Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
seo-chugaibh-na-cainteoiri-gaeilge-a-bheidh-ag-seasamh-sna-toghchain-aitiula

Seo chugaibh na cainteoirí Gaeilge a bheidh ag seasamh sna toghcháin áitiúla

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Hazel de Nortúin, Pobal Roimh Bhrabús,
Toghcheantar: Baile Formaid- Droimeanach, Cathair Bhaile Átha Cliath

‘Tá naíonra againn le cúig bliana anois ach níl aon Ghaelscoil againn’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

D’fhreastail mé ar Ghaelscoil Inse Chór agus ar Choláiste Chillian i gCluain Dolcáin, coláiste lán-Ghaeilge ina dhiaidh sin. An Ghaeilge a tharraing isteach go saol na polaitíochta mé. Bhí Bríd Smith, Teachta Dála Phobal Roimh Bhrabús, ag seasamh sna toghcháin Eorpacha agus bhí sí ag dul thart ar na doirse agus cheistigh mé í faoin méid a bhí sí ag déanamh ar son na Gaeilge. D’iarr sí orm teacht amach léi ina dhiaidh sin agus an príomhrud a bhí mé ag lorg ná Gaelscoil sa cheantar. Bhí sé chomh deacair orainn a bheith ag plé leis an Roinn Oideachais. Chuir grúpa tuismitheoirí a raibh mé páirteach ann tús le naíonra sa cheantar. Tá mo bheirt pháistí tar éis a bheith ag freastal ar an naíonra sin. Tá sé ag feidhmiú le cúig bliana anois ach níl aon Ghaelscoil againn. Sin an rud is mó sa cheantar, chomh maith leis sin, níl aon seirbhísí Gaeilge ar fáil, díreach an méid a chuireann gníomhaithe pobail ar fáil.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Tá cuid mhaith den chaint ó dhaoine a bhuailim leo dírithe ar chúrsaí tithíochta. Tá a lán tithe sa cheantar ina bhfuilim, tithe sóisialta, ach tá siad folamh. Tá mise ag iarraidh go dtabharfadh an Roinn Tithíochta an t-airgead do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath leis na tithe sin a chóiriú le go bhféadfadh daoine cónaí iontu. Tá sé dochreidte nuair atá géarchéim tithíochta againn go bhfuil go leor tithe trí is ceithre sheomra le fáil thuas in Cherry Orchard [Gort na Silíní] agus iad folamh.

Beidh mé sásta ar an 5 Meitheamh go mbeidh taighde a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach Bhaile Cliath agus a rinne mé i gcomhpháirt leis an tearmann Saoirse, á chur faoi bhráid na comhairle. Léiríonn an taighde an géarghá atá le breis seirbhísí le déileáil le foréigean baile. Is fadhb mhór sa cheantar seo an leibhéal foréigin, tá sé uafásach sa cheantar agus bíonn an-deacracht ag daoine éalú uaidh. An rud is mó ba mhaith liom ná go mbeadh borradh faoi na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine i mBaile Átha Cliath 10.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Tá easnamh mór seirbhísí de gach cineál, tithíocht, sláinte, cúram, sa tír ó aimsir an chúlú eacnamaíochta agus tá an fhadhb imithe in olcas ó Covid. Tá go leor airgid sa tír ach fós féin, níl aon fheabhas tagtha ar na seirbhísí poiblí. Tá a lán daoine ag tabhairt amach faoi sheirbhísí do dhaoine le riachtanais éagsúla, tá siad ag fanacht agus ag fanacht agus tá liosta fada feithimh ann. Tá an saol deacair ar a lán daoine agus tá daoine dubh dóite gan dóchas faoin tslí atá rudaí. Ba bhreá liom go mbeadh bunseirbhísí riachtanacha ar fáil do mhuintir na tíre.

Fionnán Mac Gearailt, Fianna Fáil
Toghcheantar: Oileán Ciarraí, Ciarraí

‘Caithfimid féachaint go géar ar an teannas sa tír agus ar an meon atá taobh thiar den fhrása ‘Poblacht na hÉireann’.

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

Bhí Gaeilge á labhairt sa bhaile againn i mo theach. Bhí an teanga ceangailte le cultúr, ceol agus traidisiúin na tíre. Mar sin, d’fhás grá don teanga go nádúrtha i m’intinn agus i mo chroí féin.

