Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
t-leine-nua-o-paul-galvin-mar-cheiliuradh-ar-oraid-chailiuil-ghaeilge-i-bpairc-an-chrocaigh

T-léine nua ó Paul Galvin mar cheiliúradh ar óráid cháiliúil Ghaeilge i bPáirc an Chrócaigh

Tá T-léine a bhfuil píosa caint cáiliúil breactha i nGaeilge uirthi sa bhailiúchán nua atá ag an dearthóir faisin agus iarpheileadóir Paul Galvin.

Déanann an t-léine ceiliúradh, atá i mbailiúchán nua Galvin do Dunnes Stores, ar cheann de na hóráidí Gaeilge is cáiliúla a tugadh i bPáirc an Chrócaigh.

‘Ardaíonn sé mo chroí go hard na bhFlaitheas’, atá le feiceáil ar an T-léine nua, na chéad fhocail ó bhéal chaptaen fhoireann peile Chiarraí, Dara Ó Chinnéide, tar éis do Chorn Sam Mhig Uidhir a chrochadh san aer in 2004.

Ag labhairt dó le Tuairisc faoin bhailiúchán nua, 331-332, dúirt Paul Galvin, iarimreoir peile le Ciarraí a bhí ar an fhoireann chéanna le Ó Cinnéide, go raibh sé bunaithe ar “scéal agus stair Pháirc an Chrócaigh agus an chuid d’Ardán Uí Ógáin, 331-332, ina mbronntar na coirn”.

“Chuireas béim ar struchtúr físiciúil an ardáin ar dtús agus chruthaíomar priontaí áirithe bunaithe air sin. Ansin chuireas béim ar theanga an ardáin más maith leat, go háirithe na hóráidí a deineadh ann thar na blianta.

“Tá fiche bliain caite anois ón óráid sin a rinne Dara. D’fhan an líne ‘ardaíonn sé mo chroí go hard na bhFlaitheas’ liom” a dúirt sé.

Ceann de na haidhmeanna a bhí ag Galvin lena bhailiúchán nua aird a tharraingt ar an Ghaeilge agus ar an tábhacht a bhaineann léi i stair Pháirc an Chrócaigh.

“Maraíodh Michael Hogan féin ar Pháirc an Chrócaigh in ainm na Gaeilge sa bhliain 1920. Inniu téann captaein suas céimeanna Ardán Uí Ógáin bliain i ndiaidh bliana agus deineann siad óráidí as Béarla. Is easpa cultúir agus easpa teanga é sin.

“Ba cheart go mbeadh sé riachtanach na hóráidí seo a dhéanamh as Gaeilge im thuairim,” a dúirt Galvin.

Ag trácht dó faoin T-léine nua Ghaeilge i siopaí Dunnes, dúirt Dara Ó Cinnéide, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc, gur cheap sé go raibh Galvin ag magadh ar dtús.

“Bhí comhrá mór fada againn fé. Ag an am ní rabhas ag cuimhneamh ar cad a déarfainn. Ní raibh aon nóta agam ná faic ach bhí Paul ag iarraidh fáil amach cén fáth ar roghnaigh mé na focail a tháinig ó mo bhéal. Bhí ana-shuim aige san fhoclaíocht agus sa téarmaíocht.”

“An saghas dearcaidh atá ag Paul, gur scéalaíocht atá i gceist leis an margaíocht. Teastaíonn uaidh an scéal atá taobh thiar den rud a insint,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cinnéide gur chuir Galvin suim ar leith sa chéad chuid den óráid, go háirithe an nath ‘go hard na bhflaitheas”, a roghnaigh sé don T-léine sa deireadh.

“Bhí sé ag scrúdú gach aon fhocal nuair a bhíos ag caint leis.

“Nuair a chasaim isteach i bParóiste Mórdhach, déarfainn ‘ardaíonn sé mo chroí’. Chloisfinn go minic é ag Maidhc Dainín, mar shampla. ‘Ardaíonn sé mo chroí’. Is rud é atá sa chaint.

