Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘nil-san-aonad-gaeilge-ach-oilean-beag-i-bhfarraige-an-bhearla’-–-achaini-deanta-ar-an-roinn-oideachais-glacadh-le-taighde

‘Níl san aonad Gaeilge ach oileán beag i bhfarraige an Bhéarla’ – achainí déanta ar an Roinn Oideachais glacadh le taighde

Tá polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ag impí ar an Roinn Oideachais déanamh de réir an taighde a lorg siad féin agus deireadh a chur le bunú aonad Gaeilge i scoileanna Béarla.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo inné go moltar i dtaighde nua nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.

Tuigtear do Tuairisc go léiríonn an taighde nua, a rinneadh mar chuid d’fhorbairt polasaí nua an rialtais don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, go bhfuil ag teip ar an aonad Gaeilge mar mhúnla don ghaeloideachas.

Ach in ainneoin thorthaí an taighde, deir an Roinn agus an tAire Oideachais gur príomhchuspóir dá gcuid i gcónaí é aonaid Ghaeilge a bhunú chun freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gurb é an tumoideachas iomlán an bealach is fearr leis an teanga a mhúineadh agus gur léir “nach réiteach sásúil é aonad do na tuismitheoirí agus na heagrais phobail atá tar éis blianta a chaitheamh ag éileamh scoileanna lán-Ghaeilge dá gcuid páistí”.

Dúirt Ó Snodaigh gur aisteach an rud é go bhfuil oiread béime ag an Roinn Oideachais ar chur chun cinn an aonaid “nuair nach bhfuil fiú critéir nó sainmhíniú acu féin ar cad go díreach is aonad ann”. Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur bunú scoileanna lán-Ghaeilge neamhspleácha an t-aon bhealach ceart leis an ngaeloideachas a fhorbairt.

“Caithfidh an Roinn díriú isteach ar chur chuige ceart maidir le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí agus aitheantas agus foirgnimh a thabhairt dóibh, seachas a bheith ag triail cur i gcéill maidir le haonaid agus iad ag tarraingt siar go ciúin ó gheallúint sa Chlár Rialtais go ndéanfar dúbailt ar an soláthar Gaeloideachais.

“Táimid ag fanacht beagnach bliain go leith ó ghlac an pobal páirt i bpróiseas comhairliúcháin chun polasaí don oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt, agus fós níl tásc ná tuairisc ar an bpolasaí sin. Cá bhfuil an polasaí?”

Dúirt iarcheannasaí COGG, Muireann Ní Mhóráin go raibh sé tábhachtach go bhfoilseofaí an taighde faoi na haonaid ionas go bhfeicfí na moltaí go léir atá ann i dtaobh an ghaeloideachais.

“Aontaím go hiomlán le príomh-mholadh an taighde. Is léir nach n-éiríonn le haonaid agus aontaím go hiomlán leis sin. Níl san aonad ach oileán beag i bhfarraige an Bhéarla,” a deir Muireann Ní Mhóráin.

Deir sí gur chóir go mbeadh an taighde faoi na haonaid, a rinne meitheal taighdeoirí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, mar bhunús leis an bpolasaí nua don ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht.

“Caithfear aird a thabhairt ar an taighde mar a tharla leis an taighde a rinneadh don Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht, polasaí a bhfuil ag éirí go hiontach leis.

“Ba chóir go mbeadh an cur chuige céanna i gceist. Tá an Polasaí Oideachas don Ghaeltacht tar éis scoileanna a chumasú le tabhairt faoin oideachas lán-Ghaeilge agus gach gné den oideachas lán-Ghaeilge – an teagasc agus na himeachtaí seach-churaclaim, cúrsaí spóirt, cuairteoirí chun na scoile. Polasaí é a chinntíonn gur pobal Gaeilge atá sa scoil.

“Ní hionann roinnt ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge agus oideachas trí mheán na Gaeilge. Sí an fhírinne nach bhfuil an t-aonad in ann ‘i bhfad níos mó’ a chur ar fáil. Bíonn grúpa daltaí in aonad á dteagasc trí mheán na Gaeilge ach bíonn na himeachtaí uilig, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt agus na fógraí ar na ballaí uilig i mBéarla.”

Dúirt Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach Ghaelcholáiste an Chláir, aonad atá ag feidhmiú i gColáiste Pobail na hInse, go bhfuil muintir an Chláir “ag fulaingt” le tríocha bliain anuas mar nach bhfuil sa chontae go léir ach aonad Gaeilge.

