Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-bealtaine-2024

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Bealtaine 2024

| Ben O Faolain | ,

I. JORDAN – I AM JORDAN (Ninja Tune)

I AM JORDAN by I. JORDAN

Luíonn sé le ciall go bhfuil albam début I. Jordan tar éis leaindeáil ag tús an tsamhraidh – seo díreach an saghas ruda a chaithfeá ar an steiréó is tú ar do shlí go féile cheoil i dteannta scata cairde sa mhótar. 

Rianta réabhcheoil ar mire, cumasc gliondrach fuinniúil d’eilimintí  gabber teicneo, támhcheol, ceol house funcaíáilte na Fraince, agus ceol bassline Thuaisceart Shasana. Ardchumas léirithe láimhseáilte go héadrom.

Ní dócha go mbeimid fós ag éisteacht leis seo i gceann deich mbliana ach don am i láthair, a chara, carpe diem. Bí dúr, bí dána.

Grianghraf: I. Jordan (Creidhmheas: Kairo Urovi)

Jessica Pratt – Here In The Pitch (City Slang)

Here in the Pitch by Jessica Pratt

Tá glór aisteach ag Jessica Pratt. Glór atá, in amanna, ar nós páiste ag cur smaointí cam-bhéalacha na seanmhná i láthair. Glór nach ndéanfá neamhaird air, glór a impíonn ort stopadh agus éisteacht.

Ghlac Pratt a cuid ama (trí bliana, nach mór) air seo, a ceathrú halbam, is chaithfeá a rá nárbh aon am amú é. 

Iad ar maos in aisfhuaimniú stiúideo, tá fuaim agus stíl amhrán Here In The Pitch go mór faoi chomaoin ag popcheol sícideileach agus bossa bog na 60idí ach tá faobhar ciall cheannaithe ar liricí Pratt a chiallaíonn go seachnaíonn sí gaistí an clísé go héasca.

Saothar beag máistriúil nach maireann ach 35 nóiméad.

Sun Ra – Inside The Light World: Sun Ra Meets The OVC (Strut)

Inside The Light World: Sun Ra Meets The OVC by Sun Ra

Ag teileapórtáil siar go dtí an bhliain 1986 atáimid ar Inside The Light World, uair a sheinn an pianódóir, cumadóir agus fealsamh snagcheoil Sun Ra (1914-1993) agus a ghrúpa, an Arkestra beo le tionlacan ó Bill Sebastian ar uirlis mhistéireach ar thug sé an “Outer Space Visual Communicator” uirthi. Saghas méarchlár a bhí san OVC céanna a ‘sheinneadh’ Sebastian chun dathanna agus íomhánna i bhfoirm solais a theilgeadh ar scáileáin crochta lastuas de na ceoltóirí ar stáitse. 

Domhan ann féin atá i gceol Sun Ra. Cé go bhfuil roinnt dá cheirníní rud beag anordúil (d’eisigh sé tuairim is 125 albam le linn a shaoil), tá draíocht ag baint le cuid mhaith acu. 

Seans gur críonnacht Sun Ra faoi ndearadh é i gcás an tseisúin seo ach tá fíneáltacht shámh shultmhar ag baint le ceol Inside The Light World. Fágfad an focal scoir ag an Arkestra agus líne ó liricí an phoirt éachtaigh ‘Discipline’: 

‘If the people of Earth don’t really care,

Trouble gonna find a nest in their hair.’

UMAN – âme sœur (Utopique)

âme soeur by UMAN

Is iad UMAN an t-innealtóir fuaime Francach, Didier Jean (méarchlár) agus a dheirfiúr, Danielle Jean (guth). D’eisíodar a gcéad albam siar sa bhliain 1992 ach seo an chéad saothar dá gcuid atá cloiste agamsa.

Is beag eolais fútha atá le haimsiú sa phreasráiteas a tháinig leis an albam, ach tá lán na fírinne i gceist le rud amháin atá ráite ann: déanann ceol an dreama seo maitheas duit.

Bí réidh chun barróg a bhreith ar do hipí inmheánach, a chara, mar is ceol milis gliondrach na stíle new age atá romhat. Is ea, nuair a chasann tú âme sœur sa tsiúl eitlíonn féileacáin as na callairí, líonann boladh na foraoise an seomra agus tagann oisíní ag pramsáil i do threo ag tairiscint tae luibhe.

Tá eilimintí anseo a chuirfeadh ceol Enya, Dead Can Dance, Deep Forest agus fiú Ultramarine i gcuimhne duit, ach is cinnte go roghnaíonn UMAN a mbealach féin.

Díséad dearfach dóchasach a chuireann dea-ghiúmar orm.

Pictiúr: Ealaín chlúdaigh âme sœur le UMAN.

Martyn – Through Lines (3034)

Through Lines by Martyn

Ar Through Lines, cnuasach na míosa domsa, tiomsaíonn an léiritheoir dordcheoil Martyn Deijkers dosaen rianta dá chuid a tháinig amach ar lipéid éagsúla thar na blianta nach furasta teacht orthu, agus cuireann sé ar fáil i bhfoirm athmháistrithe iad ar a lipéad fhéin, 3024. 

Más mar léiritheoir teicneo is mó a aithnítear Martyn inniu, ba léiritheoir cheol druma is dord é an chéad lá. 

Tugann Through Lines ar aistear sinn ó luatheisiúintí an Ísiltírigh sa stíl úd ar lipéid mar Bassbin Bhaile Átha Cliath (‘Cloud Convention’) agus Revolve:r Mhanchain (‘Get Down’) go rianta iar-dubstep a chum sé do lipéid amhail Tectonic (‘Yet’), Apple Pips (‘Suburbia’) agus Hyperdub (‘Mega Drive Generation’) – agus as sin go fuaimeanna tomhaiste tech house mar ‘For Lost Relatives’. 

Ceol den gcéad scoth ó thús deireadh, ach molaim athmheascán taibhsiúil Martyn de ‘Broken Heart’ de chuid TRG go háirithe.

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Bealtaine 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó