Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ni-he-an-gniomh-deiridh-e-aitheantas-stait-a-thabhairt-don-phalaistin

Ní hé an gníomh deiridh é aitheantas stáit a thabhairt don Phalaistín

| jack mac iomhair | ,

Ar an 28 Bealtaine, thug Éire aitheantas oifigiúil stáit don Phalaistín. Cad a chiallaíonn sé seo? Agus cén dóigh a gcuidíonn sé le daoine atá ag maireachtáil fríd chinedhíothú? An gcuidíonn sé leo in aon chor? 

Seo roinnt de na ceisteanna a bhí i mbéal an phobail ar chluinstin do dhaonra an domhain gur ghlac ní hamháin Éire leis an chinneadh seo, ach an Spáinn, an Iorua, agus anois an tSlóivéin fosta. Sílim ar an chéad dul síos go bhfuil sé tábhachtach cuimhneadh agus mé ag scríobh go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael sa Phalaistín agus cé gur chéim stairiúil shuntasach í seo, tá muintir na Palaistíne ag fulaingt agus beidh fós go stopann Iosrael leis an tslad.  

Sin ar fad ráite, dar ndóigh, tá gnéithe bainteach le hÉireann ag tabhairt aitheantas don Phalaistín atá dearfach. Do mhuintir na Palaistíne iad féin, mar shampla, is léiriú dlúthpháirtíochta é seo a thugann aitheantas don streachailt. Anuas air sin, cruthaíonn sé nasc taidhleoireachta i bhfad níos láidre idir an dá thír. Beidh ambasáid anois ag an Phalaistín in Éirinn chomh maith leis an Ambasadóir. An scéal céanna a bheidh i gceist sa Phalaistín. 

Dúirt Jilan Wahba Abdalmajid, Ambasadóir na Palaistíne chun na hÉireann, gur lá speisialta a bhí ann nuair a ardaíodh bratach na Palaistíne taobh amuigh de Theach Laighean, agus gur ábhar dóchais é i measc an uafáis atá ag tarlú sa Phalaistín. Is tábhachtach a Lua go ndúirt sí go bhfuil sé deacair an dóchas sin a aithint nuair a mharaíonn Iosrael mílte i ndiaidh mílte.

Is iomaí impleacht a thiocfaidh as an aitheantas oifigiúil seo fosta. Is mó an seans go dtabharfaidh níos mó tíortha aitheantas don Phalaistín agus cuideoidh sé sin le díospóireachtaí i bhfabhar ceart féinchinntiúcháin na tíre. Tá seo tábhachtach nó tá cainteanna ar siúl ina bhfuil sos cogaidh faoi chaibidil ag ceannairí polaitiúla an domhain, agus beidh brú ón domhan de dhíobháil ar mhuintir na Palaistíne ionas go n-aithneofar cearta na bPalaistíneach sna cainteanna síochána. Is céim chun tosaigh í a chuireann isteach go mór ar rialtas Iosrael. Mar gheall ar an aitheantas seo, déanann sé Iosrael a leithlisiú. Rud atá an-tábhachtach. 

Bhí mé féin ag léacht de chuid Omar Barghouti, ceann de na chéad bhaill choiste don Palestinian Campaign for the Academic and Cultural Boycott of Israel (PACBI), agus tá sé ina chomhbhunaitheoir den ghluaiseacht Boycott, Divestment and Sanctions (BDS). 

Labhair Barghouti faoin tábhacht a bhaineann leis an phróiseas leithlisithe. Cuireadh ceist air maidir le cinneadh Sinn Féin agus páirtithe eile in Érinn dul chuig an Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig. Cé go n-aithníonn sé an chumhacht agus an tábhacht atá ag an Teach Bán agus rialtas na Stát Aontaithe i dtaca le cúis na hÉireann, dúirt sé gur chóir dúinn Iosrael a leithlisiú fríd bhaghcatáil a dhéanamh ní ar Iosrael amháin ach a chomhpháirtithe fosta.

Washing one’s hand of the conflict between the powerful and the powerless means to side with the powerful, not to be neutral.

Paulo Freire – Politics of Education.

