Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
fine-gael-agus-fianna-fail-chun-cinn-o-dheas,-greim-an-fhir-bhaite-ag-an-gcomhaontas-glas-ar-an-suiochan-deiridh

Fine Gael agus Fianna Fáil chun cinn ó dheas, greim an fhir bháite ag an gComhaontas Glas ar an suíochán deiridh

Toghlach: An Deisceart
Líon Suíochán le Líonadh: 5
An Cuóta: 16.7%

An Ceantar: Na contaetha ar fad i gCúige Mumhan chomh maith leis na contaetha seo i nDeisceart Laighean – Cill Mhantáin, Loch Garman, Ceatharlach agus Cill Chainnigh.

Na hIarrthóirí: Tá 23 iarrthóir ag seasamh sa toghcheantar mór seo, ina bhfuil meascán de cheantair láidre feilméarachta le trí chathair – Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge – agus neart bailte móra, ar nós Inis, Cill Chainnigh, Cluain Meala agus Trá Lí. Tá cúigear le toghadh. Tá ceathrar den chúigear a toghadh in 2019 ag seasamh aríst: Seán Kelly (FG), Grace O’Sullivan (An Comhaontas Glas), Mick Wallace (Independents 4 Change) agus Billy Kelleher (Fianna Fáil). Níl Deirdre Clune (FG) ag dul ar aghaidh. Ina háit tá John Mullins (FG), duine nach bhfuil an oiread sin aithne air sa bpolaitíocht roimhe seo, cé go raibh sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Bhord Gáis ó 2007 go 2011 agus ina Uachtarán ar an gComhlachas Tráchtála [Chamber of Commerce] i gCorcaigh ó 2011 go 2013. Geobhaidh sé vóta láidir i gCorcaigh agus beidh sé san iomaíocht go dtí an deireadh.

Chaill an toghcheantar dhá chontae – Laois agus Uíbh Fhailí – ó bhí an toghchán deiridh ann in 2019 ach tá cúig shuíochán, an méid céanna, le líonadh i gcónaí. Rinne Fine Gael thar barr agus dhá shuíochán as cúig cinn a chrochadh leo le 31% den vóta in 2019. Bhí Seán Kelly (FG) ar bharr an chomhairimh le 118,444 vóta, míle go leith vóta gann ar an gcuóta. Fuair a chomhghleacaí, Deirdre Clune (FG) 64,605 vóta, agus toghadh í gan an cuóta a shroichint. Tá na pobalbhreitheanna ag tabhairt le fios go mbeidh Seán Kelly (FG) ar bharr an chomhairimh aríst an babhta seo agus d’fhéadfadh sé a bheith tofa ar an gcéad chomhaireamh agus má éiríonn le John Mullins (FG) vótaí Fhine Gael i gcathair Chorcaí a mhealladh, d’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht go dtí an deireadh.

Faoi láthair níl ach 4% aige sna pobalbhreitheanna agus ní leor san. Theastódh thart ar 8% uaidh sa gcéad chomhaireamh. Le bainistiú vótaí idir Seán Kelly (FG) agus John Mullins (FG) leis an vóta a roinnt go cothrom, d’fhéadfadh Fine Gael an dá shuíochán atá acu a choinneáil. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Billy Kelleher (FF) agus Cynthia Ní Mhurchú (FF), is é sin go mbeidh dóthain vótaí acu eatarthu le dhá shuíochán a thógáil ach an vóta a roinnt go cothrom. Níl seans na ngrást go mbeadh lucht tacaíochta Fhianna Fáil i gCorcaigh sásta vótáil d’iarrthóir ó chontae eile.

Is buntáiste don Seanadóir Paul Gavan (SF), nach bhfuil aon iarrthóir láidir ó Chathair Luimnigh ag seasamh, áit a bhfuil 11% den vóta idir chathair is chontae: beidh vóta ard á chaitheamh i Luimneach, mar go bhfuil an tríú toghchán ar bun ansin ar an Aoine, le Méara Luimnigh a roghnú, an chéad uair riamh a raibh a leithéid de thoghchán ar bun sa stát. Ach má tá Sinn Féin leis an suíochán a chaill Liadh Ní Riada (SF) cúig bliana ó shin a fháil ar ais, is mó seans gurb í Kathleen Funchion (SF), as Cill Chainnigh, a dhéanfaidh an beart, go speisialta agus Mick Wallace (Ind4Ch) sách lag sna pobalbhreitheanna.

