Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ba-choir-eiri-as-bunu-aonad-gaeilge-i-scoileanna-bearla-–-taighde-nua

Ba chóir éirí as bunú aonad Gaeilge i scoileanna Béarla – taighde nua

Moltar i dtaighde nua, a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais, nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.

Rinneadh an taighde mar chuid de dhréachtú an pholasaí nua atá á fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá bunú aonad agus sruthanna Gaeilge i scoileanna Béarla ar cheann de na príomhpholasaithe atá ag an Roinn le blianta fada chun freastal ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge.

Ach tuigtear do Tuairisc go léiríonn an taighde nua go bhfuil ag teip ar an aonad Gaeilge mar mhúnla don ghaeloideachas.

Tuigtear do Tuairisc freisin go moltar sa taighde nua, a rinne meitheal taighdeoirí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, go mbeadh aon aonad Gaeilge a bhunófaí ceangailte le hiar-bhunscoil Ghaeilge.

Tá an taighde nua ina moltar múnla an aonaid a sheachaint curtha faoi bhráid na  Roinne Oideachais, ach tá imní mhór ar lucht an ghaeloideachais go ndéanfaidh an Roinn neamhaird ar phríomh-mholadh an taighde a choimisiúnaigh siad féin.

An tseachtain seo caite féin, thug an Roinn le fios go rabhthas ag lorg léirithe spéise ó iar-bhunscoileanna Béarla i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a mbeadh fonn orthu aonad a bhunú le freastal ar an éileamh ar an ghaeloideachas sa cheantar.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Cormac McCashin, Bainisteoir Tacaíochta leis an Fhoras Pátrúnachta, pátrún do scoileanna lán-Ghaeilge, go bhfuil siad buartha go leanfaidh an Roinn lena cur chuige aonaid agus sruthanna a bhunú seachas aird a thabhairt ar an taighde nua.

“Tá muid ag súil leis go mbeidh cur síos cuimsitheach sa taighde seo ar na fadhbanna a bhaineann le haonaid maidir le tumoideachas ceart a chur ar fáil, labhairt na Gaeilge a chosaint, múinteoirí inniúil sa Ghaeilge a earcú agus féiniúlacht a bheith ag na daltaí, ach tá mé buartha gur cuma leis an Roinn faoi sin.

“Sílim gur ceist don rialtóir airgeadais a bheadh ann dá mbeadh an Roinn ag iarraidh leanúint le múnla don oideachas lán-Ghaeilge nach bhfuil éileamh air agus a dteipeann air go minic.”

Dúirt McCashin nach bhfuil aon mhúnla oideachais eile ann “a theipeann air chomh forleathan sin”. Dúirt sé gur “cur amú millteanach” acmhainní a bheadh ann dá leanfaí leis an chur chuige sin agus gurbh amhlaidh go mbeadh daltaí ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil “á ligean síos”.

I ráiteas a chuir an tAire Oideachais Norma Foley amach an mhí seo faoin dul chun cinn atá déanta i dtaobh an pholasaí nua don oideachais lán-Ghaeilge, luadh bunú aonad agus sruthanna Gaeilge in iarbhunscoileanna Béarla i measc na bpríomhchuspóirí a bheidh sa pholasaí.

I ráiteas eile a chuir an Roinn Oideachais amach an tseachtain seo caite faoin agóid a reáchtáil lucht feachtais atá ag éileamh iarbhunscoil Gaeilge i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, dúirt an Roinn go raibh “fáilte” á cur acu roimh aon phátrún ar mian leo aonad Gaeilge a bhunú i scoil Bhéarla sa cheantar nó roimh aon iarbhunscoil Bhéarla ar mian leo iompú ina Gaelcholáiste.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur ‘cur i gcéill’ atá ar bun ag an Roinn Oideachais i leith an tumoideachais.

“Níl ár bhfeachtas i mBÁC 2,4,6,8 ag iarraidh go mbunófaí aonad le freastal ar dhaltaí Ghaelscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde. Ní réiteach é agus ní ghlacfaidh muid leis sin.

“Léiríonn an teachtaireacht is déanaí ón Roinn nach bhfuil siad ag caitheamh go dáiríre le hoideachas lán-Ghaeilge a sholáthar do dhaltaí nuair atá éileamh soiléir léirithe dóibh agus níl siad ag cloí, mar sin, leis an ngealltanas atá tugtha acu ina gClár Rialtais féin,” a dúirt de Spáinn.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil cur síos cuimsitheach sa taighde nua ar go leor de na cúiseanna a dteipeann ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla, ina measc an easpa soláthar múinteoirí agus ábhar, nósanna cainte na ndaltaí agus córais bainistíochta agus infreastruchtúr nach mbíonn ag tacú le forbairt ná le fás an aonaid.

Tuigtear freisin go bhfuil moltaí sa taighde chomh maith faoi na bealaí a bhféadfaí scoil neamhspleách a dhéanamh d’aonad atá ann cheana.

Tá ábhar dóchais sa taighde freisin faoi chur chuige na scoile satailíte, a d’fhéadfadh tacú le hoideachas lán-Ghaeilge in áiteanna nach bhfuil daltaí go leor ann le Gaelcholáiste nua a bhunú.

Rinne Tuairisc iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar chóip den taighde ach diúltaíodh don iarratas. Dúradh go raibh an taighde “á mheas ag an Roinn”.

Tagann an taighde nua faoi na haonaid, a rinne T.J. Ó Ceallaigh, Muiris Ó Laoire agus Máire Uí Chonghaile, sna sála ar thuarascáil eile a réitigh Sealbhú, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, faoin phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh don pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge.

Dúradh sa tuarascáil sin go mbíonn “torthaí teanga níos fearr ann” nuair a bhíonn “suíomh oideachais saorsheasaimh” i gceist seachas aonad nó sruth agus go raibh “teachtaireacht shoiléir” ó rannpháirtithe sa chomhairliúchán faoin bpolasaí nua gur “suíomhanna lán-Ghaeilge a theastaíonn uathu”.

Níos mó