Níl saoi gan locht, agus níl aon ghníomh polaitiúil gan chúis. Ní duine róshoiniciúil mé ach tá sé deacair gan a bheith ag breathnú ar an ghníomh seo gan meon soiniciúil i mo bharúil. Tháinig an fógra ón rialtas maidir le haitheantas a thabhairt don Phalaistín díreach roimh thoghchán. Chomh maith leis sin, ní beart ceannródaíoch é. Rinne 80 tír é sna míonna i ndiaidh Rún 43/177 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 1988. D’aithin sé seo Forógra na Saoirse ón Phalaistín i mí na Samhna 1988 agus chuir sé ‘an Palaistín’ isteach in áit Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO), i gcóras na Náisiún Aontaithe. 

Beag beann ar an 60 tír eile a rinne é roimh Éirinn, níl an rialtas ag géilleadh don éileamh atá ag muintir na tíre an tAmbasadóir Iosraelach chun na hÉireann a dhíbirt. D’athghair Iosrael iad féin an tAmbasadóir. Bhí an Taoiseach Simon Harris ag cosaint an tAmbasadóir, Dana Erlich, i ndiaidh di dul ar chomóradh ar an Ghorta Mhór, seachtain sular thug Éire aitheantas don Phalaistín. Fiú agus a tír ag cruthú gorta i limistéar beag cúng a bhfuil thart fá 1,107,000 duine ann — sin leathchuid den daonra (Figúirí CSIS).

Beart de réir briathair atá de dhíth ón rialtas i ndáiríre. Ón 7 Deireadh Fómhair 2023, cheadaigh An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta 14 cheadúnas dé-úsáide d’Iosrael. Is earraí dé-úsáide iad earraí is féidir a úsáid i bhfeidhm shibhialta nó mhíleata. Dúirt Aire Stáit ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta go raibh luach €52 milliún ar na honnmhairí seo. Bíonn thart fá 13.5% d’onnmhairí na hÉireann go hIosrael ina n-earraí dé-úsáide. Figiúr ollmhór i gcomparáid le hiomlán na n-onnmhairí ag an AE27 (1.8%). 

Ní hamháin sin, ach bíonn Aerfort na Sionainne in úsáid ar bhonn beagnach laethúil ag arm na Stát Aontaithe. Deir an rialtas nach bhfuil aon cheann de na heitleáin atá ag leaindeáil in Aerfort na Sionainne ag iompar airm go hIosrael. Ní dhéanann siad cuardach orthu, áfach, mar sin cén dóigh a mbeadh a fhios acu nach bhfuil airm orthu?

De réir Shannonwatch (grúpa feachtasaíochta in aghaidh na cogaíochta), leaindeáil beagnach 70 eitleán de chuid na Stát in Aerfort na Sionainne idir an 7 Deireadh Fómhair agus 17 Márta, leis an chuid is mó acu ag dul nó ag teacht ón Mheánoirthear. Ach mar a deir siad féin, ní liosta cuimsitheach é sin mar níl a fhios againn an fhíor-uimhir.  

Níl anseo ach cuid de na rudaí atá ag titim amach taobh thiar den aitheantas oifigiúil seo. Sílim go bhfuil sé thar am don rialtas beart de réir briathair a dhéanamh. Is léir go bhfuil muintir na hÉireann ag tacú leis na Palaistínigh atá faoi chois agus atá ag fulaingt go huafásach. Is muidne a dhéanfaidh an difear agus a choinneoidh an brú ar an rialtas an rud ceart a dhéanamh. Ní féidir linn baghcat a dhéanamh ar Iosrael agus ar earraí amháin, thig linn airgead a thabhairt do na carthanachtaí cuí, brú a chur ar do TD/MP/MLA maidir le tacaíocht ar son na Palaistíne. An rud is mó is féidir linn a dhéanamh áfach ná dul ar na sráideanna, dlúthpháirtíocht a léiriú, ár nguthanna a ardú, agus ‘Saoirse don Phalaistín,’ a bhéiceadh.


Is féidir tacú le muintir na Palaistíne fríd theagmháil a dhéanamh le do TD/MP/MLA áitiúil nó airgead a dheonú ag na nascanna thíos.

The post Ní hé an gníomh deiridh é aitheantas stáit a thabhairt don Phalaistín appeared first on NÓS.

Níos mó