Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-suiochain-go-leir-lionta,-fianna-fail-fos-ar-an-bpairti-is-mo-sna-hudarais-aitiula

Na suíocháin go léir líonta, Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla

Tá Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla agus iad chun cinn ar éigean ar Fhine Gael.

Agus comhaireamh na vótaí críochnaithe aréir, 248 den 949 suíochán a bhí le fáil i dtoghchán na n-údarás áitiúil a bhí ag Fianna Fáil agus iad trí shuíochán chun cinn ar Fhine Gael ar éirigh leo 245 suíochán a bhuachan.

Maíonn Fine Gael gur éirigh leosan níos mó vótaí céadrogha a fháil ná aon pháirtí eile i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha na seachtaine seo caite.

Cé gur laghdú ar líon na suíochán a bhí i gceist don dá pháirtí – 279 a fuair Fianna Fáil in 2019 agus 255 a bhí ag Fine Gael – beidh siad sásta go raibh siad i bhfad chun cinn ar Shinn Féin, páirtí a raibh drochlá ceart aige.

Cuid mhaith den chúis leis sin ná go raibh lá an-mhaith ag neamhspleáigh ar éirigh leo 21% den vóta céadrogha a fháil.

Cé gur chuir Sinn Féin le líon na suíochán a bhí acu in 2019, údar mór díomá dóibh na torthaí ó tharla go raibh siad go maith chun cinn sna pobalbhreitheanna náisiúnta go léir go dtí le déanaí. 102 suíochán a fuair Sinn Féin ach dúbailt an méid sin an sprioc a bhí acu. Tá a gcuid iarrthóirí ag sracadh leo sna comhairimh sna toghcháin Eorpacha chomh maith.

Tá géariniúchadh iarthoghcháin tosaithe ag Sinn Féin agus díomá orthu nach bhfuair an páirtí ach 12% de na vótaí céadrogha sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, figiúr gur mór idir é agus an 30% a bhí á léiriú don pháirtí sna pobalbhreitheanna a rinneadh le tamall. Céatadán tacaíochta ab ea é sin a ghin dóchas sa bpáirtí go n-éireodh thar cionn go deo leo i dtoghcháin na hAoine seo caite.

Is cosúil gur éirigh le neamhspleáigh agus daoine eile a bhí an-cháinteach faoin inimirce chun na tíre seo baint de stádas Mhary Lou McDonald agus á páirtí mar phríómhfhreasúra an rialtais.

MaryLou McDonald, Sinn Féin Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

D’éirigh le Páirtí an Lucht Oibre a gcuid a chosaint agus 56 suíochán anois acu i gcomparáid le 57 suíochán in 2019.

Rinne na Daonlathaithe Sóisialta dul chun cinn maith agus 35 suíochán buaite acu, i gcomparáid le 19 cúig bliana ó shin.

25 suíochán a ghnóthaigh an Comhaontas Glas, laghdú mór ar an 49 suíochán a fuair siad i dtoghchán 2019, toghchán inar éirigh leo 37 suíochán breise a fháil.

D’ainneoin a líon suíochán a bheith laghdaithe, d’éirigh leis an gComhaontas Glas a gcéatadán den vóta a choinneáil cuid mhaith, fuair siad 3.6% an iarraidh seo beagán beag faoi chéatadán 2019 agus níor scriosadh iad mar a bhí á thuar ag roinnt.

21 suíochán a bhuaigh an páirtí nua Independent Ireland, trí cinn acu sin i gConamara. D’éirigh le roinnt bheag iarrthóirí atá ar an eite fhíordheis suíocháin a fháil ar údaráis áitiúla.

D’éirigh le Pobal Roimh Bhrabús agus Aontú cur le líon na suíochán a bhí acu.

Tá Fine Gael chun cinn ó thaobh céatadán na vótaí céadrogha agus 23% acu agus Fianna Fála sna sála orthu le 22.9%.

Ó tharla gur éirigh níos fearr ná mar a bhíothas a thuar le páirtithe an chomhrialtais, agus gur loic chlis Shinn Féin, tá go leor cainte le cloisteáil faoi olltoghchán a bheith againn roimh dheireadh na bliana seo.

Tá seo séanta go láidir ag an Taoiseach Simon Harris agus ag an Tánaiste Micheál Martin agus iad á áitiú go bhfuil comhaontú eatarthu go mairfidh an rialtas go mbeidh a théarma iomlán istigh san earrach seo chugainn.

Is beag seans go stopfaidh sin teachtaí sna trí pháirtí rialtais a bheith ag tuineadh lena gceannairí an fuinneamh agus an dóchas atá cothaithe ag torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach a thapú agus olltoghchán a ghairm sa bhfómhar.

An Tánaiste Micheál Martin

I toghcháin na hEorpa, toghadh ceathrar feisirí Eorpacha Bhaile Átha Cliath, Barry Andrews ó Fhianna Fáil, Regina Doherty ó Fhine Gael, Lynn Boylan ó Shinn Féin agus Aodhán Ó Ríordáin.

