Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

An gcaithfear éisteacht?

| Dáithí Anraí |

Le Ciarán Ó Pronntaigh

Píosa beag níos lú ná 3%. Sin an céatadán d’Fheisirí Parlaiminte ón áit seo atá i dteideal suí in Westminster. Maífidh cuid de na páirtithe gur tábhachtach é an guth is airde a fháil le cás na sé chontae a chur os comhair cibé rialtas a bheidh i gcumhacht ar an 5 Iúil. Bímis rud beag níos réalaíche. Fiú dá mbeadh gach páirtí ag triall ar Londain a labhairt ar ár son, níorbh fhéidir bheith cinnte go gcluinfeadh an rialtas úr glór aontaithe uainn. Nár thapaigh an DUP an deis a dtacaíocht a dhíol leis na Tóraithe ar bhilliún punt nó mar sin roinnt blianta ó shin? Ceart go leor, bhí siad faoi gheasa ag an Bhreatimeacht ag an am agus shíl siad go raibh an domhan faoina smacht acu. Ba shuarach an margadh a bhí acu ach léiríonn sé an fíorthionchar atá ag an áit seo. Sna blianta ina dhiaidh, ag tógáil ar an tacaíocht a fuair siad ón DUP, ghéaraigh na Tóraithe ar a bpolasaithe diana agus táimid san áit a bhfuilimid anois.

Ach ní hionann sin agus nach bhfuil tábhacht leis an olltoghchán anseo. A bhuí leis na páirtithe áitiúla, tá an choimhlint ag éirí spleodrach. Oíche chinniúnach a bhí ag an DUP oíche Chéadaoin, mar shampla, nuair a chuir an ceannaire nua, Gavin Robinson, a rian ar an pháirtí trína rá go bhfuil an teorainn i Muir Éireann fós ann agus gurb é an DUP a chuirfeadh críoch leis an obair a ‘chríochnaigh’ siad sa chomhaontú le Rialtas na Breataine, ‘Safeguarding the Union’. Taobh amuigh den áiféis a bhain leis an óráid a thug sé, tá iomlán céille leis i gcomhthéacs an toghcháin. Cé gurbh eisean crann taca Jeffrey Donaldson nuair a bhí an páirtí á bhrú ar ais go Stormont, tá sé anois ag iarraidh spás a chur idir é féin agus an seancheannaire, rud atá ciallmhar agus cás cúirte i gcoinne Donaldson ar siúl faoi láthair. Thar rud ar bith eile, áfach, is dúshlán é don TUV, iarracht iad a chur ó dhoras sna suíocháin atá faoi bhagairt, Béal Feirste Thoir agus Gleann an Lagáin go háirithe.

Ní raibh Sinn Féin ar chúl an dorais ach oiread agus iad ag pleanáil chosaint Fhear Manach/Thír Eoghain Theas. Cé a shamhlaigh gurbh fhéidir go mbeadh ceannaire RCN, Pat Cullen, ina comharba ar Michelle Gildernew? Beidh díomá ar Sinn Féin go mbeidh an SDLP ag seasamh an iarraidh seo agus nach mbeidh ach an UUP sa troid ar an taobh Aontachtach.

Cé gur sheas Sinn Féin siar i mBéal Feirste Theas/An Dún Láir, ní comhartha é seo nach mbeidh iomaíocht ghéar ann idir na páirtithe Náisiúnacha, go háirithe san Fheabhal. An t-am deiridh, chaill Sinn Féin an suíochán cionn is gur thit an páirtí sa chathair amach go tubaisteach agus go poiblí. Tá deireadh leis an aighneas sin anois agus tá an páirtí ag dul ó neart go neart arís sa cheantar. A mhalairt de scéal atá ag an SDLP. Ar an drochuair, d’éirigh roinnt comhairleoirí as an pháirtí mar gheall ar an dóigh ar roghnaíodh Lilian Seenoi-Barr mar an chéad Mhéara nua ar an chathair. An leor an cheannairc seo chun an suíochán a bhaint de cheannaire an pháirtí? Beidh le feiceáil, ach cailliúint mhór a bheadh ann dá gcaillfeadh Colm Eastwood é.

Fiú mura mbeadh spéis agat sa pholaitíocht, ba dhoiligh gan aird a thabhairt ar an fheachtas atá ar siúl ag Páirtí na Comhghuaillíochta i nGleann an Lagáin agus i mBéal Feirste Thoir. Má bhaineann siad i gceachtar den dá áit, beidh éacht déanta acu ach má bhíonn an lá leo in éadan cheannaire an DUP, Gavin Robinson, beidh ceisteanna móra le cur ar an cheannaire nua a bheidh gan suíochán.

Ach cén deireadh a bheidh leis an gheáitsíocht seo ar fad, do bharúil? Is fiú súil a chaitheamh ar na figiúirí. In 2019, bhain an DUP 8 suíochán ar 30.6% den vóta. Táimid ag caint anois ar thacaíocht de 22-23% de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí. Seans go n-ardóidh an figiúr sin níos cóngaraí don toghchán ach beidh obair orthu anois 8 suíochán a thabhairt leo. Scéal eile ar fad atá ag Sinn Féin a bhfuil figiúr de thart ar 26% acu, ardú mór ón drochbhliain a bhí acu in 2019. Má chailleann Aontachtaithe suíochán ar bith an iarraidh seo, beidh brú arís ann reifreann ar an teorainn a ghairm.

Ach le dul ar ais chuig an phictiúr mhór, más maith leat, níl aon chinnteacht go mbeidh Keir Starmer sásta an t-airgead breise atá de dhíth ar Stormont a thabhairt, go háirithe agus geallúintí tugtha aige nach mbeidh ardú ar an cháin ioncaim. Is cinnte nach mbeidh sé chomh fial agus a bhí Rialtas Blair i mblianta tosaigh Stormont. Agus maidir le Staid Mhic Asmaint, an mbeidh fonn ar Sunak an maoiniú atá de dhíth a thabhairt in am do sprioc Eufa agus é i lár feachtas toghchánaíochta?

Níos mó