“Le ‘go hard na bhflaitheas’, bhíos ag cuimhneamh ar cé chomh hard is féidir leat dul. As high as the heavenly heights,” a dúirt sé.

Dúirt an Cinnéideach nach raibh aon súil aige leis an oiread airde a tharraing a óráid.

“Chuir sé iontas ar dhaoine gur labhair duine go huile agus go hiomlán i nGaeilge ach bhí sé iomlán nádúrtha domsa an óráid a thabhairt i nGaeilge. Bheadh sé mínádúrtha dom a bheith ag labhairt i mBéarla.

“Tá mé anseo ón nGaeltacht agus is í an Ghaoluinn mo theanga. Bhíos ag cuimhneamh an lá san, tá a fhios agam go bhfuil daoine anseo ná tuigeann mé ach is cuma liom. Is iad muintir na Gaeltachta atá ag brú chun tosaigh sa tslua anseo thíos fúm agus seo CLG ar an lá is Gaelaí sa bhliain.

“Bhí daoine ag tabhairt amach mar nár labhras focal i mBéarla. Tá a fhios agam gur thaitin sé le lucht na Gaeltachta agus na Gaelainne gur i nGaoluinn a bhí an chaint ar fad tugtha.”

Dúirt Ó Cinnéide go bhfuair sé na céadta litreacha agus teachtaireachtaí ó chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre mar gheall ar an óráid.

“Fuair mé carn litreacha, carn ríomhphost. Ar feadh trí seachtaine ina dhiaidh sin bhí boscaí litreacha ag teacht chugam. Lucht na Gaoluinne, daoine ó Dhún na nGall, ó chontae Lú, daoine ar fud na tíre, bhí sé chomh hait. Níor thuigeas é.

“Ní cinneadh é Gaoluinn a labhairt nó gan í a labhairt sa chás sin. Labhrann tú an rud a thagann chugat go nádúrtha agus níor thuigeas go dtí ina dhiaidh sin go raibh rud mór á dhéanamh dó,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cinnéide gurb í an chuimhne is mó atá aige ón lá sin muintir na Gaeltachta a fheiceáil ar Pháirc an Chrócaigh, cuimhne a roinn sé le Galvin.

“An rud is mó a chuimhním ón lá san ná an cúpla nóiméad a thóg sé an speech a thabhairt ná muintir na Gaeltachta a fheiscint os mo chomhair amach.

“Bhí cead an uair sin le ‘pitch invasions’, níl a thuilleadh. Bhíos ana-thógtha le muintir Chiarraí a bheith amuigh ar an bpáirc agus muintir na Gaeltachta féin ag brú chun cinn sa tslua.

“Chonac mo bhean chéile fiú, bhíomar ag siúl amach ag an am, bhí sí ar ghualainn a dearthár agus díreach thíos uaim.”

Cuimhníonn sé chomh maith ar Dharragh Ó Sé, iarchaptaen ar fhoireann Chiarraí nach bhfuair an deis chéanna óráid a thabhairt i bPáirc an Chrócaigh.

“Ins an tunnel a bhí Darragh Ó Sé, ná raibh ag imirt mar bhí sé gortaithe. Seans maith gurb é an t-imreoir is fearr a bhí riamh againn sa Ghaeltacht agus ní raibh an phribhléid sin aige.

“Bhí sé ina chaptaen ar Chiarraí nuair a chailleamar cluiche ceannais le pointe agus ina chaptaen ar fhoireann na Gaeltachta a chaill cluiche ceannais na hÉireann le pointe.

“Cuimhním ar an gcúpla soicind sin, an corn a ardú agus eisean a fheiscint thíos fúm agus dheineas saghas nod síos chuige agus cheangail ár súile le chéile. Ní dúramar faic faoi ach thuigeamar beirt cad a bhí ar intinn a chéile,” a dúirt Ó Cinnéide.

Níos mó