Ba mhaith liomsa go n-athródh an Roinn Oideachais an cúrsa Gaeilge sna meánscoileanna ionas go mbeadh níos mó béime ar an teanga labhartha in ionad a bheith bunaithe ar théamaí dánta agus a leithéid. Sa tslí sin bheadh daltaí na tíre ábalta an teanga a labhairt níos nádúrtha in ionad a bheith ag cur rudaí de ghlanmheabhair.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Is as ceantar bardasach tuaithe mise den chuid is mó agus mar sin bóithre agus cúrsaí bóithre is mó a bhíonn ar intinn na ndaoine. Tar éis é sin is cúrsaí tithíochta na fadhbanna is measa a chuireann isteach ar dhaoine.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Ba mhaith liomsa go mbeadh seans ag an Rialtas seo a thuilleadh ama a bheith acu chun fadhb na tithíochta a réiteach. Tá a lán déanta ag an Rialtas seo maidir leis an bhfadhb sin ach tógfaidh sé níos mó ama sula bhfeicfimid torthaí ar an obair sin.

Mar aon leis sin ba mhaith liomsa go bhféadfaí caint oscailte a bheith againn mar náisiún maidir le fadhb na n-inimirceach. Is fadhb chonspóideach í atá againne den chéad uair agus níl na scileanna, ná na sonraí, ná an fhealsúnacht mar Phoblacht leagtha amach againn chun déileáil leis an bhfadhb seo. Caithfimid féachaint go géar ar an teannas atá sa tír agus ar cad é an meon atá taobh thiar den fhrása ‘Poblacht na hÉireann’.

Tate Donnelly, An Comhaontas Glas
Toghcheantar: Carraig Mhachaire Rois-Baile na Lorgan, Muineachán

‘Oibreoidh mé ar mhaithe le gníomhú ar son na haeráide a thugann ár bpobal le chéile’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i do cheantar?

Nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhí grá agam don teanga ach ní raibh mórán deiseanna timpeall orm chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Ar ámharaí an tsaoil domsa, chuir mé snas suntasach ar mo chuid Gaeilge agus mé sa Choláiste, go háirithe ón taithí a fuair mé nuair a bhain mé áit amach ar an Scéim Cónaithe. Anois, tá i bhfad níos mó deiseanna i Muineachán chun ár dteanga dhúchais a úsáid ar bhonn laethúil a bhuí le Muineachán le Gaeilge agus na himeachtaí agus feachtais a bhíonn á reáchtáil acu. Tá sé iontach an Ghaeilge a fheiceáil chomh lárnach sin inár gceantar idir Ciorcal Comhrá, 5K trí Ghaeilge, oíche ghrinn, agus oíche tráth na gceist.

Anuas air sin, is i gcontae Mhuineacháin atá an céatadán is airde in Éirinn de dhaltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí – agus táimid thar a bheith bródúil as an staitistic sin. Le blianta anuas tá feachtas ar bun ag Gaelscoil Lorgan le foirgneamh nua a thógáil i gCoillidh Chairn, Baile na Lorgan. Tá obair na gcapall déanta acu le suíomh a fháil agus le tús a chur leis an togra. Sin ráite, tá moill gan mhíniú curtha ar an togra agus tá go leor frustrachais ar an bpobal faoi.

Tá pobal Ghaelscoil Lorgan ag fanacht ar an fhoirgneamh seo le 15 bliain anois agus níl an mhoill sin maith go leor. Bheadh sé riachtanach dom an togra sin a gluaiseacht chun tosaigh má éiríonn liom suíochán a fháil ar an gComhairle Contae. Is tionscadal ana-thábhachtach é seo. Ní hamháin do na daltaí agus do na tuismitheoirí sa scoil seo ach chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn don chéad ghlúin eile i mBaile na Lorgan agus ar fud Chontae Mhuineacháin

     2. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Tá an t-ádh linn gurb as pobal bríomhar, iontach muid. Tá deis ag ár gceantar dul chun cinn a dhéanamh ar ár seirbhísí poiblí, le feabhsuithe a dhéanamh ar chaighdeán na n-áiseanna atá ar fáil, le bheith mar áit níos tarraingtí le bheith ag cónaí ann, oibriú ann agus le cuairt a thabhairt air. Creidim go láidir sa phobal seo, tá fís agam don cheantar seo agus táim tiomanta an fhís sin a fhíorú.

