Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tar-liom-go-glas-na-mi-–-agus-tog-paraiceiteamol!

Tar liom go Glas na Mí – agus tóg paraicéiteamól!

| conor torboid | ,

Tá deireadh tagtha ar Fhéile na Gealaí 2024 agus tá na Gaeil ag teacht chucu féin arís (tá súil agam). Féile iontach a bhí ann i mbliana le togha agus rogha na gceoltóirí, bia blasta, aimsir a raibh gach claochlú uirthi, agus cloigne nimhneacha.

Muna raibh an deis agat ruathar a thabhairt faoi An Bradán Feasa i Ráth Chairn ag an deireadh seachtaine, seo thíos na rudaí is iontaí a chaill tú (agus nach gcaillfidh tú ar an bhliain seo chugainn, OK?)

Joy Dunlop

Thug Joy Dunlop cúpla ceacht sa Típí ar cheol Gàidhlig na hAlban tráthnóna Sathairn. Caoineadh a bhí i gceist le ceann de na hamhráin a theagasc sí don scaifte ach ní raibh an greann in easnamh óir d’aithin Joy go raibh an brón, tubaiste, agus an bás mar phríomhthéamaí an dá thír ina gcuid ceoil.

An Bia

Ní dheachaigh duine ar bith gan bhia ag Féile na Gealaí ach oiread. Thug The Flavoursmyth blaiseadh beag salach de na sceallóga curraithe nó an burgar sicín. Dá mba phíotsa a bhí uait, bhí PIMT & Co. ansin leis na ciorcail cháisiúla nó babhlaí açaí don mhilseog fiú.

Ní féidir liom dearmad a dhéanamh na crêpes ó Food@Events a lua. Má tá tú cosúil liomsa, bíonn dúil bhocht agat sna rudaí milse nuair atá cúpla smailc bainte agat ón chnáib.

Rothaithe Ride for Gaza

Cuireadh fáilte mhór roimh Ainle Ó Cairealláin agus Stíofán Ó Luchráin a bhí ag rothaíocht ar fud na hÉireann ó Bhéal Feirste go Contae na Mí chun airgead a thiomsú don Phalaistín. Bhain an bheirt rothaithe Ráth Chairn amach tráthnóna Aoine i ndiaidh dóibh stopadh i Sligeach, Conamara, Luimneach agus tuilleadh eile.

Thug siad óráid chumhachtach ar chruachás na bPalaistíneach agus na gníomhartha atá á ndéanamh ag daoine chun troid ina leith.

Grooveline

Ní féidir mórán a rá faoi Grooveline seachas funcaí, funcaí, funcaí. Thug siad cur i láthair spleodrach oíche Aoine inar léirigh siad go soiléir an fáth a bhfuil groove san ainm acu.

Níorbh fhéidir an lucht féachana a shocrú nuair a chuir siad deireadh leis an seó le meascán tiúineanna funcaíáilte, ‘100 Years of Funk.’ Ba cheart súil ghéar a choinneáil ar an bhanna sna blianta amach anseo. Tá rudaí móra i ndán dóibh.

Clann Mhic Corraidh

Chuir Clann Mhic Corraidh tús bríomhar leis an fhéile Dé Sathairn agus scoth an tradcheoil á bhualadh acu. Chruinnigh an lucht éisteachta ar na binsí os comhair an ardáin chun cúpla canna a ól agus cúpla steip a dhéanamh.

Chuir an grúpa fuadar faoi chosa na n-éisteoirí agus iad ag damhsa leo faoi sholas na gréine.

The Shan Vans

Thug The Shan Vans seó iontach tráthnóna Sathairn nuair a mheall siad lucht na féile chun ardáin. Dúirt príomhamhránaí an bhanna, Jake: 

“Beidh deis  againn dul ar an stáitse anocht agus a bheith ag screadaíl ar son na Palaistíne. Tá slad iomlán agus cinedhíothú á dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne le 76 bliain anuas agus tá muid ag dul a bhaint úsáid as an ardán anocht chun an díchoilíniú a thabhairt go lár an aonaigh.”

Chuir siad tús le leagan Gaeilge de ‘Fisherman’s Blues’ le The Waterboys sular lean siad leo lena gcéad dá shingil, ‘Inside’ agus ‘This Is Our Religion.’

Chríochnaigh an seisear le cur i láthair spraíúil de ‘Seven Nation Army’ le The White Stripes, ar athraigh siad na liricí ann chun fáilte a chur roimh mhuintir Ráth Chairn agus na cuairteoirí, agus lena dtríú singil atá le heisiúint go fóill, ‘An tSeanbhean’, in ómós don Phalaistín.

Oireachtas na Gealaí

Chualathas ceol binn ar an tsean-nós ar chúl an tí in An Bradán Feasa Dé Sathairn d’Oireachtas na Gealaí. Chuir beirt fáilte roimh an lucht féachana le casadh na fidle sular thug cailín óg as Conamara faoin ardán chun amhrán galánta ar an tsean-nós a chanadh.

Bhí deis ag an lucht éisteachta páirt a ghlacadh le leagan (measartha) muiníneach de ‘Trasna na dTonnta’ agus chan siad leo go raibh tonnta ag teacht as na gloiní beorach!

Huartan

Bhí an deis agam labhairt le Catriona Ní Ghribín sular chuir Huartan athbhrí sa Phágántacht oíche Shathairn lena seó anamúil ildaite.

“Tá Huartan ar bís. Ní fhaca muid Stephen le cúpla seachtain anuas agus é ar shiúl ag rothaíocht. Beidh muid ar an ardán ag a 20:00 le chéile, aghaidheanna lán smididh, agus beidh Clare Sands ag seinm cúpla tiúin linn fosta.”

Chas an grúpa mistéireach a gcuid singlí, ‘Bean Údaí Thall’ agus ‘Fiáin’ a thóg racht scréachaí (den dea-chineál) sa lucht féachana le ráiteas cumhachtach ón ghrúpa agus bratacha na Palaistíne ar foluain ar fud an ardáin: “Gach uile bhliain, téann polaiteoirí na hÉireann go dtí an Teach Bán chun lámha a chroitheadh leis an Diabhal é féin.”

Jiggy

Chun deireadh chur leis an fhéile i mbliana, bhí Jiggy. Cé go raibh an oiread rudaí éagsúla aisteacha feicthe agam an deireadh seachtaine seo, ní raibh mé ag súil le cad a bhí i gceist le Jiggy.

Thosaigh siad amach le tradcheol fuinniúil, chomh fuinniúil sin go raibh bogha an fhidléara ag teacht as a chéile. Bhí an cur i láthair seo go hiontach ach is nuair a thosaigh siad ag meascadh ceol clasaiceach de chuid na hIndia agus amhránaíocht scornaí de chuid na Mongóile le ceol traidisiúnta na hÉireann a thosaigh an spraoi ceart.

Bhí sé go hálainn, bríomhar, suimiúil. Thar aon ní eile, bhí sé dochreidte agus deireadh ceart ar an fhéile a bhí ann go cinnte.

Is cinnte go mbeidh achan duine ag súil leis an fhéile ar an bhliain seo chugainn agus ní mhaím sin orthu ach, don am i láthair, scíste. Anois, cá’l na piollairí sin?

The post Tar liom go Glas na Mí – agus tóg paraicéiteamól! appeared first on NÓS.

Níos mó