Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-eacht-deanta-ag-kneecap-leis-an-albam-ur-‘fine-art’

Tá éacht déanta ag Kneecap leis an albam úr ‘Fine Art’

| Ben O Faolain | ,

★ ★ ★ ★

N’fheadar an siondróm Stendhal faoi ndearadh é ach uaireanta annamha briseann an gol orm is mé i láthair ag gig agus caighdeán an cheoil iontach ard. Tá rud beag den chatairsis ag baint leis, is dócha, ach cuid eile de ná chomh haoibhinn is atá sé ceoltóir nó amhránaí a chlos agus iad ag teacht chun foirfeachta. Duine a bhfuil an rogha sheansúil déanta acu treabhadh chun cinn i ngort na mbrionglóidí. 

‘Fuck a real job’, mar a deir Kneecap féin.

Fine Art by KNEECAP

Measaim go dtuigeann éinne a bhí i láthair ag Gradaim NÓS na bliana 2018 cad atá i gceist agam. 

Ba é an chéad uair dom Kneecap a fheiscint beo ar stáitse, agus ba léir ar an toirt go raibh na rapálaithe ab fhearr in Éirinn os mo chomhair. B’iontach chomh misniúil is a bhíodar ar an maidhc. Tuiscint mhaith acu, ba léir, ar oidhreacht an cheoil hip hap – ar mhodhanna clabaireachta leithéidí NWA, Wu-Tang Clan agus Black Sheep, abair, agus iad go maith ábalta gnéithe de na stíleanna sin a láimhseáil go lúfar is iad ag saothrú i nGaeilge ghlic ghreannmhar nádúrtha. 

Agus arbh é sin ar stáitse Liam Óg Ó hAnnaidh (Mo Chara), an fear óg a cheistigh go macánta mé mar gheall ar cheirnín 7” de chuid Percee P a chasas le linn seit dioscmharcaíochta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an bhliain roimhe sin? Ba é, cinnte, agus é anois go maith ar a bhealach le bheith, i bhfocal Pras Michel, ina ghetto superstar. 

Faoi dheireadh an tseit bhí gach éinne (seachas muintir RnaG féin) ag béiceadh “fuck RTÉ!” agus bhí stróinséirí ag breith barróga ar a chéile. 

Ó shin tá déithe hip hap na Gaeilge tar éis Súil Amháin agus Torby a bhronnadh orainn. Liriceoir den gcéad scoth is ea Séamus Barra, bail ó Chrom air, ach n’fheadar an mbíonn eagla ar roinnt roimh éirim an fear céanna. Ní fios fós cén bealach a roghnóidh Torby, ach is breá liom acmhainn grinn agus cur i láthair leisciúil an tsiota bhig shotalaigh. 

Ach ar ais go Kneecap. Chun an ceart a thabhairt dóibh, bhaineadar an méid is a d’fhéadadar a bhaint amach in Éirinn leis an gcnuastéip 3CAG (2018). Táid tar éis a gcumas chun geabaireacht gasta a scaoileadh thar grime agus stíleanna eile dordcheoil a chur lena n-armlann seachas bheith ag plé le búm-bap na Meiriceánach amháin. 

Fiú mura n-eiseoidís amhrán eile go brách tá éacht déanta acu. 

Pictiúr: Ealaín chlúdaigh Fine Art le Kneecap.

Ó am go céile castar duine óg orm a deir gur mhúscail bithiúnaigh Bhéal Feirste a spéis sa Ghaeilge agus neamhaird déanta acu di is iad ar scoil. Is fíor, leis, go dtuigeann na mílte daoine ar fud na cruinne nár chuala trácht ar an nGaeilge cheana go bhfuil ann don teanga. 

Ná déanaimis talamh slán de na rudaí seo – tá an chuma air go bhfuil rudaí bainte amach ag general hoods who like to get pissed (‘Fine Art’) nár éirigh le fir mheánaosta gléasta i seaicéid bhréidín a dhéanamh. Agus más ceardaithe críochnaithe iad Kneecap ar chruthú agus ar chothú na conspóide is minic dearfacht agus teachtaireacht fhrith-chogaidh nó fhrith-sheicteach croí a gcuid cainte.