Troidfidh mé ar son soláthar leordhóthanach tithe atá dea-phleanáilte, teolaí agus oiriúnach do chách. Oibreoidh mé gan stad gan staonadh ar mhaithe le feabhas ar chur ar sheirbhísí poiblí agus bonneagar – ar nós iompar poiblí, sláinte, meabhairshláinte, oideachas agus tuilleadh dár bpobal.

Caithfidh an t-aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a bheith cothrom le bheith rathúil. Ní mór dúinn slite beatha a chosaint, agus níor cheart go mbeadh an t-aistriú seo pionósach ar na daoine is leochailí sa tsochaí. Oibreoidh mé go dian ar mhaithe le gníomhú ar son na haeráide a thugann ár bpobal le chéile, a chruthaíonn slite beatha nua do dhaoine áitiúla, a fheabhsaíonn ár gcaighdeán maireachtála agus a chruthaíonn todhchaí níos cothroime, atá cuimsitheach agus inbhuanaithe do chách.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Níos mó tithíochta inacmhainne a fheiceáil do chách inár bpobal chun ligean dár ndaoine óga bheith ag tnúth le todhchaí inar féidir leo maireachtáil, oibriú agus teaghlach a thógáil sa phobal inar fhás siad aníos.

Conor McGuinness, Sinn Féin
Toghcheantar: Dún Garbhán, Port Láirge

‘Is cosúil nach dtuigeann an Rialtas ná Údarás na Gaeltachta an phráinn…’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

Tá mé i mo chónaí i nGaeltacht na nDéise le mo bhean agus ár gclann óg á dtógaint againn le Gaelainn. D’oibrigh mé mar Oifigeach Pleanála Teanga sna Déise agus chaith mé seal mar leaschathaoirleach ar bhord Fhoras na Gaeilge. Is cuid mór de mo shaol í an Ghaelainn agus déanaimse mo chuid oibre mar ionadaí poiblí go dátheangach.

Tá an Ghaelainn ag dul ó neart go neart sna Déise, le fás tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla thar thréimhse dhá dhaonáireamh, agus tá Dún Garbhán anois aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta lena phlean teanga féin i bhfeidhm.

É sin ráite tá dualgaisí móra ann i dtaobh tithíochta agus seirbhísí poiblí. Ba mhaith liom tithe inacmhainne agus sóisialta a fhorbairt sa cheantair mar aon le suíomhanna inacmhainne a chur ar fáil; agus ba mhaith liom réiteach a fháilt i dtaobh Oifig Poist na Rinne – is masla é nach raibh an rialtas toilteanach an t-aon seirbhís phoiblí a bhíodh ar fáil sa Ghaeltacht a chosaint.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Tithíocht, seirbhísí poiblí, taistil agus infreastruchtúir. Tá géarghá le tithe inacmhainne agus sóisialta do mhuintir na háite. Tá clanna óga ón Rinn agus ón Sean-Phobal atá ag iarraidh cónaí sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ábalta teach a fháilt sa cheantar – rud a chuireann todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá an pobal ag déanamh a chuid féin, ach is cosúil nach dtuigeann an Rialtas ná Údarás na Gaeltachta an phráinn a bhaineann leis an gceist seo. Anuas air sin tá athrú dearcaidh de dhíth ón Rialtas i dtaobh cead pleanála do dhaoine áitiúla sa Ghaeltacht ionas gur féidir le daoine ón gceantar tithe a fháil agus clanna a thógaint ina bpobal féinig.

Tá ganntanas mór i nGaeltacht na nDéise i dtaobh seirbhísí poiblí. Dúnadh Oifig Poist na Rinne le déanaí. Ní raibh An Post ná an Rialtas toilteanach conradh réalaíoch nó inbhuanaithe a ofráil chun máistir poist nua a mhealladh. Ba í Oifig Poist na Rinne an tseirbhís stáit dheireanach a bhí fós ar fáil i nGaeltacht na nDéise, agus tá dualgas anois ar an Rialtas an ganntanas seo a réiteach.