Mick Wallace Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Gan Deirdre Clune (FG) san iomaíocht ba cheart go mbeadh vóta níos airde ag Billy Kelleher (FF), ag cur san áireamh gur i gCorcaigh, idir chathair is chontae, atá 31% de na vótaí sa toghcheantar seo. Seasfaidh sé dhó go bhfuil tréimhse amháin déanta aige i bParlaimint na hEorpa. Tá Gaeilge ag Kelleher, ach an oiread le Seán Kelly (FG), a bhíonn le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta ag caint faoi ghnaithí na hEorpa. Níl Cynthia Ní Mhurchú (FF), cainteoir breá Gaeilge eile, sách láidir sna pobalbhreitheanna le go dtógfaidh sí suíochán, gan aici ach idir 5% agus 7% den vóta, mura mbíonn farasbarr le roinnt ag Billy Kelleher (FF) agus ní dóigh liom go mbeidh.

Maidir le tíreolas, beidh suíochán amháin ag dul go hOirdheisceart Laighean. Is ag Mick Wallace (Independents 4 Change) ó Loch Garman atá an suíochán sin faoi láthair ach ní móide go mbeidh sin amhlaidh tar éis an toghcháin. Sna pobalbhreitheanna, tugtar idir 3% agus 5% dhósan, i bhfad taobh thiar de Kathleen Funchion (SF) ó Chill Chainnigh atá ar 10% agus 11%. Fuair Mick Wallace (Ind4Ch) aistriú láidir, 27%, ó Liadh Ni Riada (SF) in 2019. Seans maith an babhta seo go mbeidh vótaí Mick Wallace (Ind4Ch) ag aistriú i dtreo Kathleen Funchion (SF), le hí a chur thar an líne. Idir sin agus aistriú láidir óna comhghleacaí Paul Gavan (SF), chuirfeadh sé an-iontas orm mura mbeidh suíochán i bParlaimint na hEorpa ag an Teachta Dála Kathleen Funchion (SF).

Tá thart ar 10% den vóta ag iarrthóirí frith-imirceacha, agus Derek Blighe (Ireland First) chun tosaigh agus 4% aige sa dá phobalbhreith a tógadh, agus Eddie Punch (Independent Ireland) ar 3% i bpobalbhreith an Sunday Times. Theastódh go n-aistreodh beagnach gach vóta ó na hiarrthóirí frith-imirceacha eile go duine acusan le bheith san iomaíocht ag an deireadh agus ní tharlóidh sin.

Sean Kelly. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá suíochán Grace O’Sullivan (An Comhaontas Glas) i mbaol, gan aici ach idir 3% agus 6% den vóta. Níl branda na nGlasach chomh láidir is a bhí in 2019. Mar gheall go bhfuil sí le páirtí an rialtais, ní bheidh an oiread aistriúchán le fáil aici an babhta seo. Is í an t-aon iarrthóir ó Phort Láirge atá ag seasamh, áit a bhfuil 7% den daonra.

Léirigh an Teachta Dála Neamhspleách do Chontae an Chláir, Michael Mc Namara (Nspl) go bhfuil a thacaíocht ag méadú, 10% do réir pobalbhreith sa Sunday Independent. Bhí sé ina Theachta Dála leis an Lucht Oibre uair dá raibh. Mar gheall go bhfuil sé á lua mar iarrthóir a d’fhéadfadh suíochán a thógáil, meallfaidh sin níos mó daoine le vóta a chaitheamh dhó sa gClár, i Luimneach agus i dTuaisceart Thiobraid Árann.

Tá go leor iarrthóirí ón eite chlé ag seasamh sa toghcheantar seo – Lorna Bogue (Rabharta Glas); Susan Doyle (Daonlathaithe Sóisialta); Niamh Hourigan (Lucht Oibre); Cian Prendiville (Pobal Roimh Bhrabús) agus Patrick Murphy (Aontú), agus thart ar 10% den vóta acu eatarthu. D’fhéadfadh aistriú na vótaí sin a bheith tábhachtach do Grace O’Sullivan (CG) len í a choinneáil sa rása. Ceapaim go mbeidh an cúigiú suíochán idir Grace O’Sullivan (CG); John Mullins (FG) agus Mick Wallace (Ind4Ch). Má éiríonn le Grace O’Sullivan (CG) líon réasúnta ard vótaí aistrithe a fháil ó Niamh Hourigan (LO), Susan Doyle (SD) agus ó Lorna Bogue (Rabharta Glas) creidim go bhféadfadh sí an cúigiú suíochán a thógáil.

Réamhaisnéis: Seán Kelly (FG); Billy Kelleher (FF); Kathleen Funchion (SF), Michael McNamara (Neamhspleách) agus Grace O’Sullivan (CG).

Níos mó