Ach dáiríre, a chara, ar cheap éinne againn cúig bliana ó shin go mbeadh spéis ag lipéad Sasanach mór mar Heavenly Records i ngrúpa a bhíonn, fós, ag rapáil i nGaeilge go príomha? 

Is iad céadlínte Mo Chara ar an albam Fine Art, “Éist liom, ná tar chugam le do chuid smaointí, ná déan anailís ar mo chuid líntí”. Ní bhainfidh sin siar do léirmheastóirí Rolling Stone nó NME mar ní thuigfidh siad pioc de. N’fheadar mé conas a dhéanfaidh siad ciall de Fine Art in aon chor, agus sin cuid de dhraíocht an ghrúpa seo. Cíorfar an cheist in PhDanna amach anseo, is dócha.

Grianghraf: Kneecap (Mo Chara, Móglaí Bap, DJ Provaí) don albam Fine Art (2024).

Saothar iontach fuinniúil é Fine Art  – turas ceart d’albam coincheapúil. Suite i dteach tábhairne dá samhlú féin, The Rutz, tugann idirthraicanna spraíúla gáirsiúla ó phort go port sinn. 

Slí an-éifeachtach í chun bogadh ó ábhar go hábhar agus ó stíl go stíl gan tuairt a bhaint as an éisteoir. 

Is é Toddla T a léirigh an saothar. Fear maith é chun cruth an phopcheoil a chur ar speictream an dordcheoil, agus duine a bhfuil bua ar leith aige blas agus stíl an cheoil a chur in oiriúint do bhrí agus mothúcháin na liricí. 

Cuireann sé seo go mór le gluaiseacht an albaim.

Éist leis an mbuille 4/4 a sheolann an singil ‘Fine Art’ i dtreo na bhflaitheas leath slí tríd is tuigfidh tú cad ata i gceist agam. Tá fuaim réabh ‘Parful’ le moladh freisin. Is é an t-aon amhrán ar Fine Art atá canta i mBéarla amháin, nach mór  – rud a bhfuil ciall leis sa mhéid is go mbaineann téama an amhráin leis an gcur síos a dhéanann an clár faisnéise ‘Dancing On Narrow Ground’ ar an nós a bhíodh ag daoine óga ón bpobal Caitliceach agus ón bpobal Protastúnach teacht le chéile i mbun réabhála mar threabh amháin i gclubanna ar nós Kelly’s i bPort Rois siar sna 90idí. 

Má tá gearán beag le déanamh agam faoi obair Toddla T is é faoin úsáid a bhain sé as rif mhór an phoirt ‘Cubik’ le 808 State ar ‘I bhFiacha Linne’ – rud atá go breá ach gur bhain Bob Vylan feidhm as an rif chéanna ar an amhrán ‘Take That’ in 2022. Port iontach brúidiúil é mar sin féin.

Grianghraf: Kneecap leis an albam Fine Art.

D’fhéadfadh Huartan a bheith freagrach as céadphort an albaim, ‘3CAG’, ach is í Radie Peat as Lankum a chan seachas Miadhachlughain O’Donnell agus Catriona Ní Ghribín. Scuabann ‘I’m Flush’ ar aghaidh sinn ar thonn de cheol druma is dord ar maos le spiorad trodach an cheoil phunc-rac.

Cé nach rabhas róthógtha le fuaim mhilis UKG ‘Love Making’ nuair a eisíodh é mar shingil le déanaí tá blas ar ghlór mhín Nino taobh le roinnt de na poirt gharbha eile. 

Beidh tú sna trithí gáire le racht ráiméiseach an hipí ar an ‘Drug Dealin Pagans’ aerach (n’fheadar cé leis an nglór?), tá ‘Rhino Ket’ go diail (sineirge bhreá idir an ceol agus na liricí arís ag Toddla T anseo) agus cuireann ‘Way Too Much’, le curfá grianmhar canta ag cór, clabhsúr spreagúil dearfach le halbam eachtrúil atá lán de só is anó.  

Tá gaisce déanta ag na buachaillí. Níl albam ar bith cosúil le Fine Art ar domhan. Ní bheidh aon stop leo anois.

The post Tá éacht déanta ag Kneecap leis an albam úr ‘Fine Art’ appeared first on NÓS.

Níos mó