“Pionós a bhí ann gur bronnadh aonad ar an gcontae ar fad in áit iarbhunscoil Ghaeilge. Seo contae ina bhfuil 120,000 duine ina gcónaí ann. Níor éirigh leis an aonad in achar 30 bliain neamhspleáchas a bhaint amach.

“Cén mhaith a bheith ar tabhairt stádas líonra Gaeilge do bhaile na hInse ar an lámh amháin agus ar an lámh eile ag cur cosc ar fhorbairt an Ghaeloideachais ag an dara leibhéal.

Dúirt Ó hAiniféin, atá ina Phríomhoide ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, go bhfuil polasaí na Roinne ag dul glan in aghaidh na fianaise atá ann faoi fhiúntas an aonaid.

“Tá an baol ann go leanfaidh an Roinn leis an gcur chuige lochtach faoi bhunú aonad in ainneoin go gcruthaíonn an taighde, go gcruthaíonn an fhianaise, go gcruthaíonn an taithí ar an dtalamh, nach n-éiríonn leo.”

Dúirt sé go gcaithfí ar a laghad polasaí soiléir a leagan síos faoi conas scoil neamhspleách a dhéanamh d’aonad.

“Má tá aon chreidiúint le bheith acu ar chor ar bith, caithfidh an Roinn ar a laghad mapa bóthair a chur ar fáil d’aonaid le haghaidh forbairt ó aonad go hiar-bhunscoil neamhspleách, rud nár tharla seachas dhá uair in imeacht 20 bliain, i gCill Channaigh agus i gCiarraí.”

Tá Príomhoide nua le ceapadh i gColáiste na hInse agus tá Cathaoirleach an choláiste “ag impí” ar an Roinn Oideachais dhá phríomhoide a cheapadh, príomhoide don scoil Bhéarla agus príomhoide don scoil Ghaeilge “ionas go mbeadh an t-aonad in ann fás ina Ghaelcholáiste”.

“Má cheaptar príomhoide ar Ennis Community College [Coláiste Pobail na hInse] nach bhfuil báúil don Ghaeilge, beidh muid deich mbliana eile ag fulaingt.”

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, ceannasaí Ghaeloideachas, gur chóir an taighde faoi na haonaid a rinne a rinne T.J. Ó Ceallaigh, Muiris Ó Laoire agus Máire Uí Chonghaile, a fhoilsiú láithreach.

“Tá sé den riachtanas go bhfoilseoidh an Roinn torthaí ar an taighde faoi na haonaid atá mar chuid bhunúsach agus chinniúnach don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge.

“Léiríonn anailís Sealbhú ar thorthaí an chomhairliúcháin nach bhfuil an tAonad lán-Ghaeilge mar mhian ná mar rogha ag an phobal don oideachas lán-Ghaeilge, rud a thagann le saintaithí agus saintuiscint Gaeloideachas.  Ní mór na torthaí faoi na haonaid a chur faoi bhráid an phobail leis an bpictiúr seo a iomlánú ar bhonn práinne.”

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Cormac McCashin, Bainisteoir Tacaíochta leis an Fhoras Pátrúnachta, pátrún do scoileanna lán-Ghaeilge, go bhfuil siad buartha go leanfaidh an Roinn lena cur chuige aonaid agus sruthanna a bhunú seachas aird a thabhairt ar an taighde nua.

I ráiteas a chuir an tAire Oideachais Norma Foley amach an mhí seo faoin dul chun cinn atá déanta i dtaobh an pholasaí nua don oideachais lán-Ghaeilge, luadh bunú aonad agus sruthanna Gaeilge in iarbhunscoileanna Béarla i measc na bpríomhchuspóirí a bheidh sa pholasaí.

I ráiteas eile a chuir an Roinn Oideachais amach an tseachtain seo caite faoin agóid a reáchtáil lucht feachtais atá ag éileamh iarbhunscoil Gaeilge i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, dúirt an Roinn go raibh “fáilte” á cur acu roimh aon phátrún ar mian leo aonad Gaeilge a bhunú i scoil Bhéarla sa cheantar nó roimh aon iarbhunscoil Bhéarla ar mian leo iompú ina Gaelcholáiste.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur ‘cur i gcéill’ atá ar bun ag an Roinn Oideachais i leith an tumoideachais.

Níos mó