Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
leamhthuiscint:-na-scortha-marbh-agus-na-milte-gan-didean-de-bharr-tubaiste-aeraide-i-ndeisceart-na-brasaile

LÉAMHTHUISCINT: Na scórtha marbh agus na mílte gan dídean de bharr tubaiste aeráide i ndeisceart na Brasaíle

| Tuairisc.ie | ,

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Na scórtha marbh agus na mílte gan dídean de bharr tubaiste aeráide i ndeisceart na Brasaíle

Tá Porto Alegre, príomhchathair stát Rio Grande do Sul i bhfíordheisceart na Brasaíle, faoi uisce.

Agus an t-alt seo á scríobh tá 85 duine marbh agus 134 fós ar iarraidh sa chathair agus sa cheantar máguaird.

Gortaíodh 334 duine i ndíle a thit i ndeireadh mhí Aibreáin agus sna tuilte a lean i dtús na míosa seo, agus b’éigean do 134,300 duine a dtithe a fhágáil. B’éigean aerfort Porto Alegre agus stáisiún busanna na cathrach a dhúnadh nuair a chuaigh abhainn an Guaíba thar a bruacha, agus tá an chuid is mó de na bóithre faoi uisce.

Dé Domhnaigh, bhí uisce an Guaíba 5.3 méadar os cionn an ghnáthleibhéil agus glactar leis nach n-ísleoidh leibhéal an uisce san abhainn go ceann seachtaine ar a laghad. Fanfaidh an t-aerfort dúnta go dtí an 30 Bealtaine.

Idir an dá linn tá 85 faoin gcéad de mhuintir Porto Alegre gan uisce, fágadh breis agus 500,000 duine gan leictreachas agus tá creach á déanamh ag coirpigh ar shiopaí a scriosadh sna tuilte agus ar na báid atá ag iarraidh teacht i gcabhair ar dhaoine.

Lena chois sin tá an baol ann go dtiocfaidh méadú mór ar líon na gcásanna den fhiabhras agus ar ghalair eile; is aoibhinn leis na míoltóga a scaipeann an fiabhras uisce marbh, agus tá an t-uisce céanna lán baictéar agus paraisítí.

Ní hé seo an chéad uair gur bhain díle agus drochthuilte d’fhíordheisceart na Brasaíle, ach tá eachtraí na bliana seo ar an aimsir is measa dár bhain don réigiún le cuimhne na ndaoine.

Dar leis na meitéareolaithe, drochmheascán de ghnáthphatrúin aimsire ar ghéaraigh an t-athrú aeráide a dtionchar go mór ba chúis leis an díle.

Ábhar spéise é go bhfuil an chuma ar an scéal le tamall de bhlianta anuas gurb iad na stáit is faide ó dheas sa Bhrasaíl, atá ar an gcuid is saibhre sa tír, seachas ceantar na hAmasóine, mar a bheifeá ag súil leis, b’fhéidir, is mó a bhíonn thíos leis an athrú aeráide.

Gan dabht, baineann triomach agus tinte do cheantar na hAmasóine i dtuaisceart na tíre gach bliain, ach ar ámharaí an tsaoil is lú i bhfad líon na ndaoine a fhaigheann bás sna cineálacha aimsire sin.

Ní hionann agus an t-iaruachtarán Jair Bolsonaro a bhí i gcumhacht idir 2019 agus 2023, admhaíonn rialtas an uachtaráin reatha, Luis Inácio da Silva (Lula), go bhfuil dlúthbhaint idir an scrios a rinneadh agus atá fós á dhéanamh ar an bhforaois i gceantar na hAmasóine agus imeachtaí adhaimsire, ní hamháin sa Bhrasaíl ach ar fud an domhain.

Thug an t-uachtarán Lula cuairt ar Rio Grande do Sul tar éis na dtuilte agus dúirt go ndéanfadh a rialtas gach rud is féidir chun cathair Porto Alegre agus an ceantar máguaird a atógáil. Tar éis na hadhaimsire seo is cinnte go mbeidh brú níos láidre fós air sa Bhrasaíl féin chun géarú ar na hiarrachtaí atá ar bun aige deireadh a chur leis an scrios ar fhoraois na hAmasóine.

  1. Cá bhfuil an chathair Porto Alegre suite?
  2. Cén tubaiste a thit amach in Porto Alegre le déanaí?
  3. Cé na deacrachtaí atá ag muintir Porto Alegre anois mar thoradh ar an tubaiste?
  4. Cén baol atá anois ann ón uisce marbh?
  5. Cén fáth ar tharla an tubaiste seo, dar leis na meitéareolaithe?
  6. Deir an t-údar go mbeifí ag súil go dtarlódh a leithéid de thubaiste i gceantar eile sa Bhrasaíl – cén ceantar atá i gceist aige?
  7. Cén fáth nach bhfaigheann an líon céanna daoine bás i gceantar na hAmasóine nuair a bhuaileann tubaiste an ceantar sin?
  8. Cén difríocht atá idir tuairimí an iar-uachtaráin agus tuairimí an uachtaráin reatha faoi na tubaistí seo?
  9. Cén brú a bheidh ar an uachtarán anois, dar leis an údar?
  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.

Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat:

  • Ceantar máguaird
  • Díle
  • Go ceann
  • Creach
  • Lena chois sin

Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa:

  • Adhaimsir
  • Le cuimhne na ndaoine
  • Thíos leis
  • Dlúthbhaint
  • Ghéaraigh

An údar imní dúinne in Éirinn na tubaistí aeráide atá ag tarlú i bhfad i gcéin?

  • Scríobh 5-7 bpointe
  • Cuardaigh focail agus briathra nua ar teanglann.ie agus focloir.ie
  • Ansin léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus pléigh léi/leis iad. An aontaíonn tú léi/leis?

Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:

  • Ainmfhocal sa ghinideach uatha
  • Briathar saor san aimsir chaite
  • Ainmfhocal sa ghinideach iolra
  • Comhfhocal
  • Ainmfhocal firinscneach

Níos mó