Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
feachtas-nua-gaeltachta-le-leas-a-bhaint-as-an-ealain-chun-aird-a-dhiriu-ar-an-ghearcheim-aeraide

Feachtas nua Gaeltachta le leas a bhaint as an ealaín chun aird a dhíriú ar an ghéarchéim aeráide

Beidh caint phoiblí á reáchtáil i gConamara an deireadh seachtaine seo mar chuid d’fheachtas nua Gaeltachta ‘Cuisle an Chomhshaoil’, a bhfuil mar aidhm aige dul i ngleic leis an ghéarchéim aeráide

Feachtas nua Gaeltachta le leas a bhaint as an ealaín chun aird a dhíriú ar an ghéarchéim aeráide

Beidh caint phoiblí ar siúl faoi chúrsaí comhshaoil agus na healaíona traidisiúnta i gConamara an deireadh seachtaine seo.

Tá an ócáid á heagrú ag ealaíontóirí agus gníomhaithe aeráide óga atá sa ghrúpa feachtais ar son na haeráide CLICA – ‘Young Climate Campaigners’ atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach.

Is iad Macdara Ó Cuaig ó Foras na Mara, an Dr Ríonach Ní Néill, ealaíontóir áitiúil agus an Dr. Seathrún Ó Tuairisg ó Flóra Chois Fharraige atá ar an phainéal cainteoirí.

An Dr. Síle Denvir as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Éanna Hyland, ó Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO), agus ball den ghrúpa CLICA, a bheas i mbun cathaoirleachta ar an phlé.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Becky Ní Éallaithe, atá páirteach sa ghrúpa CLICA, gurb é seo “an chéad chéim” i bhfeachtas “ealaínbhunaithe” chun aird a dhíriú ar chúrsaí caomhnaithe comhshaoil.

“Bhí muid san Fhionlainn mí ó shin, thart ar an am seo, agus bhí seans againn ansin castáil leis na grúpaí eile atá ag tabhairt faoi seo sna tíortha eile agus is cineál bealach iontach a bhí ann le castáil leis na daoine seo a bhí ag tabhairt faoin rud céanna agus a bheith ag breathnú ar na smaointe agus na rudaí atá ar siúl ag chuile dhuine eile ar fud na hEorpa” a dúirt sí.

“An aidhm atá ag an togra iomlán ná feachtais agus ócáidí poiblí ealaínbhunaithe a chruthú agus tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann leis an gceantar áitiúil seo.

“Tá thart ar seacht dtír éagsúla san Eoraip ag tabhairt faoi seo agus tá dúshláin cineál difriúil ag chuile thír agus an aidhm atá leis go mbeadh muid ag plé na rudaí a bhaineann linne mar phobal agus leis an athrú aeráide, leis an gcomhshaol agus a bheith ag iarraidh caomhnú [a chothú] agus dul i mbun feachtasóireachta freisin,” a dúirt sí.

Cúigear daoine óga as an nGaeltacht, idir ealaíontóirí agus feachtasóirí, as Conamara, Corcaigh agus Port Láirge atá páirteach sa togra agus tá súil ag Ní Éallaithe go meallfar níos mó cainteoirí óga Gaeilge le bheith páirteach ann.

Dúirt Mairéad Hurley, Ollamh Cúnta san Oideachas Eolaíochta, Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus duine de lucht eagraithe na hócáide, go bhfuil sé “iontach tábhachtach” go mbeadh tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí óga le dul i ngleic le ceist na géarchéime aeráide.

“Tá muid ag iarraidh deis a thabhairt do na healaíontóirí agus na gníomhaithe óga foghlaim ó dhaoine atá bainteach le gnéithe éagsúla den chaomhnú comhshaoil sa cheantar agus go mbeadh an t-eolas a fhaigheann siad mar bhunús do phíosa ealaíne a chruthóidh siad amach seo mar chuid den tionscadal,” a dúirt sí.

Beidh an chaint ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua Dé Domhnaigh, an 28 Bealtaine idir a 2-4pm.

Beidh ceol agus amhráin le cloisteáil le linn na cainte agus beidh seisiún ceoil ina diaidh.

Is féidir clárú don imeacht ar Eventbrite anseo.

Níos mó