Toghadh an ceathrar a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn i bParlaimint na hEorpa i ndiaidh an 19ú comhaireamh nuair a cuireadh as an áireamh Niall Boylan, an láithreoir raidió agus iarrthóir de chuid Independent Ireland. Chaill Ciarán Cuffe an Chomhaontais Ghlais agus Clare Daly, Independents4Change, a suíocháin.

Fuair Aodhán Ó Ríordáin nach mór dúbailt na vótaí aistrithe ó Chiarán Cuffe ná mar a fuair aon duine eile de na hiarrthóirí.

Is cainteoir líofa Gaeilge é Aodhán Ó Ríordáin agus is iar-urlabhraí Gaeilge de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é. Fágann a bhua go mbeidh ar a laghad beirt fheisirí a bhfuil Gaeilge acu ag dul chun na hEorpa.

Regina Doherty, Fine Gael

Toghadh Seán Kelly Fhine Gael, cainteoir líofa Gaeilge eile, i ndiaidh an chéad chomhairimh i dtoghlach an Deiscirt.

Meastar gurb é Billy Kelleher, Gaeilgeoir eile, an chéad duine eile a thoghfar sa toghlach sin.

Is idir cúigear atá na trí shuíochán eile sa Deisceart. Bhí an t-iarrthóir neamhspleách as contae an Chláir Michael McNamara sa tríú háit i gcaitheamh an lae ach tá an dlíodóir, iarchraoltóir agus cainteoir líofa Gaeilge Cynthia Ní Mhurchú, cainteoir líofa Gaeilge ó Fhianna Fáil go láidir san iomaíocht freisin.

Beidh an dá shuíochán deireanach sa Deisceart idir Kathleen Funchion Shinn Féin, Cynthia Ní Mhurchú, Mick Wallace, neamhspleách agus Grace O’Sullivan an Chomhaontais Ghlais.

Níl aon iarrthóir tofa go fóill sa toghlach eile, Lár Tíre – An tIarthuaisceart.

D’fhéadfadh scaitheamh a bheith ann sula dtoghfar aon duine i Lár Tíre – An tIarthuaisceart. Tá Luke ‘Ming’ Flanagan ag ceann an chomhairimh i láthair na huaire agus glactar leis go gcoinneoidh an t-iarrthóir neamhspleách a shuíochán san Eoraip ach beidh roinnt comhaireamh eile ann sular féidir sin a chinntiú.

Tá beirt ó Fhine Gael, an t-iarmharcach Nina Carbery agus an t-iarRós Thrá Lí Maria Walsh, a toghadh ina feisire Eorpach in 2019, ag déanamh go maith freisin, mar atá Barry Cowen ó Fhianna Fáil. Bainfidh Cowen tairbhe as vótaí aistrithe ó bheirt iarrthóirí eile a pháirtí, Lisa Chambers agus Niall Blaney, agus ba cheart go mbeadh suíochán aige i dteannta bheirt Fhine Gael.

Meastar gurb í Michelle Gildernew  ó Shinn Féin nó Ciaran Mullooly ó Independent Ireland a bhuafaidh an suíochán deireanach. I

Toghadh inné chomh maith John Moran, iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais, ina Mhéara ar Luimneach.

I ndiaidh an 12ú comhaireamh a toghadh an t-iarrthóir neamhspleách agus 28,451 vóta aige nuair a bhí na vótaí aistrithe deireanacha roinnte.

Is é seo an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine i gcontae agus i gcathair Luimnigh atá cláraithe le vótáil Méara a thoghadh.

Fuair Moran, a bhí chun cinn ó thús, an ceann is fearr ar Helen O’Donnell, neamhspleách eile, an t-aon iarrthóir eile a bhí fágtha sa rás.

John Moran

De réir an chéad chomhairimh sa toghchán stairiúil in Luimneach, a raibh cúigear déag san iomaíocht ann, bhí an neamhspleách John Moran, iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais go maith chun cinn agus os cionn 18,000 vóta céadrogha aige, 23% den iomlán.

Sa dara háit bhí an neamhspleách Helen O’Donnell agus 12,903 vóta aici. Bhí Dee Ryan ó Fhianna Fáil sa tríú háit le 11,785 vóta.

Mar sin a bhí go dtí an deireadh agus nuair a roinneadh vótaí aistrithe Ryan bhí Moran fós chun cinn.

Tá muintir Luimnigh ar thús cadhnaíochta agus beidh súil ghéar ag pobail eile ar fud na tíre ar an rath a bheidh ar an Méara tofa.

Beidh an Méara ina Cheannasaí Feidhmiúcháin ar chathair agus ar Chomhairle Contae Luimnigh agus is air feasta a bheidh cuid mhór de na cúraimí a bhíodh ar an bPríomhfheidhmeannach. Beidh an Méara ar an tuarastal céanna le ceannasaí sinsearach ar údarás áitiúil, thart ar €155,000 sa bhliain.

Níos mó