Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cad-e-mar-a-eireoidh-leis-na-hiarrthoiri-nua-i-bhfear-manach-&-tir-eoghain-theas?

Cad é mar a éireoidh leis na hiarrthóirí nua i bhFear Manach & Tír Eoghain Theas?

Agus Olltoghchán Westminster ag teannadh linn, seo roinnt de na toghcheantair is suimiúla ar chóir dúinn uilig breathnú orthu nuair atá uair mharbh na hoíche ann ar an Aoine. 

Luaigh mé in alt a scríobh mé roimhe seo na mórcheisteanna a bhaineann leis an toghchán seo. Ach má tá tú i d’fhíor-shaoithín polaitíochta cosúil liomsa, seo chugaibh na háiteanna a mbeidh súil ghéar á coinneáil agamsa orthu. 

Is fiú dom a lua gur tháinig athruithe ar theorainn roinnt de na toghcheantair mar gheall ar an Athbhreithniú Thréimhsiúil de Thoghcheantair Westminster 2023. Cén tionchar a bheidh acu? Beidh le feiceáil.

Fear Manach agus Tír Eoghain Theas

Ceann de na toghceantair is suimúla san olltoghchán i gcoitinne. Bhain Michelle Gildernew an suíochán in 2019 le 57 vóta níos mó ná Tom Elliott ón UUP. Ní hé sin an tromlach is lú i stair an toghcheantair seo ach an oiread. In 2010 bhuaigh Michelle Gildernew in éadan Rodney Connor gan ach 4 vóta eatarthu. 

Is iad Dún Geanainn agus Inis Ceithleann na príomhbhailte sa toghcheantar. Tá An Port Mór anois mar chuid den toghcheantar agus ciallaíonn sé sin luíonn an teorainn ar imeall Chathair Ard Mhacha. Ar an taobh eile, bogadh Cill na mBan ag deireadh an M1 go Ceantar Lár Uladh. 

Tá stair an-suimiúil ar fad bainteach leis an toghcheantar. Ní hamháin gur toghchán crua a bhíonn ann i gcónaí, ach in 1981 bhain Bobby Sands an suíochán mar iarrthóir Frith-H-Bhloc. Bhain Sands in éadan Harry West UUP, agus ní raibh ach an bheirt acu san iomaíocht sa toghchán sin. Bhain Sands le tromlach 1,447. Fuair Sands bás 26 lá tar éis sin ar stailc ocrais. Ritheadh reachtaíocht go gasta ina dhiaidh sin le cosc a chur ar chimí atá ag caitheadh seal níos mó ná 12 mhí sa phríosún seasamh i dtoghcháin Parlaiminte. 

San fhothoghchán in 1981, bhain Owen Carron mar iarrthóir Frith-H-Bhloc, agus ar son Sinn Féin i bhfothoghchán na bliana dár gcionn. Ó shin d’aistrigh an suíochán idir an UUP agus Sinn Féin, agus bhí sé ag Sinn Féin ó 2001 go 2015 agus bhain siad arís é in 2017. 

Pictiúr: Teorainn an toghcheantair mar atá sí faoi láthair.

Rud a bheidh an-suimiúil an t-am seo áfach ná nach bhfuil Michelle Gildernew ag seasamh ar son Sinn Féin. Chuir Sinn Féin chun tosaigh í i dtoghcheantar an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt sa toghchán Eorpach. B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh nach nglaofadh Rishi Sunak toghchán chomh luath seo i mbliana. Ar an drochuair do Sinn Féin agus Michelle Gildernew, níor éirigh léi sa toghchán Eorpach. 

Tháinig na ceisteanna láithreach nuair a glaodh toghchán, cé a bheidh ag seasamh ar son Sinn Féin? Tháinig Sinn Féin aniar aduaidh orainn ar fad agus d’fhógair siad Pat Cullen mar iarrthóir sa toghcheantar. Sheas sí siar óna ról mar Phríomfheidmeannach Choláiste Ríoga an Altranais (RCN), ceardchumann a raibh sí ina cheannaire air agus iad i mbun stailc náisiúnta. Beart gaoiseach ó Sinn Féin agus iad ag iarraidh an suíochán is mó idir dhá cheann na meá san olltoghchán seo a choinneáil.

Níl aon chomhaontú i measc na bpáirtithe Aontachtacha, ach níl an DUP nó TUV san iomaíocht sa toghcheantar seo agus é chomh crua sin. Tá an UUP ag cur Diana Armstrong chun tosaigh don toghcheantar. Is comhairleoir áitiúil de chuid an pháirtí í Diana. B’fhéidir nach bhfuil próifíl chomh mór céanna aici agus atá ag Pat Cullen, nó an phróifíl a bhí ag Tom Elliott fiú, iar-MP don toghcheantar agus an fear a thug toghchán crua do Michelle Gildernew an t-am deiridh. 

 

Ach tá sí ar an chomhairle le 8 mbliana anuas agus chaith sí seal mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar an chomhairle. Chomh maith leis sin, is é Harry West a hathair. Sheas seisean in éadan Bobby Sands sa toghchán sin thiar in 1981, agus bhí mar MP don toghcheantar chomh maith leis a bheith mar cheannaire ar an UUP idir 1974 agus 1979.

Sa toghcheantar seo beidh Gerry Cullen (Labour Alternative), Carl Duffy (Aontú), Eddie Roofe (Páirtí na Comhghuaillíochta), agus Paul Blake (SDLP) san iomaíocht chomh maith.

Ní féidir leat a bheith cinnte leis an toghcheantar seo, agus ní bheadh a fhios againn go moch maidin Dé hAoine. Beidh anailís eile á déanamh ar Bhéal Feirste Thoir agus ar Ghleann an Lagáin roimh an Olltoghchán Déardaoin.

The post Cad é mar a éireoidh leis na hiarrthóirí nua i bhFear Manach & Tír Eoghain Theas? appeared first on NÓS.

Níos mó