Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-mian-linn-an-splanc-a-las-ronan-a-choinneail-beo’-–-feile-cheoil-nua-bunaithe-in-omos-do-ronan-mac-aodha-bhui

‘Is mian linn an splanc a las Rónán a choinneáil beo’ – féile cheoil nua bunaithe in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí

Tá féile nua, Dorn san Aer, bunaithe in ómós don sárchraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí.

Beidh an fhéile cheoil, atá á heagrú ag cairde agus muintir Rónáin Mhic Aodha Bhuí, i dteannta ceoltóirí a spreag sé agus ar chuidigh sé leo i rith na mblianta, ar siúl i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Agus an fhéile á fógairt, dúirt lucht eagraithe na féile Dorn San Aer gur mian leo “an splanc a las Rónán a choinneáil beo”.

“Bliain i ndiaidh a bháis, is mian linne, cairde, teaghlach agus pobal Rónáin, cuireadh a thabhairt do dhaoine, óg agus aosta, a theacht le chéile le comóradh a dhéanamh ar a shaol agus leis an splanc a las Rónán a choinneáil beo – agus is chuige sin atá muid ag cur tús leis an fhéile úr Dorn san Aer.”

‘Dorn san Aer’ seolta Pictiúr: Colm Hogan

Is féile trí lá a bheas in Dorn san Aer, a bheas ar siúl i nGaoth Dobhair, ceantar dúchais Mhic Aodha Bhuí.

Déanfaidh an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey an fhéile a oscailt go hoifigiúil ar an Aoine an 27 Meán Fómhair in Amharclann Ghaoth Dobhair agus leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh go dtí an Domhnach.

Beidh meascán mór ceoil le cloisteáil – rac, hip-hop, traid leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae – chomh maith le cainteanna spreagúla, Lá Teaghlaigh agus comórtas Cath na mBannaí.

Ar phríomhaíonna na féile beidh Bréag – banna as Béal Feirste a sheinn go minic ag an Cabaret Craiceáilte, oíche cheoil rialta a d’eagraigh Rónán Mac Aodha Bhuí i dTeach Hiúdaí i nGaoth Dobhair. Beidh Huartan, banna a bhuaigh duais Rónáin Mhic Aodha Bhuí ag Gradaim Ceoil Nós, ar stáitse ag Féile Dorn San Aer, chomh maith le Grooveline, banna func-snagcheoil, agus John Spillane, fear a bhuaigh dhá Dhuais Meteor don cheoltóir Ceol Tíre/Traid is fearr.

I measc na gceoltóirí eile a bheas ag dul ar stáitse, beidh an hamhránaithe Emma Ní Fhíoruisce agus Eve Bell, an píobaire Ciarán Mac Fheidhlimidh, an t-amhránaí agus fidléir Róisín Chambers, agus na grúpaí IMLÉ, Na Fíréin, Cigire na bPuntaí agus Elephant Brothers.

Rónán Mac Aodha Bhuí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl le linn an deireadh seachtaine beidh Ceardlann Damhsa, Preab sa Cheol, seó do pháistí óga agus seisiún ióga.

Dúirt lucht Fhéile Dorn San Aer gur deis atá san fhéile teacht le chéile agus “saol agus oidhreacht Rónáin a cheiliúradh”.

“Ba laoch é ag go leor agus ba Ghúrú na nGael é ar na haerthonnta. Ba dheacair cur síos iomlán a dhéanamh ar an tionchar réabhlóideach a bhí ag Rónán ar shaol cultúrtha na nGael ar fud an domhain, ba chraoltóir radacach é agus ba ghníomhaí pobail den scoth é agus cronaíonn muid uainn go mór é i gcónaí,” a dúradh.

Tá ticéid lae, ticéid deireadh seachtaine agus ticéid teaghlaigh, chomh maith le tuilleadh eolais faoin fhéile ar fáil anseo.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Níos mó