Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-ceadta-iarrthoir-tearmainn-aistrithe-o-shraid-an-mhota-agus-na-campai-bainte-anuas 

Na céadta iarrthóir tearmainn aistrithe ó Shráid an Mhóta agus na campaí bainte anuas 

| Tuairisc.ie | ,

Comhartha de theip an stáit lóistín cuí a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn a bhí sna campaí i lár na príomhchathrach le cúpla mí

Na céadta iarrthóir tearmainn aistrithe ó Shráid an Mhóta agus na campaí bainte anuas 

Tá na céadta iarrthóir tearmainn a bhí ag codladh i gcampaí i lár na príomhchathrach aistrithe go láithreacha éagsúla. 

Le roinnt míonna, bhí imircigh ag codladh amuigh lasmuigh d’Oifig Cosanta Idirnáisiúnta na príomhchathrach ar Shráid an Mhóta agus na pubaill ar na cosáin ina gcomhartha go raibh ag teip ar an stát lóistín a chur ar fáil do na daoine ar fad a bhí ag lorg tearmainn anseo.   

Bhí an réiteach le lucht an champa a aistriú ar siúl agus teannas ag coipeadh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe mar gheall ar an imní atá ar an Rialtas anseo go bhfuil méadú mór ar an líon iarrthóirí tearmainn atá ag teacht anall anseo as an Ríocht Aontaithe trí Thuaisceart Éireann.  

Ón Nollaig, tá líon na bpuball thart ar an Oifig Cosanta Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta ag dul i méid agus aistríodh breis is 200 puball ón gcampa sin maidin inniu. 

Deir an Rialtas go bhfuil na hiarrthóirí tearmainn sin “aistrithe slán sábháilte” agus lóistín i bpubaill curtha ar fáil dóibh i Citywest agus Cnoc Slinne i ndeisceart an chontae.  

Ina ráiteas deirtear faoin láthair lóistín i gCnoc Slinne go bhfuil ” pubaill atá láidir agus díonach ar an aimsir” ansin, chomh maith le leithris agus cithfholcthaí, slándáil 24 uair an chloig agus seirbhísí sláinte agus eile.  

Maidin Dé Luain thug foireann Sheirbhísí Lóistín na Cosanta Idirnáisiúnta (IPAS) bileog i roinnt teangacha do na daoine sna campaí inar míníodh dóibh go rabhadar á n-aistriú ar bhus go dtí malairt lóistín agus gur chóir dóibh a raibh acu a phacáil. 

“Sa lóistín seo, beidh sibh sábháilte agus cuirfear bia agus saoráidí sláinteachais ar fáil agus beidh IPAS ábalta tacaíocht a chur ar fáil daoibh,” a bhí scríofa ar an mbileog. 

Dúradh ar an mbileog freisin nach raibh cead ag iarrthóirí a bhí ag lorg cosaint idirnáisiúnta fanacht “sa cheantar seo ar Shráid an Mhóta”. 

“Tá coir á déanamh agat. Má dhiúltaíonn tú dul go dtí an láthair atá ar fáil nó má fhilleann tú ar an gceantar seo arís, d’fhéadfadh go mbogfadh An Garda Síochána (Póilíní) thú agus d’fhéadfaí tú a ghabháil agus an dlí a chur ort” a bhí scríofa ar an mbileog.   

Bhí an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Roinn Dlí agus Cirt, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus An Garda Síochána ag obair i gcomhar ar bheart lóistín an lae inniu. 

D’fhan go leor Gardaí thart ar an láthair agus bhí cosc ar thrácht ar Shráid an Mhóta agus malairt treo i bhfeidhm.  

Bhí oibrithe deonacha an-imníoch faoi chúrsaí daonnúla ag an gcampa le tamall de bharr nach raibh gnáthshaoráidí sláinteachais ar fáil ansin do na daoine.  

Níos mó