Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
is-ionann-muid-agus-an-nadur,-da-n-eistfeadh-muid-leis-nios-mo-bheadh-an-saol-nios-easca

Is ionann muid agus an nádúr, dá n-éistfeadh muid leis níos mó bheadh an saol níos éasca

| Dáithí Anraí |

Le Katie McGreal

go bhfuil muid go hiomlán nasctha leis an nádúr ach ní aithníonn muid é, ní dhéanann sé maitheas don chóras caipitlíoch ina bhfuil muid go n-aithníonn muid sin mar ciallaíonn sin go mbeadh muid ag iarraidh sosanna a thógáil, sosanna a dhéanfadh maitheas dúinne ach ní do chóras atá ag iarraidh orainn a bheith ag obair agus a bheith táirgiúil an t-am ar fad ach más féidir linn aithint cé chomh cosúil leis an nádúr is atá muid beidh saol níos éasca, níos deise agus níos fearr againn

Tá an t-earrach tagtha agus an samhradh ar an mbealach agus aithníonn muid ar fad na bláthanna agus plandaí ag fás agus an ghrian ag éirí níos luaithe ar maidin. Tá an saol thart timpeall orainn níos gile agus airím féin go bhfuil níos mó fuinnimh agam anois ná a bhí le míonna beaga anuas agus níl iontas ar bith orm.

Is ionann muidne agus an nádúr. Is mar chuid den nádúr muid, is ainmhí muid, agus go minic le linn an gheimhridh tógann ainmhí sos, ach ní sin mar atá sé don duine daonna. Bíonn an córas caipitlíoch ag iarraidh orainn a bheith ag obair an t-am ar fad, agus má tá an t-ádh linn, tugtar 20 lá saor sa bhliain dúinn, am saor a thógann muid go minic sa samhradh agus muid ag iarraidh dul ar saoire go háit atá beagán níos teo ná ár dtír álainn féin. Ciallaíonn sin go bhfuil muid ag obair go dian dícheallach an chuid eile den bhliain. Ach dá mba rud é gur ainmhí muid bheadh muid ag leanúint na séasúr agus na gréine agus bheadh muid inár gcodladh níos mó sa gheimhreadh toisc nach bhfuil mórán de sholas an lae ann le rudaí a fheiceáil.

Ach tháinig daoine aníos le réiteach na faidhbe sin. Chruthaigh muid leictreachas le gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag obair agus ag déanamh rudaí fiú nuair nach bhfuil solas an lae ann. Táimid in ann neamhaird a dhéanamh ar an domhan thart timpeall orainn agus leanúint orainn ag déanamh ár dtascanna rialta.

Teastaíonn sos uainn agus nuair a dhéanann muid neamhaird air sin, éiríonn muid tinn. Tinn sa chorp agus tinn san intinn agus muid ag mothú in ísle brí. Tarlaíonn seo mar táimid ag dul in aghaidh nádúr an duine.

Go minic deir do chorp leat go dteastaíonn sos uait ach deir d’intinn go gcaithfidh tú leanúint ar aghaidh ag obair. Bealach simplí le sosanna leanúnacha a thógáil agus le d’intinn agus do chorp a chur ar an tuiscint chéanna ná cleachtadh aireachais rialta a bheith agat. Ciallaíonn cleachtadh aireachais go gcuireann tú cúpla nóiméad ar leataobh gach lá nó gach seachtain le suí leis na súile dúnta agus gan a bheith ag déanamh aon rud. Leis an gcleachtadh seo, aithneoidh tú go bhfuil go leor leor smaointe agat, ní stopfaidh na smaointe ach beidh do chorp ag stopadh ar bhonn rialta agus beidh tú in ann na smaointe seo a aithint agus a aithint cé chomh gnóthach is atá siad. Tabharfaidh

sé deis duit a aithint nuair atá tuirse ort agus nuair a theastaíonn sos ceart agus beidh tú in ann pleanáil thart air sin ar bhealach cuí. Múna n-éisteann muid lenár gcorp, ní aithneoidh muid go bhfuil sos uainn go dtí go bhfuil sé rómhall agus táimid dúdóite nó tinn.

Cleachtadh maith agus simplí eile gur féidir leat a dhéanamh ná a bheith airdeallach ar an nádúr timpeall ort. Má tá na plandaí agus an ghrian agus na hainmhithe ar fad ina luí go luath, b’fhéidir gur cheart duitse smaoineamh ar dhul a luí fosta.

Níos mó