Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘da-mheid-ar-mortas-as-micheal,-is-ea-is-mo-ar-mbron-ar-a-bhas’-–-omos-leirithe-do-mhicheal-o-muircheartaigh

‘Dá mhéid ár mórtas as Mícheál, is ea is mó ár mbrón ar a bhás’ – ómós léirithe do Mhícheál Ó Muircheartaigh

| Tuairisc.ie | ,

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUígínn ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu don sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh, a bhásaigh inné.

Chaith Ó Muircheartaigh, a rugadh i nDún Síon i gCorca Dhuibhne, breis is trí scór bliain i mbun tráchtaireachta ar na cluichí Gaelacha do RTÉ agus an cion a bhí ag daoine air le brath san ómós atá á léiriú dó.

“Beidh ceangal go brách inár gcuimhne idir Mícheál Ó Muircheartaigh, agus go speisialta a ghlór so-aitheanta, agus cuid de na cluichí ab iontaí riamh i stair CLG,” a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn. “Is iontach go deo an oidhreacht atá fágtha le huacht ag Mícheál Ó Muircheartaigh, lena Ghaeilge bhinn a thug brí agus beocht do na cluichí Gaelacha.

“Is iomaí cluiche a mhaireann i gcuimhne na ndaoine de bharr a chuid tráchtaireachta seachas an imirt féin ar an bpáirc. Rinne Mícheál cluiche eipiciúil as gach cluiche, agus thug a thráchtaireacht leis tábhacht na hócáide, an t-atmaisféar sa staid nó sna hardáin, tuile agus trá na himeartha agus gach nóiméad de chluichí, ar bhealach nach ndéanfadh aon duine eile.

“Thug a stór céadach eolais ar imreoirí, a gclubanna, a muintir agus a ngaolta, a chur amach ar gach paróiste agus gach baile fearainn fud fad na tíre, léargas fíor-eisceachtúil don éisteoir agus don lucht féachana.

“Thar thréimhse 61 bliain ba gan stró a chruthaigh a ghlór ar leith pictiúir dúinn, a thráchtaireacht ag méadú ár ndúil sa mbua nó sa chliseadh ach a bhí, thar aon ní eile, lán le teannas, sceitimíní agus gliondar croí.

Luaigh an tUachtarán Ó hUígínn an “cineáltas” agus an “greann dóite” a léirigh Ó Muircheartaigh i gcónaí agus an obair a rinne sé le Bord na Gaeilge sé chun an teanga a chur chun cinn ar fud na tíre.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Jarlath Burns comhbhrón le clann Uí Mhuircheartaigh agus dúirt go raibh an-chion aige air ó bheith ag éisteacht leis agus ó bheith ag obair leis sna meáin.

“Gach duine a d’éist le tráchtaireacht Mhíchíl, mhothaigh siad go raibh sé ag caint leo go pearsanta agus mhothaigh gach duine go raibh aithne phearsanta acu ar Mhícheál cé acu ar bhuail siad leis nó nár bhuail. Nuair a fuair daoine seans labhairt le Mícheál ansin, chothaigh sé an caidreamh sin iontu, go raibh aithne phearsanta aige ar gach duine,” a dúirt Burns.

“Is cuimhin liom agus mé i m’imreoir, i gcónaí nuair a bhí cluiche tábhachtach ag teacht aníos, an cheist a bhíodh againn i gcónaí ná ‘An mbeidh Mícheál Ó Muircheartaigh ag déanamh tráchtaireachta ar an gcluiche?’ Bheadh sé ina onóir iontach mór ag duine a bhí ag imirt dá mbeadh a ainm [le cloisteáil] i nguth Mhíchíl.”

I ráiteas a d’eisigh an Taoiseach Simon Harris, dúirt sé gur údar bróin dó cloisteáil faoi bhás Uí Mhuircheartaigh, “glór aitheanta na gcluichí Gaelacha”.

“Laoch ceart a bhí ann ag muintir na hÉireann,” a dúirt Harris. “Bhí glór álainn aige agus é an-phointeáilte faoi na mionsonraí. Bhí gach cluiche beo bríomhar as a bhéal ar an raidió.

