Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dochas-ann-go-mbronnfar-bratach-ghorm-ar-phriomhthra-an-spideil-amach-anseo

Dóchas ann go mbronnfar Bratach Ghorm ar phríomhthrá an Spidéil amach anseo

| tuairisc | , ,

Deir Comhlacht Forbartha an Spidéil go léiríonn an tástáil is déanaí a rinneadh ar an trá go bhfuil caighdeán uisce den scoth ag Trá na mBan, in ainneoin go bhfuil rabhadh tugtha gan dul ag snámh ansin

Dóchas ann go mbronnfar Bratach Ghorm ar phríomhthrá an Spidéil amach anseo

Tá dóchas ann go mbronnfar an Bhratach Ghorm ar thrá aitheanta i gConamara amach anseo in ainneoin go bhfuil rabhadh gan dul ag snámh uirthi i bhfeidhm i láthair na huaire.

De réir na tuarascála is déanaí ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) maidir le huisce snámha ar fud na tíre, bhí droch-chaighdeán uisce snámha ar Thrá na mBan ar an Spidéal anuraidh, rud a fhágann go bhfuil rabhadh tugtha don phobal gan dul ag snámh ansin i mbliana.

Deir Comhlacht Forbartha an Spidéil go léiríonn na tástálacha is déanaí go bhfuil an t-uisce ag an trá ar chaighdeán den scoth agus gur torthaí tástálacha a rinneadh cúpla bliain ó shin is cúis leis an drochrangú atá faighte ag Trá na mBan.

Tá deich gcinn de thástálacha déanta ar an uisce ar Thrá na mBan ó mhí Mheán Fómhair 2022 agus tá toradh ‘den scoth’ faighte i gcás gach ceann de na tástálacha sin.

Bíonn torthaí thar thréimhse ceithre bliana san áireamh i rangú an EPA áfach agus is léir gur seantorthaí a d’fhág gur fógraíodh go raibh droch-chaighdeán uisce ar Thrá na mBan sa tuarascáil Bathing Water Quality in Ireland, 2023.

Fuarthas go raibh droch-chaighdeán uisce ag Trá na mBan i dtástáil amháin a rinneadh in 2022 agus d’fhéadfadh go mbeifear ag fanacht go dtí go gcuirfear torthaí na bliana sin as an áireamh sula rangófar an trá níos airde ar liosta an EPA.

D’fhéadfaí rangú ar leith a bhronnadh ar an trá idir an dá linn, áfach.

Dar le Comhlacht Forbartha an Spidéil, dúirt an EPA leo gur féidir rangú ‘Athraithe’ a bhronnadh ar thránna a bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán an uisce orthu mar thoradh ar bheartais ar leith atá curtha i bhfeidhm.

Bheadh an t-ionad cóireála fuíolluisce nua a tógadh ar an Spidéal san áireamh sa gcás seo ach dúirt an EPA go gcaithfí íosmhéid tástálacha a dhéanamh lena léiriú go bhfuil an caighdeán uisce tar éis feabhsú. Níl ach aon tástáil amháin déanta ar an uisce ar Thrá na mBan ó thosaigh an t-ionad ag feidhmiú mí na Samhna seo caite. Toradh den scoth a bhí ar an tástáil sin a rinneadh an tseachtain seo caite.

Deir Comhlacht Forbartha an Spidéil go bhfuil dóchas orthu go leanfar leis na torthaí maithe sin sa todhchaí.

“Is seoid luachmhar í Trá na mBan do chuairteoirí agus do phobal An Spidéil agus ó tharla go bhfuil na torthaí is déanaí atá againn do Thrá na mBan ar fheabhas, bheadh Comhlacht Forbartha an Spidéil dóchasach, ach na torthaí seo leanacht do 2024, go mbeadh an Brat Gorm ar ais againn go luath.”

2028 is túisce a bhronnfaí an Bhratach Ghorm ar Thrá na mBan toisc go dteastaíonn go mbeadh uisce ar chaighdeán den scoth ansin ceithre bliana as a chéile, chomh maith le critéir eile a chomhlíonadh, sula mbeadh sí san áireamh arís leis an aitheantas a fháil. 2003 an uair dheireanach ar bronnadh Brat Gorm ar Thrá na mBan.

Is í Trá na mBan an t-aon cheann den 21 trá Ghaeltachta atá luaite i dtuarascáil an EPA nach raibh uisce ar chaighdeán den scoth orthu in 2023. Dúirt Comhlacht Forbartha an Spidéil gur fiú a nótáil go bhfuil caighdeán uisce den scoth ar an trá ag Céibh an Spidéil nach bhfuil ach siar an cosán ó Thrá na mBan

Bronnadh an Bhratach Ghorm ar 12 trá eile sa Ghaeltacht an tseachtain seo caite.

Níos mó