí. Seans go bhfuil a dteaghlach míshásta ina gceantar nua agus bíonn tionchar aige seo ar an imreoir. B’fhéidir gur mhaith leis an imreoir dul abhaile níos mó ná mar a chéadcheap siad. Tá go leor rudaí éagsúla a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar fheidhmíocht an imreora ar an bpáirc. Tar éis an tsaoil, níl iontu ach daoine.

Ach ní féidir tionchar an imreora ar an bhfoireann féin a thomhas. Fiú mura bhfuil an lucht leanúna sásta le feidhmíocht imreora ar an bpáirc ní chiallaíonn sé sin nach raibh tionchar mór acu áit éigin eile.

Is minic a bhaineann luach le bua. Is minic nach mbaineann feidhmíocht ach leis an méid a dhéanann imreoir ar an bpáirc. Ach tá níos mó leis ná sin. Go minic is é an rud nach bhfeiceann an lucht leanúna a chinneann luach an imreora. Agus b’fhéidir nach bhfeiceann siad céard a dhéanann an t-imreoir ar an bpáirc ach an oiread!

The post Cad is síniú maith ann i ngort an rugbaí? appeared first on NÓS.

Níos mó