Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
torthai-thoghchan-na-heorpa-agus-an-aeraid-–-osna-faoisimh,-ach-cupla-fainic-leis

Torthaí thoghchán na hEorpa agus an aeráid – osna faoisimh, ach cúpla fainic leis

| Alex Hijmans | ,

AN SAOITHÍN AERÁIDE: d’fhéadfadh torthaí thoghchán na hEorpa a bheith níos measa don aeráid agus don timpeallacht, a deir ár gcolúnaí, ach tá sé deacair na himpleachtaí ar fad a mheas go fóill

Torthaí thoghchán na hEorpa agus an aeráid – osna faoisimh, ach cúpla fainic leis

Anois agus torthaí thoghchán na hEorpa istigh tá an Saoithín Aeráide ag iarraidh tátal a bhaint astu: céard iad na himpleachtaí don aeráid agus don timpeallacht?

An chéad rud a rith leis ná osna faoisimh a ligean, osna faoisimh ach cúpla aguisín léi.

Is ea, ní raibh an bogadh i dtreo na heite deise chomh láidir sin agus a bhí á thuar sna laethanta roimh an toghchán, agus is ea, léiríonn na torthaí go bhfuil tacaíocht láidir ag páirtithe an láir i gcónaí, polasaithe aeráide na bpáirtithe sin san áireamh, rud a chiallaíonn go bhfuil an chuma ar an scéal go gcloífear lena bhfuil aontaithe ar bhonn Eorpach cheana féin: laghdú 55% ar astuithe CO2 faoin mbliain 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh an charbóin de faoin mbliain 2050.

Ag an am céanna, léirigh an titim a bhí ar thacaíocht na bpáirtithe glasa éagsúla ar fud na hEorpa agus an fás a bhí ar pháirtithe áirithe nach bhféadfaí a thabhairt orthu ach páirtithe frithaeráide agus frith-thimpeallachta (dhá shuíochán gnóthaithe ag páirtí úrnua, Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB) san Ísiltír, mar shampla) nach n-aontaíonn chuile vótóir leis na spriocanna aeráide agus timpeallachta atá aontaithe cheana féin, ná baol air, agus go bhféadfadh sé a bheith níos deacra amach anseo tógáil ar a bhfuil bainte amach go dtí seo, nó iarracht a dhéanamh na spriocanna atá aontaithe cheana féin a bhaint amach níos luaithe.

An deacracht is mó, seans, agus impleachtaí thorthaí an toghcháin Eorpaigh don aeráid agus don timpeallacht á meas, ná nach bhfuil dearcadh iontach soiléir ar chúrsaí aeráide agus timpeallachta ag cuid mhór de na páirtithe ar an eite fhíordheis a raibh fás orthu sa toghchán seo.

Níl polasaithe aeráide ná timpeallachta soiléire ag an bpáirtí Eorpach ‘Féiniúlacht agus Daonlathas’, mar shampla, páirtí a mbeidh 58 suíochán acu sa pharlaimint, naonúr sa bhreis ar an líon a bhí acu. Lena chois sin, d’fhéadfadh sé fós go bhfágfadh páirtithe náisiúnta an scáthpháirtí Eorpach lena mbaineann siad agus go rachadh siad isteach i ngrúpa eile, nó go mbunófaí scáthpháirtithe Eorpacha nua.

Aisteach go leor, tá splanc dóchais don timpeallacht ar na bacáin nach mbaineann leis an toghchán Eorpach ach leis an olltoghchán a bhí sa Pholainn i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Is é an chaoi gur caitheadh i dtraipisí i mí Mhárta na bliana seo reachtaíocht Eorpach a bhí nach mór aontaithe a chinnteodh go mbeadh an nádúr i réim arís in 20 faoin gcéad d’achar talún agus mhara an Aontais Eorpaigh; baineadh an reachtaíocht sin den chlár plé nuair ba léir nach mbeadh móramh ann di sa Chomhairle Eorpach.

Dealraíonn sé anois go bhfuil athrú intinne maidir leis an reachtaíocht sin sa Pholainn agus go bhfuil an tír sin, ar tháinig comhrialtas de chuid an láir i gcomharbacht ar chomhrialtas de chuid na heite fíordheise inti, go bhfuil an tír sin anois i bhfabhar na reachtaíochta, rud a chiallódh go mbeadh móramh ann di sa Chomhairle Eorpach.

Tá an reachtaíocht curtha ar ais ar chlár plé na Comhairle Eorpaí ag cathaoirleach na Comhairle, an Bheilg, agus beidh vóta fúithi an tseachtain seo chugainn, ar an 17 Meitheamh.

Níos mó