Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
plean-macron-imithe-in-abar,-dul-chun-cinn-mor-deanta-ag-an-eite-fhiordheis-sa-fhrainc

Plean Macron imithe in abar, dul chun cinn mór déanta ag an eite fhíordheis sa Fhrainc

| tuairisc | ,

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Rassemblement National Marine Le Pen go maith chun cinn mar an páirtí is mó sa tionól náisiúnta

Plean Macron imithe in abar, dul chun cinn mór déanta ag an eite fhíordheis sa Fhrainc

Tá dul chun cinn mór déanta ag eite dheis an-fhada amach sa Fhrainc agus 33.4% den vóta faighte ag Rassemblement National Marine Le Pen sa chéad bhabhta vótála sa toghchán parlaiminte.

Fágann an dul chun cinn sin  go bhféadfadh go dtoghfaí sa dara babhta vótála Dé Domhnaigh seo chugainn rialtas ar an eite fhíordheis den chéad uair riamh sa Fhrainc.

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Rassemblement National go maith chun cinn mar an páirtí is mó sa tionól náisiúnta nuair a bheidh deireadh déanta.

Seo an chéad uair gur éirigh le páirtí Le Pen níos mó ná 20% de vótaí a fháil i dtoghchán parlaiminte.

Tháinig cinneadh Emmanuel Macron, uachtarán na Fraince, toghchán obann a ghairm i ndiaidh na dtoghchán Eorpach aniar aduaidh ar chách, ach is cosúil go bhfuil a phlean imithe in abar.

Sa tríú háit a tháinig comhghuaillíocht Macron, Renaissance, le 21% den vóta.

An chomhghuaillíocht ar an eite chlé, an Nouveau Front Populaire, a tháinig sa dara háit le 27.9%.

Toghadh ina bhfeisirí parlaiminte sa chéad bhabhta vótála 76 iarrthóir ar éirigh leo níos mó ná leath de na vótaí a fháil ina dtoghcheantair agus cuireadh as an áireamh na hiarrthóirí go léir a fuair níos lú ná 12.5% den vóta.

Dé Domhnaigh seo chugainn beidh vóta réitigh do gach ceann de na  501 suíochán eile.

Dúirt Marine Le Pen go raibh a gcuid ráite go daonlathach ag an bpobal  agus go raibh comhghuaillíocht Macron’s “nach mór scriosta ar fad”.

Ach ní léir an mbeidh Rassemblement National ábalta dóthain vótaí a fháil Dé Domhnaigh seo chugainn chun smacht iomlán a fháil ar an Assemblée Nationale.

Tá comhcheannaire Rassemblement National, Jordan Bardella, ag súil le bheith ina Phríomh-Aire, ach tá Macron agus ceannairí na bpáirtithe ar an eite chlé ag impí ar dhaoine vótáil go teaicticiúil chun móramh glan a chosc ar an bpáirtí ar an bhfíordheis.

Chaith líon níos mó daoine vóta sa chéad bhabhta ná aon toghchán parlaiminte ó 1997. 69.7%, de dhaoine a bhfuil cead vótála acu a chaith vóta, 20 pointe céatadáin níos airde ná 2022.

Ar an gcostas maireachtála agus ar cheist na hinimirce atá Rassemblement National dírithe cuid mhaith le tamall. Tá iarracht mhór á déanamh ag Marine Le Pen maolú a dhéanamh ar an íomhá atá ag an bpáirtí a bhunaigh a hathair gur dream radacach ciníoch ar an bhfíordheis iad. Ach chinn Comhairle Stáit na Fraince i i mbliana go bhféadfaí a áitiú gur páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis atá i bpáirtí Le Pen.

Deir Jordan Bardella go ngearrfadh sé siar go mór ar an leas sóisialta a bhíonn ar fáil d’inimircigh agus go bhfaigheadh sé réidh leis an gceart gan cheist ar shaoránacht Fhrancach atá ag páistí ar rugadh thar lear a dtuismitheoirí.

Deir sé chomh maith go gcuirfeadh sé bac ar Fhrancaigh a bhfuil dénáisiúnacht acu postanna tábhachtacha áirithe a fháil.

Tá maolú déanta ag an bpáirtí i leith polasaithe eile dá gcuid. Níl tús áite a thabhairt níos mó dá n-éileamh ar chosc ar sheáilín a chaitheamh in áiteanna poiblí, ní bhíonn siad ag tacú leis an Rúis mar a bhíodh agus tá deireadh curtha lena gcuid cainte faoin Aontas Eorpach a fhágáil. I bParlaimint na hEorpa tá iarracht déanta acu iad féin a dhealú ó pháirtithe eile ar an eite fhíordheis amhail Alternative für Deutschland  na Gearmáine.

577 suíochán atá san assemblée nationale agus 289 suíochán atá ag teastáil do mhóramh iomlán. Ní raibh sa tionól deireanach ag comhghuaillíocht Macron ach 250 suíochán rud a d’fhág go raibh fúthu tacaíocht a fháil ó pháirtithe eile aon uair ar theastaigh uathu dlí nua a thabhairt isteach.

Níos mó