Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-bua-ag-an-‘conman’-ar-an-‘old-man’-–-drochoiche-do-joe-biden

An bua ag an ‘conman’ ar an ‘old man’ – drochoíche do Joe Biden

“Let’s not act like children,” arsa Donald Trump agus bhí buaic na híoróine bainte amach againn i ndíospóireacht uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“You are a child,” arsa an tUachtarán Joe Biden agus grinneall na geamaireachta truamhéalaí sroichte againn.

Ag argóint faoi cé acu an galfaire is fearr a bhí an bheirt atá ag iarraidh go dtoghfaí mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá iad. Chaitheadar tamall gearr díreach ina dhiaidh ag argóint faoi cé acu is túisce a thosnódh an triú cogadh domhanda.

Ach an méad a chuaigh roimhe sin a d’fhág gur tubaiste amach is amach a bhí sa díospóireacht seo don Uachtarán Joe Biden agus don Pháirtí Daonlathach, a bhfuil ceisteanna fíorchrua le plé acu.

Bhí go leor cainte le tamall faoi a thábhachtaí is a bhí an díospóireacht seo.

An chéad díospóireacht idir uachtarán agus iaruachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí inti. Ina theannta sin, ba dhíospóireacht í idir an t-uachtarán is sine riamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an té a bhainfeadh an chraobh sin de roimh dheireadh a chéad théarma dá n-éireoidh leis.

Mar a tharla chaith an bheirt cuid mhaith ama i mbun argóna faoi ghné eile den stair, cé acu an t-uachtarán is measa riamh.

Ó thús na díospóireachta, bhí Biden stadach neamhchinnte éaglórach. Bhí cuma na haoise air. Bheadh trua agat dó. Bhí sé deacair féachaint air.

Timpeall leathshlí tríd an díospóireacht in Atlanta Georgia, dúirt Trump gan frapa gan taca, “I didn’t have sex with a porn star”.

“You have the morals of an alley cat,” a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá leis.

De ghnáth bheadh an méid sin féin ina ábhar cainte go ceann i bhfad, mír chinniúnach i ndíospóireacht stairiúil.

Ach is ar éigean gur fiú a bheith ag déanamh anailíse ar a leithéid nó ag seiceáil na bhfíricí faoi na polasaithe nuair gurb é príomhscéal na díospóireachta ná teip léanmhar Joe Biden agus a bhoichte is a bhí an plé faoi ábhair thromchúiseacha éagsúla. Cé dó a vótálfadh duine óg a thacaíonn le cás mhuintir na Palaistíne, mar shampla?

“And by the way…” a dúirt an tUachtarán Biden ag pointe amháin…

D’fhéach sé isteach sa cheamara agus tost a lean. Chuirfeadh sé i gcuimhne duit an scéal grinn a bhíodh ag an bhfuirseoir Seán Hughes faoin meisceoir a déarfadh mar thús lena chéad chomhrá le strainséir sa phub, ‘And another thing…”.

D’fhéadfaí cás a dhéanamh go raibh níos mó céille agus níos mó den fhírinne ag baint le go leor dá raibh le rá ag Biden faoi na ceisteanna a bhí faoi chaibidil acu, ach ba chuma.

Má bhí lucht Trump ag iarraidh reifreann faoi shláinte intinne Biden a dhéanamh den díospóireacht d’éirigh leo, agus ní a n-iarrthóir féin ba chúis lena mbua. Cé gur chuaigh Biden i bhfeabhas ábhairín de réir mar a chaill Trump guaim ar fhéin, bhí sé chomh scaipthe lag sin go ndéanfá dearmad ar an amadán breallach ar thaobh na láimhe clé den scáileán.

Bhí Donald Trump ina Donald Trump.

Chaith sé an díospóireacht ag rámhaille, ag scilligeadh éithigh agus ag déanamh áibhéile faoin áibhéil a bhí á déanamh aige.

An príomhchuspóir a bhí ag Biden a chruthú do lucht an amhrais go raibh sé ar a chiall a dhóthain agus go raibh dóthain fuinnimh ann chun a bheith ina uachtarán arís. Bhí fuar aige.

Mar is gnáth, bhí na consain agus na gutaí ag teacht as béal Trump faoi mar a bheidís ag titim as mála Scrabble a d’iompófá bunoscionn, ach ní a ruthaig chainte a tharraingeodh d’aird ar an scáileán roinnte an turas seo ach Joe Biden ag cruachan in aghaidh na hanachaine agus na haoise.

Ní den chéad uair, dhiúltaigh Trump os comhair an tsaoil mhóir a rá go nglacfadh sé le guth an phobail dá gcaillfeadh sé an toghchán.

Ach ba chuma.

Ag tosach an allagair a leagadh síos an tslí a bheadh an chuid eile de. “We finally beat Medicare,” a spalp Biden amach de phreab agus ciorruithe cánach Trump do lucht an rachmais á cháineadh aige.

“He did beat Medicare,” arsa Trump. “He beat it to death, and he’s destroying Medicare.”

Bhí an caighdeán a bhí leagtha síos do Biden ag daoine áirithe chomh híseal sin go mba dhóigh leat gur bua mór a bheadh ann dá n-éireodh leis fanacht ina dhúiseacht agus tuiscint éigin a léiriú ar na bunfhíricí.

Bíonn an caighdeán níos ísle fós do Trump, fear a ciontaíodh le déanaí i 34 cúis choiriúil agus an chéad uachtarán ar a thír ar deineadh táinseamh faoi dhó air.

An té nach mbeirtear air téann sé i ndánaíocht, a deirtear, ach a mhalairt atá fíor i gcás Trump. Is fada ó bhí aon duine ag súil go léireodh Donald Trump go raibh tuiscint aige ar na bunfhíricí, nó go n-aithneodh sé fiú go bhfuil a leithéid ann.

Is beag an bhuairt a chuireann sin go léir ar a lucht tacaíochta dílis, ach níor dhein Trump faic anocht chun na measarthaigh a mhealladh.

Ba chuma.

Bhí an-oíche aige agus sin an fáth go bhfuil scaoll tagtha ar na Daonlathaigh agus caint tosaithe faoi dhul i muinín iarrthóra eile.

Níl ach trí bliana idir Biden agus Trump, ach cruinn go maith a bhí an tráchtaire a thug ‘the old man versus the conman’ ar an gcoimhlint eatarthu.

Bhí an oíche leis an ‘conman’ gan braon allais a shileadh.

“Something snapped in you when you lost the last time,” a dúirt Biden le Trump i dtreo dheireadh na díospóireachta. An rud is annamh is iontach, pointe soiléir gonta.

Ach cé a éisteoidh anois leis?

Níos mó