Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-meitheamh-2024

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Meitheamh 2024

| Ben O Faolain | ,

Shoshy – Darenimo (Lewis)

誰にも (Darenimo) by Shoshy

D’ainneoin gur ag gig de chuid Michael Jackson a casadh athair Éireannach agus máthair Sheapánach Shauna Kelly (Shoshy) ar a chéile, bíonn an bhean óg seo as Colchester, Sasana ag cumadh amhrán a ascalaíonn idir func mín tomhaiste Khruangbin (‘2Sucky’) agus a léamh éadrom aerach féin ar fhuaim shoegaze Lush agus My Bloody Valentine (‘Summer Part. 1’ agus ‘The Truth’).

Tugann ‘Time Traveller’ agus ‘In My Garden’ i dtreo cheol sícideileach na 60idí sinn agus canann sí ‘大丈夫/ It’s Okay’ i Seapáinis.

‘Cos I’m floating, in sugar coating, right under the sun’, a deir Kelly ar ‘Summer Part 1’ – líne a thugann cur síos i mbeagán focal dúinn ar fhuaim thaibhsiúil na n-amhrán simplí croíúil seo.

Grianghraf: Shoshy (Creidmheas: Mike Lewis)

Kneecap – Fine Art (Heavenly)

Fine Art by KNEECAP

Saothar iontach é Fine Art — turas ceart d’albam téama. 

Suite i dteach tábhairne dá samhlú féin, The Rutz, tugann idirthraicanna spraíúla gáirsiúla ó phort go port sinn. 

Slí an-éifeachtach í chun bogadh ó ábhar go hábhar agus ó stíl go stíl gan tuairt a bhaint as an éisteoir. 

Tá obair na gcapall déanta ag an léiritheoir Toddla T chun blas agus stíl an cheoil a chur in oiriúint do bhrí agus mothúcháin liricí Móglaí Bap agus Mo Chara. 

Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil rudaí bainte amach ar son na Gaeilge ag “degenerate hoods who like to get pissed” (‘Fine Art’) nár éirigh le fir mheánaosta gléasta i seaicéid bhréidín a dhéanamh, ach is é an ceol féin an rud is tábhachtaí anseo. 

Níl albam eile cosúil le Fine Art ar domhan. 

Léigh an léirmheas iomlán anseo.

Max Graef – Natural Element (Tartelet)

Natural Element by Max Graef

Más ina shuí ar phónaireán atá Max Graef ar Natural Element tá a intinn ag taisteal na réaltraí. 

Deich mbliana ó shin bhí ainm Graef in airde, taobh le leithéidí Glenn Astro agus Uffe, as a chumas chun feidhm a bhaint as modhanna samplála an léiritheora hip hap chun ceol scrofa house a léiriú. Tá a phort athraithe ó shin, agus teaspach an fhir óig curtha dó aige. 

Éalúchas den chéad scoth atá in Natural Elements agus Graef ag cur fáilte romhat isteach i ndomhan ceoil ligthe luisniúil. 

Táimse tar éis cuairt a thabhairt ar an áit go minic le cúpla mí anuas agus ní bhíonn an chuma chéanna ar an tírdhreach aon dá bhabhta. Táim cinnte nach mar sin a bhuail solas na gréine na cnoic ghrianchloiche úd thall inné, abair. 

Ióga do na cluasa.

Duval Timothy – 2 Sim (Carrying Colour, 2018)

2 Sim by Duval Timothy

Ealaíontóir ildisciplíneach de shliocht Siarra Leonach é Duval Timothy, agus is saothar gleoite é 2 Sim a d’eitil faoi bhun mo radar isteach nuair a eisíodh an chéad uair é sé bliana ó shin. 

Tagairt do ghuthán an inimircigh atá i gceist le ‘2 Sim’ an teidil –  frása Krio (an teanga chrióil a labhartar in Freetown, príomhchathair Shiarra Leon) é a úsáidtear ar mhaithe le cur síos a dhéanamh ar an té a mbeadh dhá fhéiniúlacht náisiúnta aici nó aige.

Scrúdú ar thaithí an duine atá i gceist le ceol an albaim, mar sin, é tógtha as giotaí d’agallamh a dhein Timothy lena mhuintir agus lena chairde fite fuaite le fuaimeanna fachta ó cheantar Freetown agus le ceol bog pianó seinnte ag Timothy féin.

Antraipeolaíocht i bhfoirm fuaime, mar a deir tráchtas a d’fhág éisteoir ar leathanach Bandcamp an albaim, agus an ceart ar fad aige. 

Éist le ‘All Things’ is abair liom nár bhog do chroí ionat.

Grianghraf: Ealaín chlúdaigh Breaker’s Revenge (Creidmheas: Soul Jazz Records)

Ceoltóirí Éagsúla – Breaker’s Revenge: Original B-boy and B-Girl Breakdance Classics 1970-84 Curtha i Láthair ag Arthur Baker (Soul Jazz Records)

Cad é seo, go díreach? Tiomsachán ollmhór des na rianta func, dioscó, sól agus leictreo a bhíodh ‘á gcaitheamh anuas’ ag diosmharcaigh mar Kool Herc, Grandmaster Flash agus Afrika Bambaataa dóibh siúd a raibh fonn brisdamhsa orthu ag na chéad chóisirí hip hap i ndeisceart an Bronx le linn na 70idí agus na 80idí.

An bhfuil aon mhaith ann? An ag magadh atá tú?! 

Bhí bunchloch an rapcheoil á leagan ag Herc, Flash agus Bambaataa agus iad ag gearradh na bpíosaí is fuinniúla is rithimiúla agus is troime de phoirt mar ‘Champ’ le The Mohawks, ‘Give It Up Or Turn It Loose’ le James Brown nó ‘Dance To The Drummer’s Beat’ le Hermann Kelly le chéile beo ar dhá chaschlár. 

Bheadh na rithimí céanna le clos sampláilte ar na mílte ceirníní hip hap os na 80idí ar aghaidh. 

Ní hamháin sin, agus ‘breakers’ Shasana mar DJ Die agus Roni Size ag léiriú ceol druma & dord sna 90idí ba as na rithimí céanna a bhaineadar úsáid go minic. 

Laigí? Tá cúpla mór-rian in easnamh nár éirigh le ceirníní Soul Jazz cead a fháil iad a atheisiú. Bhraithfeá uait ‘Apache’ de chuid Incredible Bongo Band agus ‘The Mexican’ le Babe Ruth, go háirithe dá mbeithfeá ag dioscmharcaíocht cóisir bhrisdamhsa!

An breithiúnas? Caith síos giota líonóile, a chomrádaí, go ndéanfaimid cúpla shape!

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Meitheamh 2024 appeared first on NÓS.

Níos mó