Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
is-deacair-dul-thar-fitzgerald,-griffin-agus-o’shea-i-gcorca-dhuibhne

Is deacair dul thar Fitzgerald, Griffin agus O’Shea i gCorca Dhuibhne

| tuairisc | ,

Caitheann Tuairisc súil ar na toghranna sna toghcháin áitiúla ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta. An babhta seo, tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne againn…

Tá 12,578 duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla i gCorca Dhuibhne Dé hAoine i gcomparáid le haon mhíle dhéag, naoi gcéad is a ceathair (11,904 a bhí i dteideal vóta a chaitheamh i gCorca Dhuibhne sna toghcháin áitiúla in 2019.

Sin 854 vóta sa bhreis le cúig bliana.

Tá ceisteanna náisiúnta ar nós easpa tithíochta inacmhainne, cúrsaí pleanála, bánú tuaithe agus scéimeanna bóithre ag déanamh tinnis do phobal na leithinse agus ní féidir ceisteanna logánta cosúil le heaspa bonneagair séarachais sna sráidbhailte, ionad ealaíon do bhaile an Daingin agus an éagothromaíocht idir turasóireacht inbhuanaithe agus ró-thurasóireacht a sheachaint ach oiread.

Michael D O’Shea a bhí chun tosaigh le 1,680 vóta céad rogha ar an gcéad chomhaireamh cúig bliana ó shin agus tá bonn maith láidir aige thoir i mBaile an Mhuilinn, an baile is mó fáis i gcontae Chiarraí le cúig bliana anuas. Tá fógraí eisithe le linn an fheachtais ag an gcomhairleoir O’Shea a gabháil leithscéil le pobal bhaile an Daingin agus laistiar de nach féidir leis a bheith i mbun canbhasála sa dá áit de bharr cúinsí nach bhfuil aon smacht aige orthu, dar leis.

Tá teannas i gcónaí idir beirt iarrthóirí Fhine Gael sa toghroinn, Séamus Cosaí Fitzgerald, atá ina chomhairleoir ó 1999, agus an t-iarrthóir eile, Tommy Griffin, atá ina rúnaí parlaiminte leis an dTeachta Dála Brendan Griffin. Bhí socrú canbhasála idir an bheirt sa toghchán deireanach ach níor thaitin leis an gcomhairleoir Fitzgerald nuair a lorg Griffin athchomhaireamh agus gan ach 20 vóta eatarthu beirt ar an gceathrú comhaireamh.

Meastar go mbeidh an vóta i mbaile an Daingin agus sa cheantar máguaird scoilte go maith an uair seo le hiarrthóir an Chomhaontais Ghlais, Peadar Ó Fionnáin agus Mike Kennedy an Lucht Oibre ag tarrac as pota nádúrtha Bhreandáin Fitzgerald. Ní hionann agus 2019, áfach, tá tréimhse cúig bliana curtha de an uair seo ag Breandán Fitzgerald mar chomhairleoir agus é ag plé le ceisteanna tithíochta, teanga agus tráchtála sa tréimhse sin.

Dála Tommy Griffin, is é seo an dara feachtas ag Robert Brosnan ó Shinn Féin, agus má éiríonn leis cur leis an 833 vóta céad rogha a bhí an uair dheireanach aige, beidh sé san áireamh.

Ní raibh vóta láidir go traidisiúnta ag an Lucht Oibre i gCorca Dhuibhne agus meastar go bhfanfaidh vótaí Mike Kennedy ar an dtaobh thiar den leithinis má chuirtear as an áireamh é.

Cé go bhfuil vóta Michael D O’Shea ag titim le roinnt toghcháin áitiúla anuas, meastar go mbeidh go leor vótaí aige chun cuóta a bhaint amach. Má chuireann Tommy Griffin leis an 1251 vóta céad rogha a bhí aige in 2019, beidh sé ana-dheacair a shuíochán a cheilt air.

Bhí 1,280 vóta céad rogha ag Breandán Fitzgerald in 2019 agus is cinnte go bhfuil suíochán idir é féin agus Séamus Cosaí Fitzgerald. Toisc é bheith ann as sa bhfeachtas agus toisc éiginnteacht a bheith ann i dtús na bliana an rithfeadh sé nó ná rithfeadh, is deacair cosán chuig Áras an Chontae a shamhlú an uair seo do Cosaí Fitzgerald.

Má thagann an óige amach go tréan, má vótálann na hÚcránaigh (cuimhnigh ar an 854 vóta san sa bhreis), má thagann sé i dtír ar vóta an Leitriúigh atá gan iarrthóir agus má chuirtear leis an vóta (777 vóta céad rogha) a bhí in 2019 ag an gComhaontas Glas, d’fhéadfadh gaoth a bheith i seolta Pheadair Uí Fhionnáin.

Is deacair áfach, dul thar Breandán Fitzgerald (FF), Tommy Griffin (FG) agus Michael D O’Shea (FF) don dtrí shuíochán.

Níos mó