“Bhí an-dáimh aige le lucht spóirt agus meas aige orthu agus ba mhian leis i gcónaí iad a thuiscint níos fearr ná aon duine eile. B’aoibhinn lena chroí saol an spóirt.

“Óna dhúchas i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí, thug sé leis a líofacht shnasta sa Ghaolainn agus bhí sé ar dhuine de na hambasadóirí ab fhearr a bhí ag an teanga.”

Bhí an t-iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa ina measc siúd a thug ómós don Chiarraíoch ar eagrán speisialta den chlár Liveline ar RTÉ Radio 1

“Is é guth na nGael é, dá mbeifeá as baile áit éigin agus tú ag éisteacht le cluiche, ba eisean guth an bhaile,” a dúirt Mhic Giolla Íosa.

“Bhí sé fíorchumasach, a chur síos agus a chuid seanchais thar barr ar fad. Is maith is cuimhin liom fós é ag insint faoi dhul ag Aifreann mheán oíche na Nollag i gCiarraí sa trap agus an pónaí faoi agus é ina stócach.

“A insint ar an scéal sin agus an cur síos a bhí aige. Ní fhéadfadh aon leabhar, aon rud a ceart a thabhairt dá insint ar an scéal sin ar an raidió. Fíorghalánta go deo.”

“Dá mhéid ár mórtas as Mícheál, is ea is mó ár mbrón ar a bhás,” a dúirt Máire Mhic Giolla Íosa.

“Beag beann ar an teanga a gcuirtear an t-ómós dó in iúl, ní bheimid go deo ábalta a cheart a thabhairt don Ghael lán éirime seo. Ní bheidh a leithéid arís ann.”

I measc na nGael eile a thug ómós don Mhuircheartach, bhí an feisire Eorpach agus iarUachtarán CLG, Seán Kelly.

“Cé go raibh sé sean, cheapamar nach ngeobhadh sé bás go deo. Bhí an chuma sin air,” a dúirt Kelly ar Raidió na Gaeltachta.

Dúirt an Ceallach go raibh tionchar as cuimse ag Ó Muircheartaigh ar scaipeadh na gcluichí Gaelacha i measc an phobail.

“Ó thaobh Chumann Lúthchleas Gael de, is cailliúint mhór é nach bhfuil sé linn chun Cumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn. Rinne sé a lán, lán, chun daoine óga go háirithe a spreagadh chun ár gcluichí a leanúint,” ar sé.

“Táimid faoi chomaoin go mór ag Mícheál Ó Muircheartaigh as an dul chun cinn a rinne Cumann Lúthchleas Gael de bharr go raibh an meas sin ag daoine air agus de bharr na tráchtaireachta iontaí a rinne sé

“I cuimhin liom lá a bheith ag taisteal agus ag éisteacht le cluiche agus, i ndáiríre, bhí sé níos fearr ná a bheith ag an chluiche. Bhí sé chomh beo agus phéinteáil sé na pictiúirí go hiontach,” a dúirt Kelly.

“Is minic a chuireadh daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís, chuireadh siad air an raidió chun éisteacht le Mícheál ag an am céanna.”

Dúirt Kelly go raibh “rógaireacht” ag baint le Ó Muircheartaigh i gcónaí ach gur léiriú a bhí sa mheas a bhí ag daoine air go raibh a ainm á chur chun cinn i gcomhair uachtaránachta na tíre tráth.

Dúirt Micheál Ó Críodáin, iarchúl báire le peileadóirí Chorcaí, go raibh ceangal ar leith ag Ó Muircheartaigh le Baile Bhuirne ó d’fhreastail sé ar Choláiste Íosagáin agus gur minic go labhródh an bheirt lena chéile roimh chluichí a bhíodh ag Corcaigh.

“Nuair a thiocfadh sé isteach go dtí an seomra feistis, bheadh sé ag labhairt ar dtús leis na bainisteoirí ach thiocfadh sé sall chugamsa agus bhímis ag labhairt agus labhraímis trí Ghaelainn. Is dócha go mbíodh gach éinne eile ag féachaint ar an mbeirt againn agus a rá ‘Cad atá ar siúl ansin’?”

Níos mó