Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ni-theastaionn-o-geert-wilders-agus-a-chomradaithe-go-leifeadh-an-pobal-leabhair

Ní theastaíonn ó Geert Wilders agus a chomrádaithe go léifeadh an pobal leabhair

| Alex Hijmans | ,

Níl an comhrialtas atá á chur le chéile ag PVV an Ioslamafóbaigh Geert Wilders, ag feirmeoirí feargacha an BBB, ag nualiobrálaigh an VVD agus ag deistapóirí an NSC tosaithe i mbun oibre fós, nó tá cogadh á fhearadh acu ar shaol liteartha na hÍsiltíre.

Teastaíonn ón gcomhrialtas nua, atá fós á chur i dtoll a chéile, an cháin bhreisluacha [CBL] ar leabhair a ardú ó 9 faoin gcéad go 21 faoin gcéad, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh isteach is amach le €25 a bheith ar ghnáthleabhar san Ísiltír amach anseo.

Níl aon cháin bhreisluacha ar leabhair in Éirinn agus i roinnt tíortha Eorpacha eile; go deimhin in Éirinn, fuarthas réidh leis an CBL ar ríomhleabhair i dtús na bliana seo (bhí ráta 9 faoin gcéad ar ríomhleabhair roimhe seo) d’fhonn an léitheoireacht a spreagadh.

A mhalairt, is cosúil, a theastaíonn ó Geert Wilders agus a leathbhádóirí, Caroline van der Plas (BBB), Dilan Yeşilgöz (VVD) agus Pieter Omtzigt (NSC) a dhéanamh.

Gan dabht, is leis an aos eagna agus an eite chlé a shamhlaítear an litríocht agus titeann an plean chun an CBL ar leabhair a ardú isteach leis an meon aigne atá ag an gcomhrialtas nua: cur isteach ar an eite chlé oiread agus is féidir (táthar ag iarraidh an t-airgead a chaitear ar chúrsaí spóirt, réimse eile atá gar do chroí na heite clé, a ghearradh go mór freisin.)

Drochnuacht atá sa phlean ar ndóigh do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí, do lucht díolta leabhar agus gan dabht do léitheoirí san Ísiltír, agus go deimhin do litríocht na hÍsiltírise i gcoitinne. Níl ag éirí go maith le hearnáil na leabhar sa tír mar atá, agus go háirithe le réimse an fhicsin san Ísiltíris, agus má théann an plean ar aghaidh is ar éigean gurbh fhiú do scríbhneoirí san Ísiltír coinneáil orthu ag scríobh toisc nach mbeidh mórán daoine sásta €25 a chaitheamh ar úrscéal (clúdach bog.)

Ach is bocht an scéal é ardú an CBL ar leabhair do shochaí na hÍsiltíre ar fad, toisc gur titim ar chumas léitheoireachta an phobail an toradh a bheidh air sa deireadh.

Tá tús curtha le hachainí ar líne i gcoinne an phlean ag trí mhóreagraíocht litríochta, foilsitheoireachta agus díoltóirí leabhar agus cheana féin tá a síniú curtha leis an achainí sin ag breis agus 200,000 duine (an colúnaí seo ina measc gan amhras.)

Maidir leis an gcomhrialtas de chuid na heite fíordheise atá á bhunú san Ísiltír faoi láthair, ar a laghad ar bith tá fear ionaid aimsithe ag Geert Wilders anois a bheidh ina chéad aire ina áit féin (glacann fiú amháin Geert Wilders leis go ndéanfadh sé dochar as cuimse d’íomhá na hÍsiltíre go hidirnáisiúnta duine chomh conspóideach leis féin a bheith i gceannas ar an tír go hoifigiúil).

Dick Schoof, iarcheannaire sheirbhís rúnda na hÍsiltíre (AIVD) a bheidh i gceannas ar an gcomhrialtas – fear nár chuala mórán daoine trácht air roimhe seo agus nár chaith éinne vóta ar a shon san olltoghchán i mí na Samhna seo caite toisc nach raibh sé ar liosta na n-iarrthóirí; rialtas seachpharlaiminte  a bheidh sa chomhrialtas nua.

Ós rud é go bhfuil an toghchán Eorpach ar na bacáin, seo comhairle uaimse atá ina chónaí i dtír ina bhfuil cogadh á fhearadh ar an litríocht agus ar an léitheoireacht araon.

Má tá grá agat don léamh agus don scríobh agus go deimhin don daonlathas, agus mura dteastaíonn uait go dtarlóidh an saghas ruda atá ag tarlú san Ísiltír faoi láthair ar bhonn Eorpach amach anseo, ná caith vóta sa toghchán Eorpach do pháirtithe frithinimirce, d’fheirmeoirí feargacha, do nualiobrálaigh nó do na fir agus na mná faille a rachadh isteach i gcomhrialtas leo.

Níos mó