Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tarraingionn-sceal-sceal-eile-ag-seo-ar-bith-de-chuid-amble

Tarraingíonn scéal scéal eile ag seó ar bith de chuid Amble

| nora ni mhurchu | ,

Is deacair a chreidiúnt nach bhfuil an banna Amble le chéile ach le dhá bhliain anuas. Mar a deir siad iad féin, thosaigh an banna sular thosaigh an cairdeas eatarthu. Ach is léir go raibh aithne acu ar a chéile go nádúrtha leis an gceol, gur cheangail an ceol le chéile iad. 

Dúirt Robbie Cunningham (amhránaí agus giotáraí) go raibh aithne aige ar Oisín McCaffrey (amhránaí agus giotáraí) ar líne mar gheall ar an gceol. Chonaic sé gur bhog Oisín ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath agus chuir sé teachtaireacht chuige le fiosrú an mbeadh sé ag iarraidh seinnt leis. Agus mar a shamhlóimis, dúirt Oisín go mbeadh – buíochas le Dia. 

De réir a chéile, thug siad cuireadh do Ross McNerney (“Wizard ar an maindilín,” mar a dúirt siad féin) ceol a sheinnt agus a chumadh leo. Sin sin. Amble is ainm dóibh ó shin. 

Ní gá a rá go bhfuil scoth an cheoil ag an triúr fear, bheifí ag dúil leis sin, ach déarfaidh mé píosa beag faoi. Ciallaíonn an focal “amble” a bheith ag siúl go mall, ar do shuaimhneas, agus feileann an t-ainm iontach don bhanna agus an ceol atá á chumadh acu.

Tá cuma nádúrtha ar an triúr acu agus chuirfeadh duine geall air go raibh siad ag seinnt le chéile ar feadh deich mbliana leis an tslí a raibh aithne acu ar a chéile lena stíl ceoil féin. Cuireann gach ceoltóir leis an léiriú. 

D’inis siad scéalta de gach sórt a spreag a gcuid ceoil, idir greann, brón, grá, cúrsaí clainne. Labhair siad faoi na caidrimh a bhí acu leis na daoine is mó leo, agus na hamhráin a chum siad dá mbarr. Dom féin, bhí sé sin cumhachtach mar gheall go bhfuil nasc agam féin lena gcuid ceoil ar bhealaí éagsúla chomh maith. 

Ceann amháin de na scéalta a sheas amach dom ná an tagairt a rinne siad dá ngairmeacha. Thagair siad do na gairmeacha a bhí acu sular fhág siad iad le béim a leagan ar an gceol. Beirt mhúinteoirí agus fear amháin ag obair san éarnáil ríomhaireachta. Dúirt Robbie go ndearna sé cinneadh an mhúinteoireacht a fhágáil le go mbeadh sé in ann a aisling a fhíorú leis an gceol, agus nuair a d’inis sé lena Dhaid é, dúirt sé leis, “throw the trout out to catch the salmon.” Is é sin go díreach céard atá á dhéanamh ag an triúr seo. 

Is léir go bhfuil dlúthchaidreamh eatarthu, agus is é an ceol is cúis leis sin. Tháinig siad le chéile mar gheall ar an gceol agus chothaigh siad caidreamh mar gheall air. Nach iontach an rud é. Is é sin céard a bhíonns i gceist leis an gceol go príomha – go mbeadh daoine ag teacht le chéile le bheith i gcomhluadar daoine eile agus iad ag mothú an cheoil. Tá an ghairm cheart á leanúint ag an triúr seo, mar scéalaithe agus mar cheolteoirí araon.

The post Tarraingíonn scéal scéal eile ag seó ar bith de chuid Amble appeared first on NÓS.

Níos mó