Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Tobair le Gaeilge le caomhnú sna Gaeltachtaí

| Dáithí Anraí |

Le Michelle Nic Pháidín

Samhlaigh nach raibh Gaeilge bhinn mhilis na Gaeltachta le cloisteáil sna blianta amach romhainn?…

Nuair a bhí mise sa tríú rang ar an bhunscoil, thug ár máistreas an t-amhrán ‘Ag Geaftaí an Bhaile Buí’ dúinn le foghlaim. Thig liom a bheith measartha cinnte nach bhfuil cuid mhór scoláirí ag foghlaim an chineál amhráin seo sa tríú rang ar na saolta seo.

Is cuimhin liom gur tugadh ‘Cith agus Dealán’ dúinn le léamh sa séú rang agus threabh muid linn. Bhain muid sult as a bheith ag léamh scéaltaí inár dteanga áitiúil féin.

An amhlaidh an cás sna scoileanna san lá atá inniu ann? An bhfuil páistí scoile ag saothrú na hoiliúna luachmhaire seo?

Agus, is fiú ceist a chur an bhfuil na múinteoirí atá ag teagasc na ranganna, sna Gaeltachtaí, ó cheann ceann na tíre, ábalta an oiliúint sin a chur ar fáil do na scoláirí? Nó, muna bhfuil, tá luach agus saibhreas na teanga i mbaol.

Tá sé riachtanach go mbeadh an oiliúint seo curtha ar fáil don aos óg mar is as an tobar sin a thagann beocht agus beatha na Gaeilge.

Tá fhios agam nach mbeadh an ábaltacht chéanna agamsa ó thaobh chaint agus scríbhneoireacht na Gaeilge de ach go raibh sármhúinteoirí agam i rith mo chuid ama sna scoileanna a ndeachaigh mé orthu. Neartaigh scolaíocht m’óige grá na teanga ionam agus i mo chuid cairde.

Thuig na múinteoirí go raibh an cultúr, an ceol, an fhilíocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge thar a bheith tábhachtach d’óganaigh na Gaeltachta.

Tá aitheantas faoi leith ag an Ghaeltacht i gcaomhnú na Gaeilge mar téann an Ghaeilge atá sna pocaí beaga seo siar na cianta.

Ní hé sin le rá go bhfuil an Ghaeilge níos fearr ná atá sé gach áit eile ach go díreach go bhfuil gné faoi leith ag baint leis agus tá muintir na Gaeltachta sásta sin a roinnt leis na scoláirí a thagann chuig na Gaeltachtaí bliain i ndiaidh bliana. Táthar buíoch chomh maith as an airgead a thagann isteach sna ceantracha dá mbarr.

Caithfear an aird agus an cúram ceart a thabhairt don Ghaeilge laistigh de na ceantracha seo agus leis sin a dhéanamh – caithfear díriú ar scoileanna na Gaeltacha.

Tá múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge de dhíth sna háiteanna seo agus rachfainn chomh fada le rá gur chóir múinteoirí ón cheantar féin, más féidir, a fhostú sna scoileanna áitiúla le cinntiú go bhfuil todhchaí Gaeilge na Gaeltachta tugtha slán.

Feictear go minic go mbíonn leabhair scoile ag páistí sna ceantracha Gaeltachta le focail istigh iontu nach bhfuil in úsáid sna canúintí áitiúla agus tugann seo dúshlán do pháistí agus tuismitheoirí araon – mar sin, caithfear leabhair a chur ar fáil i ngach canúint le próiseas léitheoireachta na Gaeilge a éascú. Caithfear a bheith airdeallach go bhfuil a gcuid Gaeilge féin ag gach Gaeltacht agus is gá go ndéanfaí achan iarracht diriú ar an chanúint sin.

Tá go leor oibre ag múinteoirí an Ghaeilge a theagasc i gceantracha éagsúla beag beann ar imeacht ón Ghaeilge áitiúil sna ceantracha sin. Cad chuige a mbeadh muid ag déanamh a leithéide? Níl ciall ar bith leis. Tá sé ar nós tabhairt ar pháiste, a bhfuil damhsa ar an sean-nós acu ón chliabhán, bailé nó damhsa hip-hop a fhoghlaim ar an scoil. Tá luach thar na bearta le gach canúint – fág iad mar atá. Tiocfaidh na páistí i dtír ar chanúintí agus leaganacha eile de réir a chéile le haois.

Tá cuimhne agam ar fhocail úra nach raibh i mo chanúint féin a fheiceáil sna luathleabhair scoile agus nach raibh na focail fiú ag mo chuid tuismitheoirí. Déanann a leithéid eagla a chur i gcroí an pháiste faoi Ghaeilge na scoile.

Dá mba rud é gur mhaith leo leabhair scoile a chuireann le stór focail na bpáistí, ba chóir dóibh focail nach bhfuil in úsáid mórán a thuilleadh sna Gaeltachtaí a thógáil ar ais isteach sa chóras ionas nach gcaillfear iad. Tá luach, oidhreacht agus stair ag baint le gach uile fhocal acu seo.

Sílim go bhfuil faobhar de dhíth ar fhoilsitheoireacht i leabhair na Gaeilge. Tá leabhair páistí de dhíth le scéaltaí ó na ceantracha áitiúla ionas go mbeadh suim ag na páistí ann. Sílim gur chóir díriú air sin ar an toirt agus gan am a chur amú.

Samhlaigh nach raibh Gaeilge bhinn mhilis na Gaeltachta le cloisteáil sna blianta amach romhainn?

Ba chóir dúinn a bheith chomh hairdeallach faoi thodhchaí na Gaeilge agus atá muid faoi thodhchaí na n-ainmhithe agus na n-éanacha atá i mbaol ach ar an drochuair, níl aon dealrú ar an scéal go dtarlóidh sin.

Níos mó