Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
grad-‘f’-tugtha-ag-daltai-gaelscoileanna-don-rialtas

Grád ‘F’ tugtha ag daltaí Gaelscoileanna don Rialtas

| Tuairisc.ie | ,

Deir lucht agóide go mbíonn ar go leor daoine óga ó cheantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 imeacht ón ngaeloideachas toisc nach féidir leo freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge nuair a fhágann siad an bhunscoil

Grád ‘F’ tugtha ag daltaí Gaelscoileanna don Rialtas

Bhí daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí ó scoileanna lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath i mbun agóide lasmuigh de Theach Laighean arís inné agus Gaelcholáiste nua á lorg acu don cheantar.

Bhronn daltaí ó na scoileanna atá ag glacadh páirt sa bhfeachtas ‘Gaelcholáiste 2468’ tuairisc dheireadh bliana scoile ar an Rialtas agus grád ‘F’ tugtha dóibh as an teip iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú chun freastal ar na scoileanna.

Is iad Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde na scoileanna atá i mbun feachtais le roinnt blianta anuas, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, agus an scoil nua á héileamh acu.

Deirtear go mbíonn ar go leor daoine óga ó cheantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 imeacht ón nGaelscolaíocht toisc nach bhfuil an deis acu leo freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge nuair a fhágann siad an bunscoil.

“Tá feachtas Gaelcholáiste2468 ag éileamh ar an Aire Oideachais, Norma Foley, T.D., agus ar an Rialtas cinneadh a dhéanamh le Gaelcholáiste a bhunú inár scoilcheantar le trí bliana anuas,” a dúirt Louisa Ní Éideáin, tuismitheoir dalta atá ag freastal ar Bhunscoil Synge. “Seo muid arís, ag deireadh scoilbhliana eile, agus tá teipthe arís ar an Rialtas soláthar a dhéanamh do na daltaí sna 5 Ghaelscoil inár scoilcheantar.

De réir suirbhé a rinneadh i measc thuismitheoirí na ndaltaí sna cúig bhunscoil, bhí 521 dalta ag freastal ar na scoileanna a raibh spéis léirithe ag a dtuismitheoirí iad a chur chuig iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

“Deir an Rialtas seo go bhfuil siad ag iarraidh oibriú i dtreo líon na ndaltaí at bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí a dhúbailt. Más fíor seo, cén fáth nach mbunóidh siad Gaelcholáiste chun oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do mo pháiste agus do pháistí na dtuismitheoirí eile sna cúig Ghaelscoil inár scoilcheantar más mian leo leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge,” a dúirt Richard Donnelly, tuismitheoir dalta atá ag freastal ar Scoil Bhríde.

“Tá an mhoilleadóireacht ar an gceist seo ag cinntiú go bhfuil daltaí ag cailleadh amach ar an nGaeloideachas ar an dara leibhéal gach bliain agus go bhfuil ag teip ar an Rialtas lena sprioc féin.”

Agus é ag labhairt i dTeach Laighean faoin scéal an mhí seo caite, dúirt príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg, Cormac Chambers, go mbriseann sé croíthe na bhfoirne sna scoileanna nuair a fheictear dalta óg ag dul ar aghaidh go dtí iarbhunscoil lán-Bhéarla mar nach bhfuil an rogha aige nó aici freastal ar Ghaelscoil.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley níos luaithe i mbliana go raibh a roinn le dlús a chur le plean chun Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Níos mó