Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
pleidhciocht-i-bpubaill-agus-feisteas-na-feile

Pleidhcíocht i bpubaill agus feisteas na féile

| anna nic gafraidh | ,

Tá Nollaig na Gaeilge ag druidim linn… ní ag caint ar Oireachtas na Samhna atá mé ach Féile na Gealaí. Tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag achan duine i saol na Gaeilge cad atá i gcéist leis an fhéile. Ceol, ól, craic, agus pleidhcíocht i bpubaill, go bunúsach.

Grianghraf: Féile na Gealaí in 2023. (Creidmheas: Féile na Gealaí)

Is í seo an chéad uair dom dul ar Fhéile na Gealaí agus b’fheidir nach mbeidh an faisean chomh snasta is a shíl mé. Bhí mé ag smaoineamh faoi Alexa Chung, Sienna Miller, agus Suki Waterhouse ag Glastonbury. Vaidhbeanna ‘réalta rac’ a thabhairt liom chuig an fhéile. Pictiúir áille le spéaclaí gréine ar mo cheam digi fá choinne an leathanaigh Insta.

Ach cá bhfuil muid ag dul? Samhlaigh an radharc in Hannah Montana: The Movie (2009). Beidh muid ar an iargúltacht — i bPÁIRC! Ní bheidh leictreachas ann fiú, agus tá a fhios agam gurb as sin a thagann an tseafóid. Caithfidh mé a rá, ní hé sin an saol domsa. Cá mbeidh mé ag plugáil isteach mo Airwrap Dyson? Cá háit a mbeidh mé in ann mo ghnáthamh áilleachta a dhéanamh ag deireadh na hoíche?

Cibé ar bith, bhí orm smaoineamh ar an fheisteas nár mhaith liomsa a fheiceáil i gContae na Mí. Seo liosta úsáideach a chuir mé le chéile:

  1. Do na fir a chaitheann bríste gairid CLG: Níl sé faiseanta, níl sé cúláilte (geallaim daoibh go bhfuil an focal úd san fhoclóir, ní Béarlachas é) agus, thairis sin, tá a fhios agam cheana féin nach dtéann an bríste gairid leis an chuid eile de do chulaith.Mura bhfuil tú in ann maireachtáil gan iad, cad faoi dhath taitneamhach? Bándearg nó dath na líolóige. À la an tionchaire Charlene Murphy fiú. Bríste gairid CLG le carbhat orthu. Bíonn cuma mhaith ar Paul Mescal nuair a bhíonn seisean ag caitheamh bríste gairid CLG ag Coachella, ach sibhse, fágfaidh mé ansin é…
  1. Hataí buachaill bó! Níl muid ag dul chuig ceolchoirm Harry Styles. Ní in Texas atá muid ach oiread. Mar sin de, cén fáth a mbíonn daoine ag dul ina mbuachaillí bó. Fág abhaile iad… le bhur dtoil.

Grianghraf: Lucht ceiliúrtha Féile na Gealaí in 2023. (Creidmheas: Féile na Gealaí)

Tháinig an doirbhíochas amach ansin. Gabh mo leithscéal. Ach cibé ar bith, caidé ba mhaith liom a fheiceáil ansin? Bhuel, cuir ort do chrios. 

  1. Seaicéid lomra: tá mé ag caint faoi phatrúin chraiceáilte, éadaí athláimhe, geansaithe a gheobhfá ó vardrús do mhaimeo ó na 1980idí. Ní mór trácht ar leith a dhéanamh ar lomra Earagaile iontach ón bhranda @XIVCLO ar Insta, a bhíonn díolta amach gach uair a dhéanaim iarracht é a cheannach.
  1. Is é an branda Pellador, a dhéanann éadaí cniotáilte faiseanta arís agus atá lonnaithe in Éirinn, a dhearann agus a tháirgeann an casadh is iontaí ar ghnáthgheansaithe agus geansaithe. Tá mé gafa leis na knits agus tá na geansaithe Árainn galánta. Ní leantóir sacair mé ach chaithfinn a gcuid léinte agus geansaithe Chorn an Domhain. Díolann siad veisteanna, caipíní, agus balaclávaí freisin. Cad eile a d’fhéadfadh a bheith uait?
  1. Caithfidh muid DeBúrca a lua ar ndóigh. Tá mé gafa leis na geansaithe, na léinte, agus na málaí gualainne. Is é an mála an rud is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo do na cannaí.

 

Tuigim go bhfuil cailíní IT an tséasúir ag caitheamh bríste gairid le ruifillí beaga bídeacha, éadaí cniotáilte giortaithe, agus buataisí bó ach caithfidh mé a chur i gcuimhne dom féin go bhfuil muid ag dul go Contae na Mí agus is dócha go mbeidh an aimsir cáidheach.

Mar sin féin, tá mé den tuairim nach féidir leat a bheith róghléasta go deo. An rud atá ann ná nach mbíonn tú féin róghléasta, ach nach bhfuil duine ar bith eile gléasta go leor.

Agus é sin á rá, b’fhéidir go bhfuil mé ag smaoineamh rómhór ar an fhaisean. Geallaim daoibh go léir go mbeidh mé ag tuairisciú ar ais (le pictiúir) ar Slé an Lae ag an Fhéile.

 

 

The post Pleidhcíocht i bpubaill agus feisteas na féile appeared first on NÓS.

Níos mó