Tá tithíocht agus seirbhísí poiblí luaite go sonrach mar mhórchuspóirí inár bplean teanga agus is náireach nach bhfuil aird nó iarracht feicthe againn ón Rialtas ná ós na húdaráis chuí.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Trí rud. Ba mhaith liom go mbeadh deireadh curtha leis an ngéarchéim tithíochta ar fud an stáit; go mbeadh dul chun cinn déanta ar an bpróiseas lenár dtír a athaontú; agus go mbeadh feabhas suntasach tagtha ar na deacrachtaí sa tseirbhís sláinte ionas go mbeidh rochtain níos fearr agus níos tapúla ann do dhaoine.

Tá rialtas nua de dhíth chun na hathruithe seo a chur chun cinn agus polaitíocht nua a chruthú. Beidh tionchar nach beag ag na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar thoradh an chéad olltoghcháin eile, agus beidh ar chumas rialtas nua athruithe móra a chur i bhfeidhm. 

Breandán Fitzgerald, Fianna Fáil
Toghcheantar: Daingean Uí Chúis, Ciarraí

‘Ní mór Scéim na mBóithre Áise a thabhairt ar ais’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

Mar ionadaí tofa áitiúil le cúig bliana anuas do Chorca Dhuibhne i gComhairle Contae Chiarraí ghlac mé gach deis í a labhairt, agus tacaíocht agus cur chun cinn na teanga a dhéanamh istigh sa Chomhairle. Sílim go bhfuil sé seo an-tábhachtach agus is é sin an rud a d’iarr na hOifigigh Pleanála Teanga ormsa a dhéanamh. Labhair í agus mairfidh sí!

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Níos mó seirbhísí agus infheistíochta anseo i gCorca Dhuibhne. Tithíocht – níos mó tithe sóisialta, inacmhainne agus ar cíos do dhaoine anseo i gCorca Dhuibhne. Tacaíochtaí do ghnólachtaí agus laghdú ar chostais ghnó dóibh anseo i gCorca Dhuibhne. Níos mó airgid dár mbóithre agus Scéim na mBóithre Áise a thabhairt ar ais, tuilleadh tacaíochtaí agus deontais do dhaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Pleanáil a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoin tuath agus infheistíocht a dhéanamh i gcórais séarachais inár sráidbhailte ionas gur féidir forbairt a dhéanamh iontu.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Níos mó tithíocht shóisialta, inacmhainne agus ar cíos do dhaoine anseo i gCorca Dhuibhne. Breis ceadanna pleanála tugtha do dhaoine áitiúla agus do theaghlaigh áitiúla. Níos mó infheistíochta dár mbóithre agus Scéim na mBóithre Áise a thabhairt ar ais. Níos mó gnóthaí ag déanamh gnó anseo agus níos mó daoine ag maireachtáil anseo agus níos mó daoine ag labhairt Gaeilge

Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, Fine Gael
Conamara Theas, Gaillimh

‘Tá sé tábhachtach go dtabharfaí tuilleadh cúnaimh do na múinteoirí sa Ghaeltacht’

  1. Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge de agus cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i do cheantar?

Rugadh mé i Sasana i 1963 agus tháinig mé abhaile go Leitir Mealláin i 1969. Bhí mé ag dul síos ar bicycle a bhí tugtha liom ó Shasana agam agus casadh an seanleaid seo orm Jimmy Raw, agus ‘Good morning sir’ a dúirt mé leis. Bhí canúint Shasana orm. Níor thuig sé céard a dúirt mé leis agus bhí sé ag clamhsán fúm. Ní raibh sé i bhfad sula raibh mé tagtha isteach ar an nGaeilge.

Agus tá sé tábhachtach don dream atá bogtha isteach sa Ghaeltacht, go dtabharfaí cúnamh dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim. Caithfear a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ag fás agus ag forbairt. Tá sé tábhachtach go leanfaí leis an obair pleanála teanga agus go dtabharfaí tuilleadh cúnaimh do na múinteoirí sa Ghaeltacht.

  1. Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo?

Bóithre, cúrsaí pleanála, seirbhísí sa gceantar, reiligeacha, cosáin agus stadanna bus.

  1. Cén t-athrú is mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile?

Ba mhaith liom an bóthar timpeall ar Ghaillimh a fheiceáil agus go mbeadh tús curtha le bóthar nua do Chonamara. Teastaíonn go leor tithe nua, tá fadhb mhór ó thaobh ganntan tithíochta sa nGaeltacht agus tá dream óg amuigh ansin atá ag iarraidh agus in ann teach a cheannach. Tá tithe inacmhainne ag teastáil go géar, chomh maith le tithe sóisialta.

Níos mó