Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
roinn-na-gaeltachta-fos-ag-fanacht-ar-athbhreithniu-ar-an-bpleanail-teanga

Roinn na Gaeltachta fós ag fanacht ar athbhreithniú ar an bpleanáil teanga

| Tuairisc.ie | ,

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta cheana go mbeadh torthaí an athbhreithnithe ar an gcóras pleanála teanga réidh faoi dheireadh an Mhárta i mbliana

Roinn na Gaeltachta fós ag fanacht ar athbhreithniú ar an bpleanáil teanga

Tá dréacht den athbhreithniú ar na chéad deich bplean teanga Gaeltachta curtha faoi bhráid Roinn na Gaeltachta, ach níl aon eolas ar fáil uathu maidir le cén uair a fhoilseofar an tuairisc.

Dúirt an Teachta Dála Patrick O’Donovan, an t-iar-aire stáit Gaeltachta, anuraidh go mbeadh torthaí an athbhreithnithe réidh faoi dheireadh an Mhárta i mbliana ach tá an chuma ar an scéal anois go mbeidh tamall eile ann sula bhfoilseofar na torthaí.

Caitheadh amhras mór i dTeach Laighean an mhí seo caite ar éifeacht an chórais pleanála teanga.

Dúirt oifigigh pleanála teanga Gaeltachta go neamhbhalbh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge nach bhfuil an córas pleanála teanga ag obair mar gheall ar easpa acmhainní agus tacaíochta ón stát.

Dúradh nach bhfuil a chuid den féin “mhargadh” á chomhlíonadh ag an stát ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht de.

An comhlacht Barr Feabhais Teo atá ag réiteach na tuairisce agus tá athbhreithniú neamhspleách déanta ar na chéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Is iad na pleananna teanga a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh orthu ar dtús ná Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Ciarraí Theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí Thiar; Conamara Láir; An Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.

Chuaigh lucht an athbhreithnithe i gcomhairle leis na ceanneagraíochtaí agus coistí stiúrtha atá ag cur na bpleananna i bhfeidhm sna limistéir pleanála teanga sin. Reáchtáladh cruinnithe freisin le hoifigigh ó Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go raibh dréachtchóip den tuairisc á breithniú ag an Roinn faoi láthair agus go bhfoilseofaí an tuairisc chríochnaithe “ar dháta atá fós le socrú”.

Tá maoiniú €92,000 curtha ar fáil ag an Roinn don chomhlacht Barr Feabhais, a bunaíodh in 2022 chun an t-athbhreithniú a dhéanamh. An Dr. Mícheál Ó Duibh, iarPhríomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, atá i mbun an chomhlachta aistriúcháin agus comhairleoireachta.

Bhí sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta féin tabhairt faoin athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht in 2021 ach beartaíodh an obair a chur ar athlá an uair sin de bharr phaindéim an Covid-19.

Ba iad na hoifigigh pleanála teanga féin a d’éiligh go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar a gcuid pleananna.

Níos mó